Conradh Custaiméirí
Cúram Custaiméirí agus Seirbhís Ardchaighdeáin:
- Aithneofar riachtanais dhlíthiúla ár gcustaiméirí agus na bealaí is oiriúnaí chun na saincheisteanna lena mbaineann a réiteach i gcónaí.
- Cuirfimid seirbhís thráthúil agus ardchaighdeáin ar fáil i gcomhréir le téarmaí na scéime reachtúla.
- Gheobhaidh custaiméirí an chéad choinne le haturnae agus/nó idirghabhálaí a luaithe is féidir.
- I gcás nach féidir coinne a thabhairt dár gcustaiméir le haturnae agus/nó idirghabhálaí go tráthúil, coinneoimid ár gcustaiméir ar an eol
Rúndacht
- Tabharfaimid urraim agus coimeádfaimid rúndacht ár gcustaiméirí.
- Cuirfimid na háiseanna riachtanacha ar fáil chun príobháideacht na gcomhairliúchán a chinntiú.
Ionracas/Caighdeáin Ghairmiúla:
- Cuirfimid seirbhís ar fáil a chuimsíonn na caighdeáin ghairmiúla a cheanglaítear ar fhoireann na seirbhíse poiblí i gcoitinne agus ar chleachtóirí dlí agus idirghabhálaithe go háirithe.
- Cinnteoimid go mbeidh ár bhfoireann tosaigh oilte chun seirbhís ghairmiúil do Chustaiméirí a sholáthar.
Éifeachtúlacht agus cost-éifeachtúlacht:
- Cuirfimid seirbhís éifeachtach agus luachmhar ar airgead ar fáil i ngach réimse dár n-oibríochtaí.
- Oibreoidh muid córais le haghaidh bainistíocht cásanna agus monatóireacht cásanna chun an tréchur uasta cásanna a chinntiú gan cur isteach ar na caighdeáin ghairmiúla cuí.
Comhsheasmhacht
- Oibreoidh muid ár seirbhísí i gcónaí. ar bhealach comhsheasmhach idir iarratasóirí ar ár seirbhísí agus ag an am céanna á aithint go mbeidh tréithe aonair ag baint le gach cás
Faisnéis
- Cuirfear faisnéis chuimsitheach, chruinn agus thráthúil ar fáil faoi sheirbhísí an Bhoird i bhfoirm bhileoga faisnéise;
- Scríobhfar ár mbileoga faisnéise a mhéid is féidir, i dteanga shimplí agus i bhformáid atá éasca le tuiscint;
- Coinneoimid suíomh Gréasáin inrochtana, cuimsitheach agus cothrom le dáta
- Beidh cóipeanna dár mbileoga faisnéise agus dár bhfoirmeacha cuí ar fáil i gcónaí inár n-ionaid oibre go léir;
- Cuirfear custaiméirí ar an eolas faoina dteidlíochtaí agus a n-oibleagáidí faoin Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta;
- Cuirfimid faisnéis shoiléir agus cheart ar fáil go pras nuair a iarrtar í - agus i gcásanna nach féidir linn faisnéis a scaoileadh, míneoimid cén fáth.