Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Seirbhís Cúirt-bhunaithe na Seirbhíse Idirghabhála Teaghlaigh

Seirbhís Cúirt-bhunaithe na Seirbhíse Idirghabhála Teaghlaigh


Cuireann an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh seirbhís eolais agus idirghabhála ar fáil i 6 Cúirteanna Dúiche ar fud na tíre i láthair na huaire: Teach an Charnáin Baile Átha Cliath, An Nás, An tAonach, Cluain Meala, Cathair Luimnigh, Cathair Chorcaí agus Trá Lí. Cliceáil anseo le haghaidh sonraí teagmhála.


Conas a gcabhródh an tseirbhís seo liom?


Má tá an gaol idir tú féin agus tuismitheoir eile do linbh briste síos agus má theastaíonn uait a fháil amach conas is féidir libh beirt a bheith i bhur dtuismitheoir sa todhchaí, d'fhéadfadh sé go bhfuil tú ag pleanáil dul chun Cúirte chun ordú Coimeádta / Rochtana / Cothabhála / Caomhnóireachta a lorg.


B’fhéidir go bhfuil roghanna eile agat…


Ní rud deas é dul chun na cúirte agus go deimhin d’fhéadfadh sé na deacrachtaí atá idir tú féin agus d’iarpháirtí a mhéádú. In áit dul chun na Cúirte, d’fhéadfadh tú féin agus tuismitheoir eile do linbh triail a bhaint as idirghabháil.

Cén fáth a mbainfinn triail as Idirghabháil?

Ó thaobh do linbh de, tá sé tábhachtach go mbeadh cumarsáid mhaith idir tú féin agus tuismitheoir eile do linbh. Go minic, éiríonn sé sin an-deacair nuair a bhíonn tú páirteach sa chóras cúirte.

Cad is Idirghabháil ann?

Tugann idirghabháil deis duit do chinntí féin a dhéanamh maidir le conas is féidir libh beirt a bheith i bhur dtuismitheoirí sa todhchaí agus aird á thabhairt ar riachtanais na bpáirtithe go léir. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais.

Conas a oibríonn Idirghabháil?

Cabhróidh idirghabhálaí leat na saincheisteanna atá tábhachtach daoibh beirt a phlé ionas gur féidir libh na cinntí is fearr do bhur leanbh a dhéanamh. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais.

Cad a tharlaíonn mura féidir linn teacht ar chomhaontú?

Tá rogha agat i gcónaí dul chun na cúirte chun do chás a phlé os comhair Breithimh.

Cén costas atá ar Idirghabháil?

Tá an tSeirbhís Idirghabhála saor in aisce.

Conas is féidir liom tuilleadh eolais a fháil amach faoi Idirghabháil?

Má dhéanann tú teagmháil le ceann de na hoifigí Idirghabhála Teaghlaigh cúirt-bhunaithe beidh tú in ann coinne a dhéanamh chun freastal ar sheisiún eolais le hIdirghabhálaí a mhíneoidh go díreach mar a n-oibreodh Idirghabháil duitse agus do thuismitheoir eile do linbh.
Mura bhfuil seirbhís chúirt-bhunaithe i ngar duit déan teagmháil le ceann eile d’oifigí na Seirbhíse Idirghabhála Teaghlaigh a bheidh sásta tuilleadh eolais a thabhairt duit.