Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Ár Seirbhísí

An Bord um Chúnamh Dlíthiúil is ea muid – eagraíocht neamhspleách a mhaoinítear le hairgead poiblí agus a sholáthraíonn cúnamh dlí sibhialta agus seirbhísí idirghabhála teaghlaigh, agus a riarann trí cinn de scéimeanna ad-hoc dlíthiúla a bhaineann le cúrsaí coiriúlachta.

Tugann cúnamh agus comhairle dlí sibhialta comhairle do dhaoine maidir le fadhbanna dlí. Is féidir linn cabhrú leo teacht ar réiteach, agus más gá dóibh dul os comhair na cúirte, b’fhéidir go mbeimid in ann dlíodóir agus/nó abhcóide a chur ar fáil ar mhaithe le hionadaíocht a dhéanamh orthu.

Seirbhís saor in aisce is ea idirghabháil teaghlaigh chun cabhrú le lánúineacha agus le tuismitheoirí ar tháinig deireadh lena gcaidreamh idirbheartaíocht a dhéanamh iad féin chun teacht ar chomhaontú.

Riaraimid trí scéimeann um chúnamh dlíthiúl cóiriúl an Stáit.