Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Nós imeachta gearáin

Gnásanna gearán

Tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh mura bhfuil an tseirbhís a fhaigheann tú uainn ar na caighdeáin atá leagtha amach sa Chairt seo, nó má chreideann tú nach raibh gníomh ná cinneadh a ghlacamar de réir na rialacha, na nósanna ná an pholaisí atá againn. Más mian leat gearán a dhéanamh tá gnásanna gearán an Bhoird leagtha amach ina n-iomláine i Gnás Gearán agus Cúraim Chustaiméirí atá le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhoird www.legalaidboard.ie agus in aon oifig den Bhord.

Mura bhfuil tú sásta le cinneadh maidir leis an iarratas a rinne tú ar chúnamh dlíthiúil/comhairle dlí, féadfaidh tú iallach a chur orthu an cinneadh a athbhreithniú nó achomharc a dhéanamh ina choinne chuig coiste achomhairc de chuid an Bhoird. Tá na socruithe maidir le hachomhairc leagtha amach i Seirbhísí Dlí a Aistarraing.

An bhfuil aon réiteach eile ar fáil dom?

Tá Oifig an Ombudsman i dteideal i gcás cúinsí áirithe aon ghníomh a ghlac an Bord lena fheidhmeanna riaracháin a dhéanamh a fhiosrú. Níl Oifig an Ombudsman i dteideal ámh na seirbhísí dlí a chur aturnaetha an Bhoird nó aturnaetha príobháideacha atá ag cur seirbhísí ar fáil thar ceann an Bhoird a fhiosrú. Mar sin má tá gearán agat faoi sheirbhís dlí atá tú ag fáil ó d'aturnae, níl ról ar bith ag Oifig an Ombudsman ann.

Is iad seo a leanas Sonraí Teagmhála Oifig an Ombudsman:

Oifig an Ombudsman,

18 Sráid Líosain Íochtarach,

Baile Átha Cliath 2.

Íos-ghlao: 1890 223030

R-phost: Ombudsman@ombudsman.gov.ie

Má tá tú i do leanbh nó i do dhuine óg faoi 18 mbliana d’aois nó i do dhuine fásta a bhfuil aithne air/uirthi ar leanbh nó ar dhuine óg faoi 18 mbliana d’aois a bhraitheann tú go bhfuiltear ag caitheamh go míchothrom leis/léi, nó mura bhfuil tú sásta lenár gcinneadh i dtaobh do ghearáin, is fút féin atá sé teagmháil a dhéanamh le hOifig an Ombudsman do Leanaí. De réir an dlí féadfaidh Oifig an Ombudsman do Leanaí gearáin a fhiosrú faoi aon ghníomhartha nó gnásanna riaracháin linn chomh maith le moill nó easpa gníomhaíochta a bhí ann ag déileáil linn. Cuireann an tOmbudsman do Leanaí seirbhís láimhseála gearáin neamhchlaonta neamhspleách saor in aisce ar fáil.

Is iad seo a leanas sonraí teagmhála Oifig an Ombudsman do Leanaí:

Oifig an Ombudsman do Leanaí

52-56 Sráid na Tráth Mhór

Baile Átha Cliath 1

Saorghlao: 1800 20 20 40

R-phost: ococomplaint@oco.ie

Is fiú a lua nach mbaineann sainchúram Oifig an Ombudsman agus Oifig an Ombudsman do Leanaí ach le gearán i dtaobh gníomh a ghlac an Bord i ndiaidh 1 Bealtaine, 2013. Níl aon sainchúram acu i dtaca le haon ghníomh ná cinneadh a ghlac an Bord roimh an dáta sin. Ní fhiosróidh an tOmbudsman ná an tOmbudsman do Leanaí aon ghearáin atá déanta lena oifig ach i gcás gur bhain an gearánaí leas iomlán as próiseas inmheánach gearáin an Bhoird agus/nó as bealaí eile an Bhoird chun achomharc a dhéanamh sula ndearna sé/sí gearán leis na hoifigí.

Is iad seo a leanas sonraí teagmhála Cheannoifig an Bhoird:

Ceannoifig: An Bord um Chúnamh Dlíthiúil,

Sráid an Chalaidh,

Cathair Saidhbhín,

Co. Chiarraí.

Teil: (066) 947 1000

Facs: (066) 947 1035

Uimhir Áitiúil. 1890 615 2000

Suíomh gréasáin: www.legalaidboard.ie