Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Cuir aithne ar an mBord

Dé Máirt, an 8 Samhain 2016

D’fhógair an Tánaiste agus an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Frances Fitzgerald, T.D., go gceapfar Bord um Chúnamh Dlíthiúil nua ag a mbeidh téarma oifige a fhad leis an 1 Samhain 2021. Chuaigh téarma oifige an Bhoird a bhí ag dul as oifig in éag le déanaí. Ar aon dul le beartas an Rialtais, déileáladh leis na ceapacháin trí thairseach na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, www.stateboards.ie.

Is é an tUasal Philip O'Leary, aturnae, agus páirtí le hAturnaetha FitzGerald, Corcaigh, an Cathaoirleach. Is iad na comhaltaí eile a ceapadh leis an mBord:

  • Anne-Marie Blaney, Aturnae, ionadaí foirne an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil
  • Thomas Brennan, Cuntasóir Cairte
  • Deirdre Burke, Aturnae
  • David Gilbride, Oifigeach den Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais
  • Nuala Jackson, Abhcóidé Sinsearach Gordon Jeyes, Iar-Phríomhfheidhmeannach Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach
  • Maurice Lawlor, Oifigeach an Aire Coimirce Sóisialaí
  • Freda McKittrick, Stiúrthóir Cúnta, Barnardos,
  • Ellen O'Malley Dunlop, Iar-POF, Ionad Éigeandála um Éigniú Bhaile Átha Cliath; Ollamh Taca, Scoil Dlí Ollscoil Luimnigh Michael O'Connell, ionadaí foirne an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil
  • Evelyn O'Connor, Oifigeach an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

Nuair a bhí an fógra á dhéanamh ag an Tánaiste, dúirt sí an méid a leanas: “Is rídheas liom go bhfuil daoine atá chomh mór le rá toiliúil chun tabhairt faoin tseirbhís phoiblí seo. Is iomaí dúshlán atá amach romhainn don Bhord um Chúnamh Dlíthiúil nua seo, an scéim nua a sholáthar chun cabhrú le daoine a bhfuil riaráistí morgáiste acu maidir lena dteach chun rochtain a fháil ar chomhairle neamhspleách shaineolach airgeadais agus dlí, agus an fhreagracht as an scéim reachtúil um Chúnamh Dlíthiúil a aistriú chuig an mBord, ina measc. Tá muinín agam go gcuirfidh comhaltaí nua an Bhoird a scileanna agus a dtaithí shuntasach leis an obair thábhachtach seo.”

Mar fhocal scoir, dúirt an Tánaiste, “Is mian liom buíochas a ghlacadh le baill an Iar-Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil as ucht a rannchuidithe ollmhóir. Is mian liom buíochas a chur in iúl, ach go háirithe, don Chathaoirleach, Muriel Walls, as ucht a ceannaireachta, a tiomantais agus a dúthrachta gan staonadh d’obair an Bhoird. Chabhraigh gach duine de na baill lena chinntiú gur comhlacht éifeachtach agus ar a léirítear meas a bhíonn sa Bhord um Chúnamh Dlíthiúil i gcónaí a bhfuil ar a chumas leanúint lena dhea-obair gan stró”.