Conas a chuirim iarratas isteach?
Déanann an fhoireann um Thír Bhunaidh (COI) taighde agus soláthraíonn siad faisnéis ábhartha atá cothrom le dáta maidir leis na coinníollacha i dtíortha tionscnaimh, chun tacú le cásanna a bhaineann le cosaint idirnáisiúnta. Is féidir iarratais ar fhaisnéis shonrach faoi thíortha tionscnaimh a sheoladh trí ríomhphost chuig research@legalaidboard.ie.
I measc na n-ábhar a chlúdaíonn an fhoireann seo tá:
- Cearta Daonna;
- Mná;
- Polaitíocht;
- Coinbhleacht/Slándáil/Cosaint Stáit;
- Príosún/Crá;
- Creideamh;
- Dídeanaithe/Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta/Daoine atá
- Díláithrithe laistigh dá dTír Féin (IDPanna);
- Cúrsaí Daonnúla/Forbairt;
- Sláinte;
- Daoine LADT.
Samplaí de cheisteanna:
An bhféadfá nuashonruithe a sholáthar maidir leis an staid dhaonnúil reatha i [Tír X]?
Conas a chaitear le daoine a bhaineann le [ábhar sonrach] i measc an phobail agus ag an bpóilíneacht i [Tír Y]?
Cén chaoi a bhfuil an staid slándála i [Tír Z]?
Agus iarratais á gcur isteach agat, cuir san áireamh an dáta ar mhaith leat go mbeadh an t-iarratas críochnaithe faoi, do cheist/cheisteanna, agus d’uimhir thagartha.