Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Treoirlínte dea-chleachtais

Réamhrá

Pléitear treoirlíne dea-chleachtais maidir le rochtain sa chuid seo den chiorclán.  Cé go n-úsáidtear an focal rochtain sna Treoirlínte, spreagtar aturnaetha, agus iad ag déileáil le cliaint, díriú ar na socruithe teagmhála seachas  téarmaíocht ar leith a úsáid.

Níltear ag súil leis go ndéanfaidh aturnae monatóireacht ar shocruithe rochtana agus sa chiorclán seo léirítear an cur chuige is ceart glacadh leis maidir le:  

  • rochtain comhairle amháin; agus  
  • imeachtaí rochtana a  thionscnamh nó a chosaint;

Rochtain - comhairle amháin

Eochairchéim 1 - Céad chomhairliúchán agus comhairle dlí  

  • Glac treoracha.  
  • Faigh amach ón gcliant, faoi mhianta dealraitheacha an linbh (má tá an leanbh sean go leor);  
  • Cuir comhairle chuí ar an gcliant, ag moladh réitigh praiticiúla ar dheacrachtaí lena n-áirítear, más ábhartha, idirghabháil ó thríú páirtí agus ag féachaint go háirithe d'oibleagáidí an aturnae de bhun Alt 20 an Achta um Chaomhnóireacht Naíon 1964 (arna leasú) chun comhairle a chur ar an iarratasóir go bhfeadfar tabhairt faoi chomhairliúchán, idirghabháil nó gníomhas nó comhaontú scríofa a cuir i gcrích. 
  • Bainistigh ionchais an chliaint lena n-áirítear an cliant a chur ar an eolas faoi cad é is dócha a tharlóidh má thionscnaítear imeachtaí Cúirte  agus gur féidir nach mbeidh aon pháirtí sásta le réiteach na Cúirte.  
  • Déan teagmháil leis an bpáirtí eile nó lena (h)aturnae d'fhonn teacht ar réiteach ar dheacrachtaí an chliaint gan gá le himeachtaí Cúirte a thionscnamh.  
  • más gá iarratas a dhéanamh ar chúnamh dlí, déan iarratas ar dheimhniú cúnamh dlí.

Imeachtaí rochtana a thionscnamh nó a chosaint

Eochairchéim 2: iarratas ar chúnamh dlí  

  • Faigh amach arbh fhiú imeachtaí a thionscnamh / a chosaint.  
  • Déan iarratas ar dheimhniú tarmligthe cúnamh dlí agus léirigh cé acu ba cheart cúnamh dlí a cheadú nó ba cheart cúnamh dlí a dhiúltú.  
  • Ba cheart gach iarratas ar údarás do thuarascálacha neamhspleácha a dhéanamh don ionad iomchuí i Rannóg na Seirbhísí Dlí.  I gcas ina n-údaraítear tuarascáil agus nach bhfuil an taobh eile ag fáil cúnamh dlí, ba cheart nach dtitfeadh ach 50% den chostas ar an mBord, laistigh de theorainneacha faofa.  

Eochairchéim 3 - Pléadálacha  

  • Comhairligh don chliant freastail ar an gCúirt Dúiche chun toghairm a eisiúint (más gnáthchleachtas é sin san oifig áirithe sin den Chúirt Dúiche) agus téigh ar ais le dáta;  nó  
  • eisigh imeachtaí ó ionad dlí;/ nó,  
  • Tarchuir chuig cleachtóir príobháideach.  
  • Comhdaigh Deimhniú de bhun Alt 20(3) den Acht um Chaomhnóireacht Naíon 1964 (arna leasú).  
  • Déan bearta chun gach cruthúnas a fháil a d'fhéadfadh bheith ag teastáil.

Eochairchéim 4 - Imeachtaí cúirte  

  • Freastail ar an éisteacht.  
  • Déan iarracht teacht ar réiteach ar na ceisteanna gan gá leis an páirtithe fianaise a thabhairt;  
  • Déan ionadaíocht don chliant ag an éisteacht mura féidir teacht ar réiteach;  
  • Faigh ordú (ar Thoiliú nó de bhun chinneadh an Bhreithimh).  
  • Ba cheart ócáidí speisialta agus laethanta saoire a lua agus a chur san áireamh in aon ordú nó comhaontú.

Eochairchéim 5 - Forfheidhmiú  

  • Níltear ag súil leis go ndéanfaidh aturnae monatóireacht ar shocruithe rochtana nó ar chomhaontaithe rochtana.   
  • Is faoi na Cúirteanna atá sé Ordaithe Cúirte a fhorfheidhmiú. Ba cheart a chomhairliú do chliaint gearán foirmiúil a dhéanamh don Chléireach Cúirte Dúiche i gcás ina bhfuil Ordú rochtana sáraithe. Ansin féadfaidh an Cléireach Cúirte toghairm a eisiúint maidir le sárú rochtana. Os rud é gur toghairm choiriúil í sin ní thagann ceist an chúnaimh dlí chun cinn. Ba cheart d'aturnaetha, áfach, bheith ar an eolas go bhfeadfadh an Chúirt déileáil le toghairm maidir le sárú ar Ordú rochtana mar dheis chun Ordú rochtana a athrú.

Réamhrá

Pléitear treoirlíne dea-chleachtais maidir le cúram sa chuid seo den chiorclán agus léirítear an cur chuige is ceart glacadh leis maidir le:  

  • Cúram - comhairle amháin; agus  
  • Imeachtaí cúraim a thionscnamh nó a chosaint

Cé go n-úsáidtear an focal cúram sna Treoirlínte, spreagtar aturnaetha, agus iad ag déileáil le cliaint, díriú ar na socruithe cúraim ó lá go lá seachas téarmaíocht ar leith a úsáid.

Cúram - comhairle amháin

Eochairchéim 1 - Céad chomhairliúchán agus comhairle dlí  

Glac treoracha i scríbhinn ón gcliant (roimh lá na héisteachta má tá dáta éisteachta socraithe cheana féin) maidir le, inter alia, na himthosca a bhaineann le stair an chaidrimh idir na tuismitheoirí agus leis an dóigh ina bhfuil freagrachtaí tuismitheora roinnte;

  • faigh ón gcliant, cóipeanna de gach ordú nó d'imeachtaí reatha;  
  • faigh amach ón gcliant, faoi mhianta dealraitheacha an linbh (má tá an leanbh sean go leor);  
  • cuir comhairle chuí ar an gcliant, ag moladh réitigh phraiticiúla ar dheacrachtaí lena n-áirítear, más ábhartha, idirghabháil ó thríú páirtí agus ag féachaint go háirithe d'oibleagáidí an aturnae de bhun Alt 20 an Achta um Chaomhnóireacht Naíon 1964 (arna leasú) chun comhairle a chur ar an iarratasóir go bhfeadfar tabhairt faoi chomhairliúchán, idirghabháil nó gníomhas nó comhaontú scríofa a cuir i gcrích.  
  • bainistigh ionchais an chliaint lena n-áirítear an cliant a chur ar an eolas faoi cad é is dócha a tharlóidh má thionscnófar imeachtaí Cúirte  , faoin bhféidearthacht go bhforchuirfeadh an Chúirt réiteach nach mbeadh aon pháirtí sásta leis, agus faoi cé acu a bheadh sé ní b'iomchuí socruithe níos fearr rochtana a lorg nó a bheadh sé ní b'iomchuí cúram foirmiúil a lorg;
  • Déan teagmháil leis an bpáirtí eile nó lena (h)aturnae d'fhonn teacht ar réiteach ar dheacrachtaí an chliaint gan gá le himeachtaí Cúirte a thionscnamh;  
  • más gá iarratas a dhéanamh ar chúnamh dlí, déan iarratas ar dheimhniú cúnamh dlí;

Imeachtaí cúraim a thionscnamh nó a chosaint

Eochairchéim 2 - iarratas ar chúnamh dlí  

  • Faigh amach arbh fhiú imeachtaí a thionscnamh / a chosaint nó an mbeadh sé ní b'iomchuí iarratas a dhéanamh  thar ceann an chliaint a bhainfeadh le teagmháil leis an leanbh/na leanaí;  
  • Déan iarratas ar dheimhniú tarmligthe cúnamh dlí agus léirigh cé acu ba cheart cúnamh dlí a cheadú nó ba cheart cúnamh dlí a dhiúltú agus aird faoi leith a thabhairt ar Ailt 24(a) agus (b) an Achta.  Ba cheart a shoiléiriú do chliaint nach bhfuil aon ráthaíocht ann go mbeidh deimhniú cúnamh dlí ar fáil chun imeachtaí rochtana a thionscnamh nó a chosaint;  
  • Ba cheart gach iarratas ar údarás do thuarascálacha neamhspleácha a dhéanamh don ionad iomchuí i Rannóg na Seirbhísí Dlí.  I gcas ina n-údaraítear tuarascáil agus nach bhfuil an taobh eile ag fáil cúnamh dlí, ba cheart nach dtitfeadh ach 50% den chostas ar an mBord, laistigh de theorainneacha faofa.

Eochairchéim 3 - Pléadálacha agus céimeanna eile  

  • Comhairligh don chliant freastail ar an gCúirt Dúiche chun iarratas a eisiúint (más gnáthchleachtas é sin san oifig áirithe sin den Chúirt Dúiche) agus téigh ar ais le dáta/nó  
  • Eisigh foirm iarratais ó ionad dlí/oifig;  
  • comhdaigh Deimhniú de bhun Alt 20(3) den Acht um Chaomhnóireacht Naíon 1964 (arna leasú);  
  • Déan bearta chun gach cruthúnas a fháil a d'fhéadfadh bheith ag teastáil lena n-áirítear aon mheasúnú neamhspleách atá ag teastáil;  
  • Más gá, déan réamhiarratas don chúirt ar mheasúnú neamhspleách maidir le   leas na leanaí, agus é á thabhairt chun cuimhne an fhreagracht lena chinntiú go bhfuil táillí na measúnóra údaraithe. Tá sé ríthábhachtach go dtugann an deimhniú cúnamh dlí nó leasú ar an deimhniú sin, údarás do  thuarascáil a fháil sular ndéanfar réamhiarratas den sórt sin.

Eochairchéim 4 - Imeachtaí cúirte  

  • Déan iarracht teacht ar réiteach ar na ceisteanna gan gá leis na páirtithe fianaise a thabhairt;  
  • Déan ionadaíocht don chliant ag an éisteacht mura féidir teacht ar réiteach;  
  • Faigh ordú (ar Thoiliú nó de bhun chinneadh an Bhreithimh);  
  • Comhairligh an cliant faoi na céimeanna a fheadfar a ghlacadh chun an tOrdú a fhorfheidhmiú má bhíonn neamhchomhlíonadh ann;  
  • Comhairligh an cliant go bhfeadfaí achomharc a dhéanamh;  
  • Dearbhaigh toradh agus comhairlí i scríbhinn don chliant.

Eochairchéim 5 - Forfheidhmiú  

  • Níl an fhreagracht ar aturnae monatóireacht a dhéanamh ar shocruithe rochtana nó ar chomhaontaithe rochtana.   
  • Is faoin Chúirteanna a bhíonn sé de ghnáth Ordaithe Cúirte a fhorfheidhmiú.  Ba cheart a mholadh do chliaint gearán foirmiúil a dhéanamh don Chléireach Cúirte Dúiche i gcás ina bhfuil Ordú cúraim sáraithe.  Ansin féadfaidh an Cléireach Cúirte Toghairm a eisiúint   maidir leis an sárú sin.  Os rud é gur toghairm choiriúil í sin ní thagann ceist an chúnaimh dlí chun cinn.  
  • Ba cheart d'aturnaetha bheith ar an eolas go bhfeadfadh an Chúirt déileáil le Toghairm den sórt sin mar dheis chun athrú a dhéanamh ar Ordú Cúraim.

Réamhrá

Pléitear treoirlínte dea-chleachtais maidir le cásanna foréigean baile sa chiorclán seo.

Admhaíonn an Bord go bhfeadfadh sé bheith míchuí, i staideanna foréigean baile, an cliant a spreagadh chun comhaontú a lorg agus go mbeidh cásanna ann inarbh é Ordú de bhun na reachtaíochta um fhoréigean baile an t-aon leigheas amháin ab iomchuí.

Cur chuige

Eochairchéim 1 - Céad chomhairliúchán agus comhairle dlí  

  • Buail leis an gcliant (roimh lá na héisteachta má tá dáta éisteachta socraithe cheana féin) agus glac treoracha i scríbhinn maidir le sonraí an teaghlaigh, stair an chaidrimh idir na páirtithe agus na ceisteanna is cúis leis na   deacrachtaí reatha;
  • Faigh amach an gcomhlíonann an cliant na ceanglais maidir le háit cónaithe / caidreamh chun bheith faoi réim raon feidhme na reachtaíochta um fhoréigean baile;  
  • Faigh ón gcliant, cóipeanna de gach ordú ata ann, lena n-áirítear aon ordú cosanta atá i bhfeidhm, nó d'imeachtaí reatha;
  • Faigh amach ón gcliant cad iad na hionchais atá aige nó aici maidir leis na deacrachtaí agus maidir le himeachtaí cúirte ar bith a d'fheadfadh bheith ar siúl;  
  • Faigh amach ón gcliant cad iad na cruthúnais atá ar fáil nó a d'fhéadfaí a fháil chun bunús a thabhairt le haon iarratas nó chun aon iarratas a chosaint;  
  • Bainistigh ionchais an chliaint lena n-áirítear é/í a chur ar an eolas maidir leis na hionchais chun iarratas a fháil nó a chosaint ar Ordú foréigean baile i gcás ina n-eiseofar imeachtaí, agus ina theannta sin, má mheastar go bhfuil a leithéid iomchuí, go bhféadfadh páirt a bheith ag FSS;  
  • Má mheastar go bhfuil a leithéid iomchuí, bainistigh ionchais an chliaint maidir leis an leigheas ab iomchuí a lorg agus go háirithe ar cheart idirscaradh a lorg;  
  • Faigh amach treoracha an chliaint;  
  • Faigh amach an dócha go mbeadh gnóthas iomchuí / inghlactha / ann agus mínigh na himpleachtaí    i dtéarmaí forfheidhmithe;  smaoinigh ar imeachtaí a thionscnamh murab ann dóibh cheana agus más iomchuí déanamh amhlaidh ag an gcéim seo (agus é á thabhairt chun cuimhne na ceangaltais maidir le háit cónaithe más ábhartha);  
  • Faigh deimhniú cúnamh dlí roimh imeachtaí a thionscnamh.

Eochairchéim 2 - Iarchomhairliúchán agus réamhéisteacht  

  • I gcás ina bhfuil aturnae ag an bpáirtí eile, déan teagmháil lena (h)aturnae d'fhonn a fháil amach arbh fhéidir deacrachtaí an chliaint a réiteach gan dul in muinín imeachtaí a bheadh á ndíospóid;  
  • Faigh amach an dócha go ndéanfaidh an chúirt orduithe iarmhartacha de bhun Alt 9 an Achta um Fhoréigean Baile 1996 gan iarratais ar leith a dhéanamh agus más dócha é sin, ullmhaigh do na ceisteanna sin de réir na dtreoirlínte iomchuí dea-chleachtais;  
  • Mura féidir teacht ar réiteach, déan bearta chun na cruthúnais riachtanacha a fháil; 
  • I gcás nach bhfuil deimhniú cúnamh dlí deonaithe cheana féin, cuir iarratas isteach ar dheimhniú cúnamh dlí; 
  • Socraigh tionscnamh imeachtaí.

Eochairchéim 3 - Imeachtaí Cúirte  

  • Déan iarracht teacht ar réiteach ar na ceisteanna gan gá leis na páirtithe fianaise a thabhairt;  
  • Déan ionadaíocht don chliant ag an éisteacht mura féidir teacht ar réiteach;  
  • comhairligh don chliant faoi na céimeanna is gá a ghlacadh chun é a fhorfheidhmiú aon Ordú a rinneadh (gearán do Ghardaí), nó faoi na hiarmhairtí a bhaineann le hOrdú den sórt sin a shárú, má tá neamhchomhlíonadh ann; 
  • I gcás ina bhfuil gealltanas tugtha, cinntigh é gur lorgaíodh cead chun iarratas a dhéanamh (má tá tú ag gníomhú thar ceann iarratasóra) agus comhairligh don chliant faoi na céimeanna a bheadh ar fáil i gcás ina sárófaí an gealltanas sin (iarr cead chun ataifeadadh a dhéanamh);  
  • Comhairligh don chliant gurbh fhéidir achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh agus faoi na hiarmhairtí a bhainfeadh leis sin;  
  • Scríobh chuig an gcliant ag deimhniú an toraidh agus na gcomhairlí.

Eochairchéim 4 - Forfheidhmiú

  • Is faoi na Gardaí atá sé Ordaithe Cúirte Foréigean Baile a fhorfheidhmiú agus is ábhar coiriúil sárú Ordaithe.  Ba cheart a mholadh do chliaint a bhfuil Ordaithe deonaithe dóibh gearán foirmiúil a dhéanamh do na Gardaí i gcás  ina bhfuil Ordú sáraithe.
  • Ós rud é gur ábhar coiriúil sárú Ordaithe, ní fhoráiltear do chomhairle ná cabhair a thabhairt de bhun an Achta um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta1995.  
  • I gcás ina bhfuil gealltanas sáraithe, ba cheart iarratas a dhéanamh chun ataifeadadh a dhéanamh ar an gcás.

Eochairchéim 5 - Dúnadh Comhaid  

  • Ba cheart comhaid a dhúnadh agus an cliant a chur ar an eolas faoi sin laistigh de cheithre mhí ó chríochnú na héisteachta. 
  • Ba cheart foirmeacha éilimh do tháillí nó do costais finné a chur ar aghaidh chuig an mBord laistigh de dhá sheachtain ó chríochnú na héisteachta nó chomh luath agus a bheith na foirmeacha sin ar fáil.  Más gá ba cheart bearta a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh sé ar fáil go luath.  

Réamhrá

Pléitear treoirlíne dea-chleachtais maidir le caomhnóireacht sa chuid seo den chiorclán.

Cur chuige Eochairchéim 1 - Céad chomhairliúchán agus comhairle dlí  

  • Glac treoracha i scríbhinn ón gcliant (roimh lá na héisteachta má tá dáta socraithe cheana féin) maidir le, inter alia, na himthosca a bhaineann le breith an linbh, an caidreamh idir na tuismitheoirí, an dóigh ina bhfuil freagrachtaí tuismitheora roinnte, stair rochtana, agus cibé acu an bhfuil ainm an athar ar an teastas breithe nó nach bhfuil;  
  • iarr ar an gcliant cóipeanna a thabhairt de gach ordú atá ann cheana nó d'imeachtaí

reatha ;  

  • mínigh don chliant, na hiarmhairtí a bhaineann le hathair a bheith ceaptha mar chaomhnóir, lena n-áirítear, más iomchuí, an bac ar uchtú;  
  • áirithigh go bhfuil an cliant ar an eolas go hiomlán faoin idirdhealú idir an cúram agus an chaomhnóireacht;  
  • faigh amach ón gcliant, faoi mhianta dealraitheacha an linbh (má tá an leanbh sean go leor);  
  • i gcás ina bhfuil an t-athair ainmhithe ar an teastas breithe faigh amach ón gcliant, an fhéidearthacht go  dtabharfadh an dá pháirtí mionn ar Dhearbhú Reachtúil de bhun Alt 2(4) den Acht um Chaomhnóireacht Naíon 1964 nó an bhfuil sé níos iomchuí Ordú a iarraidh ón gCúirt;  
  • bainistigh ionchais an chliaint lena n-áirítear an cliant a chur ar an eolas faoi cad é is dócha a tharlóidh má thionscnaítear imeachtaí cúirte;  
  • déan teagmháil leis an bpáirtí eile nó lena (h)aturnae d'fhonn teacht ar réiteach ar dheacrachtaí an chliaint gan tabhairt faoi imeachtaí cúirte a bhfuil conspóid ann ina leith;  
  • Má mheastar go bhfuil a leithéid iomchuí agus má aontaíonn an dá pháirtí, ullmhaigh Dearbhú Reachtúil de réir na nósanna imeachta atá leagtha síos sna Rialacháin um Chaomhnóireacht Leanaí (Dearbhú Reachtúil) 1998 agus socraigh go dtabharfar mionna air. Ba cheart cliaint a chur ar an eolas faoi na teorainneacha ar Dhearbhaithe Reachtúla lena n-áirítear nach féidir iad a chlárú áit ar bith;  
  • tabhair an bun-Dearbhú don chliant, cóip dheimhnithe don pháirtí eile, agus cóip don chomhad;  mura gá le haon ghníomh eile lean ar aghaidh go eochairchéim 6 - dúnadh comhaid;  más gá iarratas a dhéanamh don chúirt, déan iarratas ar dheimhniú cúnamh dlí.

Eochairchéim 2 - Pléadálacha agus céimeanna eile  

  • Abair leis an gcliant freastail ar an gCúirt Dúiche chun iarratas a eisiúint (más gnáthchleachtas é sin san oifig áirithe sin den Chúirt Dúiche) agus téigh ar ais le dáta; 
  • nó  eisigh iarratas ó Ionad Dlí / oifig; 
  • déan bearta chun gach cruthúnas a fháil a d'fhéadfadh bheith ag teastáil lena n-áirítear cóip de theastas breithe an linbh.

Eochairchéim 3 - Imeachtaí Cúirte  

  • Déan iarracht teacht ar réiteach ar na ceisteanna gan gá leis na páirtithe fianaise a thabhairt;  
  • déan ionadaíocht don chliant ag an éisteacht mura féidir teacht ar réiteach;  
  • cuir comhairle ar an gcliant maidir leis an Ordú a dhéantar, an bhféidearthacht go ndéanfar achomharc, agus an bhféidearthacht go ndéanfar iarratais eile níos faide anonn m.sh, ar chaomhnóir a bhaint amach i gcás ina ndéantar Ordú  chun athair a cheapadh;  
  • dearbhaigh toradh agus comhairlí i scríbhinn don chliant.

Réamhrá

Pléitear treoirlíne dea-chleachtais maidir le cothabháil sa chiorclán seo. 

Cur chuige

Eochairchéim 1 - Céad chomhairliúchán agus comhairle dlí 

  • Glac treoracha i scríbhinn ón gcliant (roimh lá na héisteachta má tá dáta éisteachta socraithe cheana féin) maidir le sonraí teaghlaigh; stair an chaidrimh idir na páirtithe; agus ioncam, eisíocaíochtaí agus sócmhainní gach páirtí ar leith a mhéid is féidir é sin a fháil amach.  
  • Faigh amach ón gcliant cad iad na hionchais atá aige nó aici maidir leis an méid airgid is dóigh leis/léi a bheith le híoc/fáil aige/aici ó thaobh cothabhála de agus ina theannta sin an cosúil go gcloífí le haon socrú deonach arbh fheadfadh ná páirtithe teacht ar chomhaontú ina leith;  
  • Bainistigh ionchais an chliaint lena n-áirítear an cliant a chur ar an eolas faoi cad é is dócha a tharlóidh má thionscnófar imeachtaí Cúirte  , faoin bhféidearthacht go bhforchuirfeadh an Chúirt réiteach nach mbeadh aon pháirtí sásta leis, agus faoi tionchar a d'fheadfadh bheith ag íocaíochtaí cothabhála ar aon sochar leasa shóisialta atá á fháil, agus faoi aon iarmhairt chánach a bhainfeadh le híocaíochtaí a dhéanamh/a fháil; 
  • Smaoinigh ar an gá faisnéis a lorg ón bpáirtí eile agus óna (h)aturnae maidir le himthosca airgeadais an pháirtí sin.

Eochairchéim 2 - Iarchomhairliúchán  

  • Déan teagmháil leis an bpáirtí eile nó lena (h)aturnae d'fhonn, más gá,  faisnéis a lorg, faisnéis a mhalartú, agus ar deireadh, teacht ar shocrú idirbheartaíochta cothabhála gan gá le himeachtaí Cúirte a chonspóid; 
  • I gcás ina gcomhaontaítear socrú idirbheartaíochta, áirithigh go ndéantar é a thaifead i scríbhinn agus go gcuirtear an cliant ar an eolas i scríbhinn faoi sin, faoina théarmaí agus faoi na hiarmhairtí a bheadh ann mura gcloífí leis an gcomhaontú sin.

Eochairchéim 3 - Cúnamh Dlí / Pléadálacha  

  • Mura féidir teacht ar réiteach idirbheartaíochta, déan iarratas ar dheimhniú cúnamh dlí chun imeachtaí a thionscnamh/a chosaint (mura bhfuil deimhniú deonaithe cheana féin);  
  • comhairligh don chliant freastail ar an gCúirt Dúiche chun toghairm a eisiúint (más gnáthchleachtas é sin san oifig áirithe sin den Chúirt Dhúiche) agus téigh ar ais le dáta; nó  
  • tabhair dréachtimeachtaí d'oifig na Cúirte Dúiche lena n-eisiúint.

Eochairchéim 4 - Imeachtaí Cúirte  

  • Ullmhaigh ráiteas ina leagtar amach ioncam, caiteachas, sócmhainní agus dliteanais an chliaint agus déan iarracht ráitis a mhalartú leis an aturnae don pháirtí eile;  
  • Áirithigh go bhfuil cáipéisíocht dheimhnithe ar fáil don chúirt agus d'aturnae an pháirtí eile, maidir leis na nithe atá leagtha amach sa ráiteas;  
  • Faigh amach cad iad na cruthúnais atá ag teastáil;  
  • áirithigh go bhfuil an cliant ar an eolas faoi fhormáid na héisteachta agus nádúr na fianaise a cheanglófar air nó uirthi a thabhairt;  
  • Faigh amach, mura bhfuil sin déanta cheana féin, an dóigh inar mian leis an gcliant íocaíochtaí cothabhála a íoc / a fháil m.sh., tríd an gCléireach Cúirte Dúiche, trí Bhuanordú, in airgead tirim srl.;  
  • Déan iarracht teacht ar réiteach ar na ceisteanna gan gá leis na páirtithe fianaise a thabhairt;  
  • Áirithigh go bhfuil aon Ordú atá ann roinnte idir an céile agus na leanaí (más iomchuí) agus go bhfuil an modh íocaíochta leagtha amach  san Ordú sin;  
  • Cuir an cliant ar an eolas faoi na céimeanna a fheadfar a ghlacadh chun an tOrdú a fhorfheidhmiú má bhíonn neamhchomhlíonadh ann, faoin bhféidearthacht go ndéanfaí achomharc, agus faoin bhféidearthacht go ndéanfaí iarratas chun an tOrdú a athrú;  
  • Dearbhaigh toradh agus comhairlí i scríbhinn don chliant.

Eochairchéim 5 - Forfheidhmiú  

  • Mura ndéantar íocaíochta atá dlite don Chléireach Cúirte Dúiche, comhairligh don chliant gearán foirmiúil a dhéanamh don chléireach.   Ansin féadfaidh an cléireach toghairm Forfheidhmithe a eisiúint. Os rud é gur toghairm choiriúil í sin ní thagann ceist an chúnaimh dlí chun cinn;  
  • Bí ar an eolas go bhfeadfadh an Chúirt déileáil le toghairm sháraithe cothabhála mar dheis chun Ordú cothabhála a athrú.
  • Mura ndéantar íocaíochtaí don chléireach Cúirte Dúiche, déan iarratas ar dheimhniú cúnamh dlí agus déan bearta chun íocaíochtaí a fhorfheidhmiú.