Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Saoráil Faisnése

Eolas maidir le Saoráil Faisnéise Rialaíonn an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 rochtain ar fhaisnéis atá i seilbh ag comhlachtaí Stáit, an Bord um Chúnamh Dlíthiúil san áireamh.

Foráiltear sa reachtaíocht Shaoráil Faisnéise go bhfuil na cearta dlíthiúla seo a leanas ag gach duine:

  • an ceart teacht ar thaifid oifigiúla atá i seilbh ag Ranna Rialtais nó comhlachtaí eile poiblí atá liostaithe san Acht,
  • an ceart go ndéanfar leasú nó uasdátú ar fhaisnéis phearsanta a gcoimeádtar fúthu, áit a bhfuil sí neamhiomlán, mícheart nó míthreorach; agus
  • an ceart go dtugtar dóibh na fáthanna a bhaineann le cinneadh ar bith arna dhéanamh ag comhlacht phoiblí, má théann an cinneadh sin i bhfeidhm orthu.  

I gcás mionaoisigh nó duine faoi mhíchumas, féadann tuismitheoir nó caomhnóir leas a bhaint as na cearta seo a bhaineann le rochtain ar thaifid, leasú a dhéanamh ar fhaisnéis phearsanta nó ráiteas fáthanna a fháil maidir le cinneadh; nó féadann neasghaol nó ionadaí pearsanta leas a bhaint as na cearta i gcás duine mhairbh (faoi réir treoirlínte arna bhfoilsiú ó am go ham ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe).

Is é a chiallaíonn na cearta seo ná gur féidir rochtain a lorg ar fhaisnéis phearsanta ar bith atá i seilbh an Bhoird, beag beann ar aimsir a cruthaithe, agus is féidir rochtain a lorg ar aon taifid eile arna gcruthú ag an mBord tar éis 21 Aibreán 1998. Bronnadh stádas comhlacht forordaithe ar an mBord ar 1 Meitheamh 2002, de réir an Achta um Shaoráil Faisnéise

Tuilleadh eolais faoi conas iarratas a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014

Gnáthfhaisnéis

Mar ghnáthnós, cuireann an Bord faisnéis ar fáil don phobal maidir le feidhmeanna agus gníomhaíochtaí dá chuid. Tá an fhaisnéis sin ar fáil go neamhfhoirmiúil, gan aon ghá leas a bhaint as an reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise agus is féidir teacht go héasca uirthi siúd ar an suíomh Gréasáin seo.

Is é cuspóir an Achta um Shaoráil Faisnéise rochtain an phobail a cheadú ar fhaisnéis a bhíonn i seilbh ag comhlachtaí poiblí agus nach mbíonn teacht uirthi trí fhoinsí eile de ghnáth. Tá rochtain ar fhaisnéis faoi réir díolúintí áirithe agus baineann nósanna imeachta agus teorainneacha ar leith ama léi freisin.

Athbhreithniú agus achomharc

Déantar foráil san Acht um Shaoráil Faisnéise  le haghaidh athbhreithnithe inmheánach  a ndéantar faoin Acht chomh maith le hachomhairc chun Oifig an Choimisinéara Faisnéise. Tuilleadh eolais faoi athbhreithniú agus achomhairc.

Táillí

Is mar seo a leanas a leagtar amach na táillí a bhaineann le hiarratais ar Shaoráil Faisnéise san Acht um Shaoráil Faisnéise 2014:-

Taifid phearsanta: ní bhaineann táille ar bith nuair is iarratas ar fhaisnéis phearsanta faoin iarratasóir atá i gceist (ach amháin, má bhaineann deonú na faisnéise sin le líon suntasach taifead; i gcás mar sin, caithfear acmhainn an iarratasóra a chur san áireamh). Ní bhaineann táille iarratais ar bith le hiarratas ar athbhreithniú inmheánach.

Faisnéis neamhphearsanta: ní bhaineann táille ar bith áit a mbíonn an costas iomlán maidir le Cuardach, Aisghabháil agus Cóipeáil/Search, Retrieval and Copying (SRC) €100 nó níos lú (5 uair an chloig ag €20 san uair). Áit a mbíonn an costas measta (SRC) níos mó ná €100, bíonn táillí iomlána i gceist le haghaidh an ama ar fad a bhaineann leis an iarratas. Cuirtear uasteorainn €500 ar mhéid na dtáillí SRC is féidir a ghearradh. Anuas ar sin, is ann d’uasteorainn €700 ar tháillí measta SRC (35 uair an chloig): má cheaptar go mbainfidh táillí níos mó ná seo le hiarratas, féadann an Bord a phróiseáil a dhiúltú. De rogha air sin agus le haontú an iarratasóra, féadann an Bord cinneadh a dhéanamh iarratas mar seo a phróiseáil ach go mbainfeadh táillí SRC iomlána gan teorainn lena leithéid. D’fhéadfadh táillí eile a ghearradh chomh maith (4c an bhileog le haghaidh fótachóipeála; €10 ar CD-ROM a bhfuil cóip de na doiciméid air; €6 le haghaidh radagraif). Ní ghearrfar táille ar bith maidir leis an am a chaitheann an Bord ag plé le hiarratais; agus  

Athbhreithniú inmheánach ar chinntí a bhaineann le faisnéis neamhphearsanta: d’fhéadfaí táille €30 a ghearradh freisin (€10 le haghaidh sealbhóirí cárta leighis).

Áit a gceaptar go mbeidh an táille mheasta SRC €101 nó níos mó, bíonn ar an iarratasóir éarlais 20% ar a laghad den táille mheasta sin a íoc. Is éigeantach an táille SRC a ghearradh sna cúinsí seo. I gcás mar seo, déanfaidh an Bord gach iarracht cabhrú leis an iarratasóir an t-iarratas a leasú ar mhaithe le méid an éarlais a laghdú nó a scriosadh ar fad.

An Scéim Foilsitheoireachta

Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, tá dualgas reachtúil ar an mBord scéim a ullmhú agus a fhoilsiú ar a shuíomh Gréasáin faoi 14 Aibreán 2016. Tá eolas maidir leis an mBord agus a chuid feidhmeanna le bheith sa scéim sin, mar aon le heolas faoin bhfaisnéis agus taifid a chuirfidh an Bord ar fáil go ginearálta, chomh maith le heolas faoin bhfaisnéis agus taifid a chuireann sé ar fáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Caithfidh scéim fhoilsitheoireachta an Bhoird a bheith ar aon dul le múnla na scéime foilsitheoireachta a d’fhoilsigh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Mar sin, déantar é a chinntiú go gcuireann an Bord agus comhlachtaí poiblí eile eolas ar fáil ar mhodh comhionann agus comhsheasmhach, agus go bhfoilsítear an méid is mó eolais agus is féidir ar bhonn rialta. Maidir leis an scéim foilsitheoireachta, ní mór eolas a chur ar fáil faoi na ceannteidil seo a leanas:

  1. Eolas maidir leis an mBord
  2. Na seirbhísí a chuirtear/chuirfear ar fáil don phobal
  3. An próiseas cinnteoireachta le haghaidh tograí mórbheartais
  4. Faisnéis airgeadais
  5. Soláthar, agus
  6. Logleabhar nochta faoin Acht um Shaoráil Faisnéise agus eolas eile a fhoilsítear go rialta.

Níl na comhaid seo ar fáil ach amháin in Portable Document Format (PDF). Ta gá le bogearraí Adobe® Acrobat® Reader® chun teacht orthu. Féadtar cóip saor in aisce de Adobe® Acrobat® Reader® a íoslódáil ón suíomh Gréasáin seo Adobe® website

Lámhleabhar Nósanna Imeachta Riaracháin – An 10ú Eagrán - Eanáir 2016

Lámhleabhar Nósanna Imeachta Idirghabhála Teaghlaigh – An 1ú Eagrán – Deireadh Fómhair 2014

Ciorclán - Seirbhísi Dlíthiúil - Lúil 2016 - Eagrán 9

Naisc Áisiúla maidir le Saoráil Faisnéise

Tabhair do d’aire go dtógfar chuig suíomhanna Gréasáin sheachtracha tú má chliceálann tú ar na naisc seo. Bain úsáid as an gcnaipe siar ar do bhrabhsálaí chun filleadh ar shuíomh Gréasáin an Bhoird un Chúnamh Dlíthiúil.

An tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014

An Láraonad Polasaí um Shaoráil Faisnéise

Oifig an Choimisinéara  Faisnéise