Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Tugann an Bord um Chúnamh Dlíthiúil ardéileamh leanúnach le fios ar a seirbhísí dlí

D’fhoilsigh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil a dTuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2014 inniu (24 Samhain 2015). Soláthraíonn an Bord cúnamh agus comhairle dlí shibhialta dóibh siúd nach féidir leo íoc as aturnae a choimeád trína líonra náisiúnta d’ionaid dlí agus trí aturnaetha príobháideacha a úsáid. Ó Shamhain 2011 i leith, ghlac an Bord freagracht, chomh maith, as seirbhísí idirghabhála teaghlaigh a sholáthar atá cistithe ag an Stát.

I 2014, tháinig laghdú thart ar 8% ar an éileamh ar sheirbhísí um chúnamh dlíthiúil sibhialta an Bhoird ar fhigiúr 2013 cé go raibh an figiúr ard i gcónaí i gcomparáid leis an tréimhse roimh an gcúlú eacnamaíochta. Léirítear sa Tuarascáil go bhfuair an Bord um Chúnamh Dlíthiúil 16,433 iarratas ar chúnamh agus comhairle dhlíthiúil shibhialta (ceisteanna a bhaineann le tearmann san áireamh). Ar an iomlán, dhéileáil ionaid dlí an Bhoird le 18,338 cás, arb ionann seo agus méadú thart ar 1,000 cás i gcomparáid le 2013, agus atreoraíodh 5,241 cás amach chuig aturnaetha príobháideacha. Lorg 902 duine seirbhísí dlí a bhain le tearmann ón mBord, arb ionann seo agus méadú 27% i gcomparáid leis an mbliain seo caite a léirigh méadú ar na líonta a rinne iarratas ar thearmann sa Stát. Ba í seo an chéad bhliain ar feadh roinnt ama inar tháinig méadú ar na líonta a lorg seirbhísí le haghaidh ceisteanna a bhaineann le tearmann.

Dúirt Cathaoirleach an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil, Muriel Walls, agus an Príomhfheidhmeannach, John McDaid, nuair a bhí a dtuairimí á nochtadh acu ar an tuarascáil, gur cé go leanann tréimhsí feithimh le dúshlán mór a chur roimh an mBord, tháinig laghdú ar na líonta a bhí ag feitheamh le seirbhísí anuas ó 5,067 duine ag tús na bliana, go dtí 3,412 an 31 Nollaig 2014 agus tháinig laghdú ar na líonta, idir an dá linn, go dtí faoi bhun 2,700 duine amhail an 1 Deireadh Fómhair 2015. Is é an dúshlán atá roimh an mBord ná an cumas atá acu chun freastal ar an éileamh nuair atá siad ar an ngannchuid i dtaobh soláthar foirne agus acmhainní airgeadais. Cuirtear fáilte mhór roimh an bhforbairt go bhfuil laghdú ag teacht ar na líonta atá i mbun feithimh. Lean an Bord le seirbhís tosaíochta a chur ar fáil maidir le limistéir áirithe, ar nós foréigean teaghlaigh, fuadach leanaí agus cásanna cúram leanaí. B’ionann iad seo agus 19% de líon iomlán na n-iarratas in 2014. Tá an Bord an-fheasach air gur féidir le moill mhíchuí tionchar diúltach a imirt, ní hamháin ar an duine a lorgaíonn seirbhísí dlí ach freisin ar riaradh níos fairsinge an cheartais i limistéar an teaghlaigh. Cuireadh fáilte an-mhór roimh an méadú os cionn €1.6 milliún a fógraíodh le déanaí a tháinig ar an mbuiséad le haghaidh 2016 agus ba cheart dó seo cabhrú go mór chun na líonta feithimh agus na tréimhsí feithimh a bhreislaghdú.

Leanann an Bord le húsáid fhairsing a bhaint as aturnaetha príobháideacha, go háirithe i dtaobh ceisteanna na Cúirte Dúiche, chun cabhrú le seirbhísí a sholáthar. In 2014, rinne aturnaetha príobháideacha comhairle agus ionadaíocht a sholáthar do líon os cionn 5,200 iarratasóir a tháinig i láthair le fadhb dhlí teaghlaigh. Leagadh béim shuntasach in 2014 ar shinéirgí a fhorbairt idir seirbhísí um chúnamh dlí sibhialta agus seirbhísí idirghabhála teaghlaigh an Bhoird. Anuas ar an tionscnamh idirghabhála a shuíomh i dTeach an Charnáin i mBaile Átha Cliath ina raibh baint ag an tSeirbhís Chúirteanna agus seirbhísí idirghabhála teaghlaigh an Bhoird ar bhonn buan agus tionscadail idirghabhála atá dírithe sa chúirt a choimeád sa Nás, Corcaigh, Luimneach agus i gContae Thiobraid Árann, chuir an Bord tús le triail phíolótach a bhaint as riachtanas i gCorcaigh go bhfreastalaíonn iarratasóirí ar chúnamh dlíthiúil sibhialta le haghaidh díospóidí áirithe dlí teaghlaigh, go háirithe nuair a bhíonn leanbh cleithiúnach i gceist, ar sheisiún faisnéise faoi idirghabháil teaghlaigh sula ndeonaítear deimhniú um chúnamh dlíthiúil orthu chun imeachtaí cúirte a ghlacadh nó a chosaint. (Ní bhaineann an riachtanas le cásanna ina bhfuil foréigean teaghlaigh i gceist).

Níor éirigh linn an fhreagracht a aistriú as bainistiú na príomhscéime um chúnamh dlíthiúil coiriúil faoi dheireadh na bliana 2014. Teastaíonn reachtaíocht atá á dréachtú ón aistriú. Aistríodh an fhreagracht roimhe seo chuig an mBord as cuid de na scéimeanna ad hoc um chúnamh dlíthiúil a sholáthar, ina measc Scéim Chomhairle Dlí Stáisiúin na nGardaí, an Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta, agus Scéim um Chúnamh Dlíthiúil an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla.

Buaicphointí ó Thuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2014 an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Fuair an Bord breis agus 16,400 iarratas ar sheirbhísí dlí shibhialta in 2014, arbh ionann seo agus laghdú thart ar 8% ar an bhfigiúr don bhliain 2014.

Tháinig méadú 27% ar an líon cliaint nua a chláraigh leis an mBord do sheirbhísí a bhain le tearmann. Bhí an figiúr seo comhsheasmhach leis an méadú a tháinig ar na líonta a lorg tearmann in Éirinn.

Phróiseáil an líonra ionaid dlí os cionn 18,300 cás i rith na bliana.

Síordhúshlán a bhí sna tréimhsí feithimh le haghaidh coinne le haturnae i gcásanna um chúnamh dlíthiúil sibhialta, cé gur tháinig an oiread sin d’fheabhas suntasach orthu le linn na bliana gur tháinig laghdú ar na líonta daoine a bhí ag feitheamh le seirbhísí dlí anuas ó bhreis agus 5,050 ag tús na bliana go dtí beagán os cionn 3,400 an 31 Nollaig 2014.

Lean an Bord le seirbhís tosaíochta a sholáthar sa chás gur mheas siad gur theastaigh seirbhís láithreach nó nach mór láithreach. Ina measc seo bhí cásanna foréigean teaghlaigh, fuadach leanaí, cásanna a bhain le hiarratais ón Stáit chun leanaí a thógáil i gcúram agus cásanna lena mbaineann teorainneacha ama atá ar tí dul in éag.

Lean an Bord le húsáid leanúnach a bhaint as cleachtóirí príobháideacha chun cabhrú le líon na gcliant a laghdú a bhí ag feitheamh le seirbhísí dlí. Oibríonn an tseirbhís chleachtóra phríobháidigh, faoi láthair, le haghaidh roinnt saincheisteanna um an dlí teaghlaigh sa Chúirt Dúiche, cé go bhfuil roinnt srianta i bhfeidhm ar chúiseanna buiséadta. Leagadh srian ar an Scéim go mbíonn baint ag cleachtóirí príobháideacha i gceisteanna colscartha agus idirscartha sa Chúirt Chuarda ar mhaithe le cúiseanna buiséadta, cé gurbh ann do thoimhde an-teoranta ina leith ag deireadh na bliana.

Lean an Bord le cur chuige triáise a fheidhmiú sna hionaid dlí siúd nach bhféadfaí seirbhís iomlán dlí a sholáthar sách pras. Is í aidhm an chuir chuige triáise a chinntiú go bhfaigheann gach iarratasóir méid áirithe de chomhairle dlí go tráthúil. Mar gheall air sin, leag na tréimhsí feithimh maidir le roinnt ionad an tréimhse feithimh amach le haghaidh coinne thriáise, mar aon leo siúd le haghaidh an dara comhairliúchán (sa chás go meastar go dteastaíonn sé).

I dtaobh caiteachais ar chúrsaí um chúnamh dlíthiúil de, b’ionann an caiteachas ar an Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta in 2014 agus €3.2 milliún, ar laghdú seo anuas ó €3.4 milliún in 2013. B’ionann an caiteachas ar Scéim Chomhairle Dlí Stáisiúin na nGardaí agus €1.0 milliún, aníos €0.8 milliún in 2013. Is é is dóichí go dtiocfaidh méadú ar chaiteachas ar an Scéim seo i gcomhthéacs na teidlíochta atá ag daoine atá faoi choimeád go mbeidh a n-aturnae i láthair i rith agallaimh. Bhí an caiteachas ar Scéim um Chúnamh Dlíthiúil an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla faoi bhun €330,000, anuas ó €380,000 in 2013. Déanann an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais caiteachas ar na scéimeanna dlí choiriúil seo a dhíscaoileadh agus ní thagann sé ó bhuiséad an Bhoird.

Coimeádadh na tréimhsí feithimh le seirbhísí idirghabhála teaghlaigh laistigh de thrí mhí nó níos giorra i ngach ionad seachas in dhá cheann. Thit 1,526 chéad seisiún idirghabhála amach ag na hoifigí idirghabhála teaghlaigh ginearálta i gcomparáid le 1,288 in 2013. Tugadh 904 comhaontú chun críche i gcomparáid le 837 in 2013.

Bunaíodh an tionscnamh píolótach idirghabhála go buan in 2014 in áitreabh na Cúirte Dúiche Teaghlaigh ag Teach an Charnáin i mBaile Átha Cliath in 2011 mar chuid de réiteach um dhíospóid teaghlaigh an Bhoird nach bhfuil bunaithe sa chúirt a chur chun cinn. Soláthraítear faisnéis faoi fhreastal ar idirghabháil do dhaoine a thagann i láthair ag an gCúirt Dúiche i dtaca le díospóidí teaghlaigh. Tá sé mar ghné lárnach go mbíonn idirghabhálaithe ar an láthair san fhoirgneamh céanna, lena gcuimsítear rochtain éasca ar an bpróiseas seo. Lean a mhacasamhail de thionscnaimh ar siúl sa Nás, Corcaigh, Luimneach agus i gContae Thiobraid Árann.

B’ionann cistiú an Státchiste le haghaidh an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil in 2014 agus €32.574 milliún Áiríodh leis seo soláthar do na seirbhísí traidisiúnta dlí a sholáthraíonn an Bord agus do sheirbhísí idirghabhála teaghlaigh a sholáthar. Áiríodh leis, chomh maith, soláthar do na costais a bhíonn ar na scéimeanna ad-hoc um chúnamh dlíthiúil sibhialta a riar. Tháinig méadú beag ar na leibhéil soláthair foirne aníos go dtí 373 coibhéis lánaimseartha, aníos ó 368 in 2013. D’óstáil an Bord a gcomhdháil bhliantúil dlí teaghlaigh i Meitheamh 2014 i mBaile Átha Cliath. Ba é téama na comhdhála ‘Cúnamh Dlíthiúil Sibhialta i nDomhan ar a bhfuil Mearathrú ag Teacht’. Labhair roinnt cainteoirí ardphróifíle ag an gcomhdháil ar ghnéithe éagsúla de dhlí sibhialta in Éirinn agus thar lear.

CRÍOCH

Chun teacht ar bhreis faisnéise, déan teagmháil le: An tUasal John McDaid, Príomhfheidhmeannach, 087 6597358

An tUasal Eileen Bowden, Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha 087 6287432