An Bord
De réir an Achta um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, 1995, tá an Bord comhdhéanta de chathaoirleach agus de dheichniúr gnáthchomhaltaí.
D’fhógair an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Helen McEntee TD, ceapachán Boird nua ar an 10 Samhain 2021, ar feadh téarma cúig bliana. I gcomhréir le beartas an Rialtais, rinneadh na ceapacháin trí thairseach na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, www.stateboards.ie.
Is í an tUasal Nuala Egan, Abhcóide Sinsearach, an Cathaoirleach. Thosaigh Nuala ag cleachtadh mar abhcóide sa bhliain 1997 agus ceapadh í ina hAbhcóide Sinsearach sa bhliain 2022. Díríonn a cleachtas ar ghnéithe den dlí bunreachtúil, den dlí um chearta an duine agus den dlí riaracháin. Roimhe seo, bhí sí ina léachtóir dlí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus in Ollscoil na Gaillimhe, ina taighdeoir dlí sa Choimisiún um Athchóiriú an Dlí, agus ina comhairleoir do Choistí an Oireachtais. Tá saothair foilsithe aici sna réimsí dlí a bhfuil spéis aici iontu, lena n-áirítear dlí an tearmainn agus na hinimirce, dlí poiblí a bhaineann le leanaí, agus dlí comhshaoil idirnáisiúnta agus forbairt.
Is iad seo a leanas na comhaltaí eile den Bhord:
- Michael Bourke, Aturnae
- Gordon Jeyes, iar-Phríomhfheidhmeannach Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus Teaghlaigh
- Catherine Keane, Aturnae
- Maurice Lawlor, Oifigeach don Aire Cosanta Sóisialta
- Freda McKittrick, iar-Leas-Stiúrthóir, Barnardos
- Niamh O'Hanlon, Cléireach Dlíthiúil, an Bord um Chúnamh Dlíthiúil
- Tracy O'Keeffe, Oifigeach don Aire Dlí agus Cirt
- Sara Kearney, ainmní ón bhfoireann
- Donnchadh Woulfe BL, ceaptha tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS)
- Liam Ryan, Aturnae
- Jane McGowan, Abhcóide
- Maeve Brett, an Roinn Caiteachais Phoiblí, an Phlean Forbartha Náisiúnta (NDP) agus Athchóirithe