Cuireann an Bord um Chúnamh Dlíthiúil fáilte roimh fhoilsiú Thuarascáil an Chomhchoiste maidir le Cúnamh Dlíthiúil Sibhialta
Cuireann an Bord um Chúnamh Dlíthiúil fáilte roimh fhoilsiú an lae inniu ar Thuarascáil an Chomhchoiste um Cheartas, Gnóthaí Baile agus Imirce maidir le Cúnamh Dlíthiúil Sibhialta. Tagann an tuarascáil i ndiaidh scrúdú cuimsitheach ar an Scéim um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta agus léiríonn sí plé le raon leathan páirtithe leasmhara, an Bord um Chúnamh Dlíthiúil san áireamh.
Cuireann an Bord um Chúnamh Dlíthiúil fáilte roimh an aitheantas a thugann an Coiste don ról ríthábhachtach atá ag cúnamh dlíthiúil sibhialta maidir le rochtain ar an gceartas a chinntiú, chomh maith leis an aitheantas a thugann sé don éileamh méadaitheach ar sheirbhísí cúnaimh dlíthiúil. Tá béim curtha ag an Coiste ar an ngá atá le hinfheistíocht leanúnach, le hathchóiriú agus le forbairt acmhainneachta, chun a chinntiú go leanfar de sholáthar seirbhísí cúnaimh dlíthiúil atá inrochtana agus ar ardchaighdeán ar fud na tíre.
Léiríonn tuarascáil an Choiste roinnt saincheisteanna a d’ardaigh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil le linn an phlé a bhí aige leis an gCoiste, lena n-áirítear:
an gá atá le hacmhainní leordhóthanacha inbhuanaithe do sheirbhísí cúnaimh dlíthiúil sibhialta;
infheistíocht i bhfoireann, i bhfostú agus i gcoinneáil foirne;
tábhacht an chlaochlaithe dhigitigh agus nuachóiriú na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC);
an gá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar chritéir incháilitheachta airgeadais agus ar na liúntais ghaolmhara;
forbairt leanúnach na hidirghabhála mar mhodh éifeachtach chun díospóidí a réiteach go luath; agus
tábhacht a chinntiú go mbeidh na hacmhainní riachtanacha agus an acmhainneacht eagraíochtúil i bhfeidhm i gcás aon leathnú a dhéanfar amach anseo ar sheirbhísí cúnaimh dlíthiúil sibhialta.
Ag trácht di ar fhoilsiú na tuarascála, dúirt Joan Crawford, Príomhfheidhmeannach an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil:
"Cuirim fáilte roimh fhoilsiú na tuarascála seo agus roimh an mbreithniú cúramach a rinne an Coiste ar thodhchaí an chúnaimh dlíthiúil shibhialta in Éirinn.
Bhí áthas ar an mBord um Chúnamh Dlíthiúil an deis a fháil cur le hobair an Choiste agus ár dtaithí a roinnt maidir le seirbhísí cúnaimh dlíthiúil sibhialta agus idirghabhála teaghlaigh a sholáthar ar fud na tíre.
Aithníonn an tuarascáil an t-éileamh méadaitheach ar sheirbhísí cúnaimh dlíthiúil, chomh maith leis an tábhacht a bhaineann lena chinntiú gur féidir leis na daoine a bhfuil na seirbhísí sin ag teastáil uathu leanúint de rochtain a fháil orthu ar bhealach tráthúil éifeachtach. Aithníonn sí freisin na dúshláin a bhaineann leis an éileamh ar sheirbhísí, le hacmhainneacht an lucht saothair, agus leis an ngá atá le hinfheistíocht leanúnach i mbonneagar agus i dtacaíocht.
Tá an Bord um Chúnamh Dlíthiúil tiomanta i gcónaí oibriú i gcomhar leis
Leagann tuarascáil an Choiste béim freisin ar an rannchuidiú tábhachtach a rinne foireann an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil, cleachtóirí príobháideacha, abhcóidí, idirghabhálaithe agus eagraíochtaí comhpháirtíochta chun tacú le rochtain ar cheartas do dhaoine a bhfuil deacrachtaí dlí acu, lena n-áirítear daoine aonair agus teaghlaigh leochaileacha.
Tá an Bord um Chúnamh Dlíthiúil ag tnúth le leanúint lena rannpháirtíocht leis an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce agus le geallsealbhóirí eile agus na moltaí atá sa tuarascáil agus san Athbhreithniú ar Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta á mbreithniú.
Teagmhálaí na Meán:
Aonad Cumarsáide
Bord um Chúnamh Dlíthiúil
communications@legalaidboard.ie
- Cuairt an tAire Niall Collins ar Ionad Dlí agus Meán Teaghlaigh Luimnigh
- Cuairt ar Ionad Dlí Trá Lí ag an Aire Jim O’Callaghan agus an Aire Norma Foley
- Clár Tacaíochta Dlí agus an tAire Stáit Niall Collins ag Oscailt Ionad Dlí agus Tionól Teaghlaigh Nua i gCasla Barra
- Osclaíodh Ionad Naisc Dlí agus Teaghlaigh Nua na Boird Chúnamh Dlí i mBaile Munna
- Foilsíonn Bord Cúnamh Dlí a Ráiteas Stráidéise 2024 - 2026
- Tá seirbhís nua glao ar ais idirghníomhach teaghlach seolta ag an mBord Cabhrach Dlí.
- Tuairisc Bhliantúil Bhord Tacaíochta Dlí 2022: Dul Chun Soreach I Measc Cuardach Seasta ar an Dsás.
- Reáchtálann an Bord um Chúnamh Dlíthiúil imeacht dhá lá don fhoireann agus seolann sé suíomh gréasáin athnuachana
- Tugann an tAire Jim O’Callaghan TD cuairt ar Ionad Dlí Mhargadh na Feirme chun aird a tharraingt ar sheirbhísí an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil.
- Ráiteas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil maidir le hAthbhreithniú ar an Scéim um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta
- Seoladh Thuairisc Bhliantúil 2024, leis an bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin Joan Crawford agus an tAire Dlí agus Cirt, Jim O'Callaghan
- Osclaíonn an Bord um Chúnamh Dlíthiúil Ionad Nua um Dlí agus Idirghabháil Teaghlaigh i nGaillimh (Woodquay)
- Cuireann an Bord um Chúnamh Dlíthiúil fáilte roimh fhoilsiú Thuarascáil an Chomhchoiste maidir le Cúnamh Dlíthiúil Sibhialta
- Réaltachtaí Beo: Eispéiris Íospartach-Mharthanóirí ar Thrialacha a bhaineann le Cionta Gnéis in Éirinn
- Cuma Nua ar an mBord um Chúnamh Dlíthiúil