Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Déan iarratas chun ranníoc a tharscaoileadh

Mura bhfuil sé d’acmhainn agat an ranníocaíocht a íoc, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar an mBord go ndéanfar í a tharscaoileadh. Tríd an ranníocaíocht a tharscaoileadh, ní bheidh ort an ranníocaíocht a íoc in aon chor (tarscaoileadh iomlán), nó ní bheidh ort ach cuid di a íoc (tarscaoileadh páirteach). Mar shampla, b’fhéidir go n-iarrfaimid ort an ranníocaíocht chomhairle a íoc, ach gan an ranníocaíocht chúnaimh a íoc. Ba cheart duit labhairt le comhalta foirne san ionad dlí más mian leat iarratas a dhéanamh ar tharscaoileadh.

Deonóimid tarscaoileadh má mheasaimid go gcruthódh an ranníocaíocht a íoc cruatan míchuí duit. Tá seo faoinár lánrogha.

Chuireamar treoirlínte i bhfeidhm dár lucht déanta cinntí chun cabhrú leo cinneadh a dhéanamh ar cé acu ar cheart nó nár cheart dúinn tarscaoileadh a dheonú in aon chás ar leith.

Déanfaimid breithniú ar tharscaoiltí a dheonú faoi na cúinsí a leanas:

  • Má bhraitheann tú go hiomlán ar íocaíochtaí forlíontacha leasa
  • Má bhraitheann tú ar leas sóisialach, ach má rinne an Roinn Coimirce Sóisialaí cinneadh chun d’íocaíochtaí a roinnt le duine eile nó má tá tairbhe á baint agat as íocaíocht chomhroinnte
  • Má tá ordú agat a threoraíonn duine éigin chun cothabháil a íoc leat, má tá an duine ag diúltú, go fóill, chun cothabháil a íoc leat, agus má tá sé ar intinn agat iarraidh ar an gCúirt bearta breise a ghlacadh lena cheangal ar an duine sin thú a íoc (e.g. a cheangal ar an bhfostóir chun thú a íoc óna bpá).
  • Má rinne tú iarratas ar chosaint idirnáisiúnta (tearmann) in Éirinn agus má tá “soláthar díreach” á chur ar fáil duit.
  • Má tá tú i bpríosún agus má gearradh pianbhreith breis agus bliain ort agus mura bhfuil tú i d’úinéir ar aon mhaoin nó ar aon sócmhainní caipitil eile

B’fhéidir go ndéanfaimid breithniú ar tharscaoiltí a dheonú faoi chúinsí eile, ar bhonn cás ar chás. Caithfimid súil ar cén saghas cáis is mian leat a ghlacadh (mar shampla, más cás foréigean baile é). B’fhéidir go ndéanfaimid breithniú, más cuí, ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil maoin agat a d’fhéadfá a dhíol chun íoc as dlíodóir chun glacadh le do chás. Má tá tú i bpríosún, déanfaimid breithniú, chomh maith, ar fhad do phianbhreithe.

I ngach cás, is fúinn atá sé an cinneadh a dhéanamh cé acu chun tarscaoileadh a dheonú nó gan tarscaoileadh a dheonú. Fiú má chomhlíonann tú na treoirlínte, caithfimid breithniú a dhéanamh ar cé acu an mbeidh nó nach mbeidh tú thíos le cruatan míchuí mar gheall gur gá duit an ranníocaíocht a íoc. Mura measaimid go mbeidh tú thíos le cruatan míchuí, ní dheonóimid tarscaoileadh duit.

Má dhéanaimid an cinneadh gan tarscaoileadh a dheonú, féadfaidh tú iarraidh orainn athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh seo nó féadfaidh tú an cinneadh a achomharc le coiste achomhairc. Caithfidh tú seo a dhéanamh laistigh de mhí amháin ón tráth sin a insítear duit nach ndeonóimid tarscaoileadh.