Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Painéal Aturnaetha Idirnáisiúnta um Chosaint

Cad é an Painéal?

Tá an Bord um Chúnamh Dlíthiúil ar cheann de na soláthraithe is mó seirbhísí d’iarrthóirí tearmainn in Éirinn. Soláthraímid seirbhísí trínár dtrí ionad dlí i mBaile Átha Cliath (Gort Mhic a' Ghobhainn), Corcaigh (Cé an Phápa) agus Gaillimh (Teach Seville) agus ár bPainéal Aturnaetha Idirnáisiúnta um Chosaint.

Táimid ag lorg iarratas ó aturnaetha i gcleachtas príobháideach a bhfuil spéis acu i réimse na cosanta idirnáisiúnta chun bheith ar ár bPainéal.

Cad a chlúdaíonn an Painéal?

Clúdaíonn an Painéal cúnamh dlíthiúil d’iarrthóirí tearmainn agus iad ag déanamh a n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus cead fanacht sa Stát, lena n-áirítear ag an gcéim ceistiúcháin agus agallaimh, achomharc chuig an mBinse Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta, agus ionadaíocht maidir le cead fanachta.

Tabhair faoi deara le do thoil nach gclúdaíonn an painéal iarratais ar athbhreithniú breithiúnach. Beidh ar iarrthóirí tearmainn atá ag lorg cúnaimh dhlíthiúil le haghaidh athbhreithniú breithiúnach ar aon ghné dá n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta iarratas a dhéanamh chuig ionad dlí.

Cad iad na ceanglais?

Beidh tú cláraithe mar aturnae sa Stát agus comhlíonfaidh tú na ceanglais eile atá inár dtéarmaí agus coinníollacha maidir le ballraíocht an phainéil. Beidh ort an taithí riachtanach a bheith agat i réimse an dlí um chosaint idirnáisiúnta (lena n-áirítear trí fhreastal ar chlár oiliúna ionduchtaithe an Bhoird).

Má chuirtear isteach ar an bpainéal tú beifear ag súil go gcloífidh tú lenár dTreoirlínte Dea-Chleachtais agus tú ag déanamh oibre ar ár son.

An gcaithfidh mé freastal ar oiliúint?

Tá an painéal um chosaint idirnáisiúnta á oscailt ag an mBord d’iarratasóirí nua ón 1 Bealtaine 2022. Reáchtálfaimid clár oiliúna ionduchtaithe ar líne, saor in aisce, ag tosú go luath i mí Iúil. Cuirfear sonraí an chláir ar fáil in am trátha. Tá freastal ar an gclár riachtanach do chleachtóirí atá nua sa réimse cosanta idirnáisiúnta agus moltar do gach duine a thagann isteach sa Phainéal. Déanfaidh an Bord cinneadh bunaithe ar do thaithí agus ar do chuid eolais mar atá leagtha amach ar an bhfoirm iarratais i dtaobh an mbeidh ort freastal ar an gclár sula nglacfar isteach ar an bPainéal. Ar an ábhar sin tá sé tábhachtach go leagfá amach go hiomlán do thaithí agus eolas ar an réimse cosanta idirnáisiúnta agus an fhoirm iarratais á comhlánú agat.

Conas a gheobhaidh mé obair?

Tarchuirfidh ionaid dlí cásanna chuig an bPainéal de réir na dtreoirlínte bainistíochta. Ní féidir leis an mBord íosleibhéal oibre a ráthú d’aon chleachtóir nó go ndéanfar aon chás aonair a tharchur. Tá róta i bhfeidhm agus tarchuireann ionaid dlí cásanna go díreach chuig cleachtóirí príobháideacha de réir an róta.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir leat an fhoirm iarratais agus na téarmaí agus coinníollacha a chuimsíonn struchtúr na dtáillí a íoslódáil.

Seol an fhoirm iarratais sínithe ar ais le do thoil le ríomhphost chuig ppunit@legalaidboard.ie nó sa phost chuig Seirbhísí Cleachtóirí Príobháideacha, An Bord um Chúnamh Dlíthiúil, Sráid na Cé, Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí V23 RD36 nó trí DX go DX166004 CATHAIR Saidhbhín.

Táillí iníoctha

Tá scála caighdeánach táillí iníoctha in aghaidh an cháis le haturnaetha/gnólachtaí ar an bPainéal chun seirbhísí a sholáthar. Is féidir éilimh a dhéanamh ar an bhFoirm IP-Painéal-Éilimh

An Scéim um Rialáil Idirnáisiúnta um Chosaint

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi seo, cliceáil anseo le do thoil