Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Táscaire Incháilitheachta Airgeadais Ar Líne

Is leagan níos simplí den tástáil acmhainne a dhéantar in ionaid dlí an Bhoird atá sa táscaire ar líne seo. Ní féidir leis an táscaire seo incháilitheacht airgeadais i gcomhair seirbhísí dlí a ráthú, os rud é nach seiceálann sé ach ioncam indiúscartha. Ní fheidhmíonn sé ach mar threoir amháin. D’fhéadfadh sé go dtógfaí luach sócmhainní caipitil indiúscartha san áireamh freisin le linn measúnú ar iarratas ar sheirbhísí dlí. Féachann an Bord ar fhiúntais cáis freisin roimh dóibh cinneadh a dhéanamh ionadaíocht a chur ar fáil sa Chúirt, agus ní mór don chineál cáis a bheith clúdaithe ag an Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta. Ní chlúdaítear cúrsaí coiriúla san Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta.

Ní iarratas ar sheirbhísí dlí atá sa táscaire. Ní choinníonn an Bord aon fhaisnéis a chuimsítear sa táscaire. Téigh i dteagmháil le ceann d’ionaid dlí an Bhoird más mian leat iarratas a dhéanamh ar sheirbhísí dlí.

Cuirfidh an táscaire seo ar chumas fhormhór na ndaoine a mheas cibé an dóigh go sásóidh siad an tástáil acmhainne ioncaim i gcomhair comhairle agus cúnamh dlí sibhialta. Má tá tusa agus / nó do pháirtí féinfhostaithe, má tá cúinsí airgeadais casta agaibh nó má tá an bheirt agaibh i gceist sa chaingean is mian libh a ghlacadh nó atá á chosaint agaibh, ní gá go mbeidh an táscaire seo feiliúnach daoibh. Sna cúinsí seo, téigh i dteagmháil le hionad dlí chun measúnú airgeadais níos cuimsithí a fháil.

Tógann sé timpeall 5 nóiméad an táscaire a chomhlánú.

D’fhéadfadh sé go dteastódh roinnt doiciméad, mar shampla duillín pá nó admháil leasa shóisialaigh uait chun an measúnú ioncaim a chomhlánú.

Cliceáil ar an gcnaipe in aice le gach réimse má theastaíonn tuilleadh cúnaimh/tuilleadh faisnéise uait.



Lean ort