Gabrielle Henderson Hjckknwcxxq Unsplash

Cúnamh Dlí Coiriúil

Tabhair faoi deara, le do thoil, go riarann an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce an phríomh-Scéim um Chúnamh Dlíthiúil, a chlúdaíonn na Cúirteanna Dúiche agus Cuarda. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo ag criminallegalaid@justice.ie. 

Bainistímid riarachán trí scéim chúnaimh dhlíthiúil choiriúil níos lú, mar atá leagtha amach thíos:

1. Scéim Athbhreithnithe um Chomhairle Dlíthiúil Stáisiún an Gharda Síochána

Tá an Bord um Chúnamh Dlíthiúil freagrach as riarachán na Scéime seo ó Dheireadh Fómhair 2011. Soláthraíonn an Scéim Athbhreithnithe um Chomhairle Dlíthiúil Stáisiún an Gharda Síochána comhairle dhlíthiúil do dhaoine atá á gcoinneáil i Stáisiúin an Gharda Síochána. Féadfaidh aturnaetha táille a éileamh freisin as daoine atá á gcoinneáil a thionlacan chuig agallaimh an Gharda Síochána más iarrtar sin.

Tá téarmaí agus critéir incháilitheachta sonracha ag baint leis an Scéim. Féach na téarmaí anseo.

2. Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta

Tá an Bord um Chúnamh Dlíthiúil freagrach as riaradh na Scéime um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta (LA-CIS) ó Mheitheamh 2012. Forálann an Scéim seo, i gcúinsí áirithe, ionadaíocht dhlíthiúil i gcineálacha áirithe cásanna amhail Eiseachadadh, Barántas Gabhála Eorpach, Iarratais ar Bhannaí san Ard-Chúirt (agus achomhairc bhannaí chuig an gCúirt Achomhairc), Habeas Corpus agus cineálacha áirithe Athbhreithnithe Breithiúnaigh.

Tá an Scéim faoi réir téarmaí agus critéir incháilitheachta sonracha. Féach na téarmaí anseo.

3. An Biúró um Shócmhainní Coiriúla (CAB) – Scéim um Chúnamh Dlíthiúil Ad-hoc

Tá an Bord um Chúnamh Dlíthiúil freagrach as riaradh na Scéime CAB ó Eanáir 2014. Forálann Scéim um Chúnamh Dlíthiúil Ad-hoc an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla (CAB) ionadaíocht dhlíthiúil i gcásanna áirithe nach dtagann faoi na Scéimeanna um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta ná um Chúnamh Dlíthiúil Coiriúil. Áirítear ar na cineálacha cásanna cásanna Fáltais Choireachta, Leasa Shóisialaigh agus Achomhairc Chánach ina bhfuil an Biúró um Shócmhainní Coiriúla nó a Phríomhoifigeach Biúró nó aon bhall den Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla mar Fhreagróir agus/nó mar Chosantóir.

Tá téarmaí agus critéir incháilitheachta sonracha ag gabháil leis an Scéim. Féach na téarmaí anseo.