Gabrielle Henderson Hjckknwcxxq Unsplash

Oifigeach Míchumais

Tá beirt Oifigeach Idirchaidrimh do Dhlí faoi Mhíchumas ag an mBord um Chúnamh Dlíthiúil a éascaíonn do chomhghleacaithe nua, agus do bhaill foirne fadtéarmacha a bhfuil riachtanais éiritheacha acu, an cúnamh a theastaíonn uathu le rannpháirtíocht iomlán san ionad oibre. Chuige sin, deonaíodh roinnt iarratas ar Chóiríocht Réasúnta san Ionad Oibre de réir na nAchtanna um Chomhionannas in 2023. Ba é céatadán na mball foirne a dhearbhaigh míchumas ná 6%. Éascaíonn Aonad Acmhainní Daonna an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil iarratasóirí i gcomórtais earcaíochta le Socruithe Réasúnta chun rannpháirtíocht iomlán agus chomhionann a chinntiú agus iad in iomaíocht le haghaidh deiseanna. Cuireann ár nAonad Foghlama agus Forbartha tionscnaimh ábhartha ar fáil i rith na bliana mar fheasacht meabhairshláinte, feasacht EDI agus imeachtaí na míosa Pride.

Oifigeach Rochtana

De réir alt 26(2) den Acht um Míchumas 2005, tá oifigeach rochtana ceaptha ag an mBord um Chúnamh Dlíthiúil. Is é an tOifigeach Rochtana pointe teagmhála ainmnithe an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil do dhaoine faoi mhíchumas ar mian leo rochtain a fháil ar ár seirbhísí.

Sonraí teagmhála:

Oifigeach Rochtana
An Bord um Chúnamh Dlíthiúil
Sráid na Céibhe,
Cathair Saidhbhín,
Co. Chiarraí
V23 RD36

Teileafón: 066 947 1000
R-phost: accessofficer@legalaidboard.ie