Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

An tAonad Taighde agus Faisnéise

Is é an tAonad Taighde agus Faisnéise (RIU) seirbhís chomhtháite Leabharlainne agus Taighde an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil. Tá sé lonnaithe ag 7-11 Sráid Montague, Baile Átha Cliath 2. Dhá leabharlann speisialaithe agus seirbhísí gaolmhara atá ann agus is cuspóir leis tacú le hobair an Bhoird agus gníomhaireachtaí áirithe de chuid na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

Is é Leabharlann an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil an chéad leabharlann san Aonad RIU. Is leabharlann dlí Sibhialta & Teaghlaigh í agus cuirtear seirbhís faisnéise agus taighde ar fáil inti do bhaill foirne in ionaid dlí ar fud na tíre. Níl sí oscailte don phobal. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi ghníomhaíochtaí agus seirbhísí na Leabharlainne Bhord um Chúnamh Dlí, déan cliceáil anseo.

Is é an tIonad Doiciméadaithe na nDídeanaithe (IDD) an dara leabharlann speisialaithe agus tá teacht ar bhailiúchán ollmhór ábhair léitheoireachta i dtaobh cúrsaí Dlí um Tearmann agus Dídeanaithe. Cuirtear ar fáil inti seirbhís taighde agus iarratais le haghaidh Faisnéise Tír Thionscnaimh, seirbhís a thugann tacaíocht do ghníomhaireachtaí áirithe de chuid na Roinne Dlí agus Cirt. Tá cead isteach ann ag baill an phobail ach amháin coinne a bheith acu. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi ghníomhaíochtaí Ionad Doiciméadaithe na nDídeanaithe (IDD), déan cliceáil anseo.