Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Nósanna Imeachta & Treoirlínte chun Táillí mar Fhinné Saineolach a Éileamh agus Coimisiúnú Tuarascálacha

1. Ginearálta

Tá faisnéis thábhachtach sa doiciméad seo maidir leis an nós imeachta ceart chun leas a bhaint as seirbhísí finné saineolach (m.sh. saineolaí leighis) nó chun tuarascáil a choimisiúnú agus éilimh a chur isteach ina dhiaidh sin faoin Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta. Ba cheart do gach soláthraí seirbhísí agus aturnae na treoirlínte sin a léamh agus dul i gcleachtadh orthu toisc go seolfaidh an Bord ar ais éilimh a chuirtear isteach i bhformáid mhícheart nó gan an fhaisnéis riachtanach chuig an aturnae iomchuí le haghaidh tuilleadh Ba cheart an doiciméad seo a léamh i gcomhar le Forálacha agus Treoirdhoiciméad na Scéime um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta atá ar fáil ag na sonraí teagmhála in Alt 7.

2. An gá a bhíonn le seirbhísí finné saineolach

Faoin Scéim, níor chóir seirbhísí finné saineolach nó coimisiúnú tuarascála a lorg ach amháin nuair atá géarghá leis sin chun cás an chliaint a ullmhú agus a sheoladh i gceart. In imthosca den sórt sin, is faoin aturnae ábhartha a bheidh sé, chomh luath agus is féidir, insint don Chúirt go bhfuil sé i gceist acu oibriú le finné saineolach nó tuarascáil a choimisiúnú. Ina theannta sin, ag deireadh na n-imeachtaí, má tá an Chúirt sásta go raibh seirbhísí finné saineolach nó coimisiúnú tuarascála(cha) riachtanach chun an cás a ullmhú agus a sheoladh i gceart, áireoidh an Chúirt ina hOrdú deiridh
moladh chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil ina sonróidh sí cé na finnéithe agus / nó tuarascálacha a bhí riachtanach agus ba chóir a chumhdach faoin Scéim.

3. Measúnú á dhéanamh ar éileamh

Nuair atá measúnú á dhéanamh ar éileamh i gcomhair íocaíochta maidir le finné saineolach nó coimisiúnú tuarascála, cuirfidh an Bord forálacha na Scéime san áireamh, agus aird á thabhairt ar mholadh na Cúirte agus ní údaróidh sí go n-íocfar ach as costais réasúnta agus in imthosca inar moladh gur rud riachtanach é finné saineolach a fhostú chun cás an chliaint a ullmhú agus a sheoladh i gceart. Tá an taturnae a fhostaíonn an finné saineolach nó a dhéanann coimisiúnú ar thuarascáil freagrach as míniú a thabhairt don Chúirt maidir le hábharthacht an fhinné saineolach nó na tuarascála do na saincheisteanna a pléadáladh agus as a rannpháirtíocht a dheimhniú i gcomhréir le forálacha Alt 6. Ba cheart a thabhairt ar aird nach bhféadfar éilimh ar tháillí maidir le finnéithe saineolacha nó coimisiúnú tuarascálacha a dhéanamh roimh an Ordú Cúirte deiridh ina moltar don Bhord um Chúnamh Dlíthiúil gur cheart an Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta a chur i bhfeidhm.

Ba cheart a thabhairt ar aird freisin i gcás ina gcuireann finné saineolach tuarascáil le chéile thar ceann cliaint, ach nach n-úsáideann aturnae an chliaint tuarascáil an fhinné saineolach sin ina dhiaidh sin, ní dhéanfar an costas a bheidh leis an dara tuarascáil ón bhfinné saineolach céanna nó ó fhinné difriúil maidir leis an ábhar a aisíoc faoin Scéim.

4. Na táillí / costais iníoctha le haghaidh finnéithe saineolacha / coimisiúnú tuarascálacha

Faoi réir ag gach éileamh a bhreithniú ar bhonn aonair faoi fhorálacha na Scéime agus le héifeacht ón 1 Meitheamh 2013, ní bheidh na táillí agus na costais a bheidh iníoctha maidir le finné saineolach a fhostú nó tuarascáil a choimisiúnú níos mó ná na táillí agus na costais atá leagtha amach in Aguisín A den doiciméad seo. Féadfar suimeanna mar sin a nuashonrú de réir mar is cuí agus de réir mar a iarrann an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais é sin.

Ba cheart a thabhairt ar aird nach n-airbheartaíonn sé gur liosta uileghabhálach é an liosta de shaineolaithe agus de thuarascálacha in Aguisín A. Ina ionad sin, tá sé i gceist treoir a thabhairt maidir leis na táillí agus na costais a fhéadfar a bhreithniú i gcomhair íocaíochta faoin Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta.

I gcás gur mian le haturnae cás a dhéanamh chun táille níos airde a íoc maidir le finné saineolach ná mar atá leagtha amach in Aguisín A, ba cheart an cás maidir le táille níos airde a chur isteach i scríbhinn mar aon le gach doiciméadúchán ábhartha mar thaca leis an éileamh. Ba cheart é sin a dhéanamh ag an am céanna is a chuirtear isteach an t-éileamh uileghabhálach mar atá leagtha amach i Alt 5 agus 6 thíos. Ba cheart a thabhairt ar aird ionas go mbeidh sé níos éasca táillí níos airde ná mar iad sin atá leagtha amach in Aguisín A a bhreithniú i gcomhair íocaíochta, go mbeidh gá le cás mionsonraithe agus an-láidir a chur isteach mar thaca leis an éileamh. Breithneoidh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil gach éileamh ar a bhfiúntas féin ach is féidir a thabhairt ar aird go measann an Bord go mbeidh na táillí agus na costais atá leagtha amach in Aguisín A ina aisíocaíocht réasúnta ar fhormhór na n-éileamh a thiocfaidh chun cinn faoin Scéim.

5. Éileamh a chur isteach

Níor cheart ach don aturnae atá ar taifead gach éileamh ar tháillí faoin Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta a chur isteach. Ba cheart d’fhinné saineolach nó don té atá ag soláthar tuarascála a chinntiú go gcuirtear gach sonrasc bunaidh a bhaineann le cás ar aghaidh chuig an aturnae ábhartha faoin dáta is luaithe is féidir. Cinnteofar leis sin go bhféadfar a n-éileamh a chur san áireamh leis an éileamh uileghabhálach a dhéanfaidh an aturnae ar tháillí tar éis chur i gcrích na nimeachtaí. De bhreis ar na suimeanna arna n-éileamh, ba cheart go mbeadh uimhir shonraisc shonrach agus dáta sonraisc ar gach sonrasc. Ba cheart go mbainfeadh gach sonrasc a chuirtear isteach le cliant / cás amháin agus ba cheart go mbeadh tagairt shoiléir d’ainm an chliaint agus d’Uimhir Thaifid na Cúirte.

Ina dhiaidh sin, ba cheart don aturnae ábhartha a chinntiú go gcuirtear gach sonrasc i dtaca leis an tseirbhís mar aon le haon éilimh eile a thagann chun cinn (lena n-áirítear abhcóide) isteach lena n-éileamh féin ar tháillí dlí. Níor chóir éilimh ar íocaíocht a chur isteach ina bpíosaí toisc go gcruthaítear moill gan ghá leis seo nuair a bhítear i mbun measúnaithe iomlán ar éileamh. Ba cheart go mbeadh cóip den Ordú Cúirte lena ndearnadh an moladh don Bhord um Chúnamh Dlíthiúil maidir le haisíoc costas a bhain le finné saineolach a fhostú nó tuarascáil a choimisiúnú san áireamh leis an éileamh.

6. Oibleagáidí deimhnithe an aturnae

Faoin Scéim, tá aturnae a fhostaíonn finné saineolach nó a dhéanann coimisiúnú ar thuarascáil freagrach as na rudaí seo a leanas:

  • a dheimhniú go raibh gá leis an tseirbhís a fhostú agus ábharthacht seirbhíse den sórt sin do na saincheisteanna a pléadáladh agus a dheimhniú go raibh sé riachtanach chun cás an chliaint a ullmhú agus a sheoladh i gceart agus go raibh an inniúlacht iomchuí ag an duine nó ag an gcuideachta a sholáthair na seirbhísí chun seirbhís ghairmiúil a chur ar fáil,
  • nuair is iomchuí, a dheimhniú gur fhreastail an soláthraí seirbhísí ar na dátaí agus na hamanna a d’ordaigh an t-aturnae agus ag deimhniú freisin cruinneas na n-uaireanta a oibríodh agus an méid a éilíodh,
  • chinntiú go gcuirtear sonrasc bunaidh ar a bhfuil uimhir shonraisc uathúil ón gcuideachta iomchuí (ní mór sonraí a bheith air maidir leis na seirbhísí arna soláthar) isteach lena bhreithniú,
  • tiomsú agus a chinntiú go gcuirtear gach gné den éileamh, lena n-áirítear doiciméid ón ngnólacht aturnae, ón abhcóide sóisearach (agus, nuair is iomchuí, sinsearach), ó fhinnéithe saineolacha agus ó sholáthraithe seirbhíse eile isteach le chéile in aon éileamh amháin díreach tar éis an cás a chur i gcrích,
  • a chinntiú, chun críocha iniúchóireachta, go gcoinníonn siad fianaise de na seirbhísí a coimisiúnaíodh (lena n-áirítear cóipeanna de thuarascálacha srl).

7. Fiosrú a dhéanamh maidir le stádas éilimh

Ba cheart d’fhinnéithe saineolacha nó soláthraithe tuarascálacha gach fiosrú maidir lena n-éileamh ar íocaíocht a chur ar aghaidh chuig an ngnólacht aturnae ábhartha a d’fhostaigh iad agus ar chuir siad an t-éileamh isteach chuige. Ba cheart do ghnólachtaí aturnae aon fhiosruithe atá acu maidir leis an éileamh a chur ar aghaidh iad féin chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil.

Ina theannta sin, ba cheart gach ceist maidir le feidhmiú an phróisis seo nó maidir leis an mbealach ina mbreithneofar éilimh faoin doiciméad seo a chur ar aghaidh freisin chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil ag na sonraí teagmhála atá leagtha amach thíos.

An Bord um Chúnamh Dlíthiúil

An Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta

Rannóg um Chúnamh Dlíthiúil Coiriúil

47 Sráid an Mhóta Uachtarach

Baile Átha Cliath 2

Teileafón: (01) 6441913

Ríomhphost: cla@legalaidboard.ie

 

Aguisín A

Tábla 1: Táillí is iníoctha le Finnéithe Saineolacha

Saineolaithe

Preparation Fees

(imscrúdú / tuarascáil)

Freastal ag Cúirt Táillí

Lá Iomlán / Leath Lá

Liachleachtóir comhairleach síciatraí

comhairleach, paiteolaí comhairleach

€120 in aghaidh na
huaire

€610 / €435

Eolaí fóiréinseach, síceolaí,

síciatraí, suirbhéir, cuntasóir fóiréinseach, cuntasóir, innealtóir, liachleachtóir, luibheolaí, ailtire, tréidlia, meitéareolaí

€100 in aghaidh na huaire

€610 / €435

Saineolaí dóiteáin (measúnóir)

agus/nó pléascán

€90 in aghaidh na huaire

€475 / €238

Saineolaí méarloirg, measúnóir

mótair

€70 in aghaidh na huaire

€475 / €238

Gnáth-Thuarascálacha Teicniúla Eile:- m.sh. anailís DNA, anailís ar láthair ceall;

Tuarascálacha balaistíochta;

Anailís, Imscrúdú nó Feabhas ar CCTV/DVD/Tiomántán Diosca/Cárta SIM/ Closthrealamh;

€70 in aghaidh na huaire

€475 / €238

Imscrúdú ar láithreán, tomhas, mapáil srl a bhaineann le teaghmais/mótarfheithiclí/trácht €70 per hour

Tacaíocht abhcóideachta (ina bhfuil míchumas intleachtúil ag dul do chliant an aturnae)

€475 / €238

Liachleachtóir Ginearálta

€200

(Ráta comhréidh in aghaidh na Tuarascála)

 

Tuarascáil Úranailíse

€200

(Ráta comhréidh in aghaidh na Tuarascála)

 

Ba cheart a thabhairt ar aird i gcás go gcaithfidh finné saineolach bualadh le cliant / agallamh a chur ar chliant agus nach mbíonn an duine sin ar fáil, ansin is é an cliant a chaithfidh íoc as an gcostas sin. Ní íocfaidh an Stát na costais a bhaineann le coinní a cailleadh.

Íocfar finnéithe saineolacha a chaithfidh a bheith fostaithe lasmuigh den dlínse ag na rátaí is infheidhme in Éirinn agus is é an ráta malartaithe iomchuí a chuirfear i bhfeidhm ná an ráta malartaithe is infheidhme ar dháta an tsonraisc.

 

Tábla 2: Costais Iníoctha le Finnéithe Saineolacha agus Neamh-Shaineolach

A. Costais Taistil.

De réir mar is cuí, íocfar finnéithe saineolacha as am taistil a bhí riachtanach chun tuarascálacha a ullmhú. Íocfar am taistil riachtanach ag leath an ráta oibre ábhartha mar atá leagtha amach i dTábla 1 thuas.

Ní íoctar am taistil le finnéithe saineolacha maidir le bheith i láthair i gcúirt toisc go meastar é a bheith áirithe sa táille as freastal ar chúirt.

Íocfar costais taistil den sórt sin (táillí aeir / farantóireachta) le finnéithe saineolacha a thagann go hÉirinn ó thar lear ach iad a gcuid ticéad / admhálacha a thaispeáint.

B. Costais míleáiste.

Íocfar míleáiste ab éigean a thabhú, mar is infheidhme, ag ráta 0.24c in aghaidh km.

C. Costais eile.

Ní íocfar costais deimhnithe réasúnta, lena n-áirítear cóiríocht, ach amháin nuair a thaispeántar admhálacha agus é faoi réir uasmhéid €105 in aghaidh gach 24 uair an chloig.

Aisíocfar costais pháirceála deimhnithe ach beidh sé faoi réir €10 in aghaidh an lae.

D. Finnéithe neamh-saineolach.

I gcás go mbeadh údar le finné neamh-saineolach a bheith i láthair ag Éisteacht Chúirte mar chuid d’ullmhúchán agus seoladh ceart chás an chliaint, aisíocfar finnéithe den sórt sin as costais ab éigean dóibh a thabhú agus as tuillimh a chaill siad de bhun na bhforálacha seo a leanas.

Ba cheart gach finné neamh-saineolach ar gá dóibh freastal ar an gcúirt a chur ar an eolas sula bhfreastalaíonn siad nach mór dearbhán a bheith ag gabháil le gach éileamh maidir le costais cosúil le tacsaithe, caillteanas tuilleamh, páirceáil, béilí agus taisteal. Ní bhreithneofar éilimh nach bhfuil dearbhán ag gabháil leo i gcomhair íocaíochta. Ba cheart iompar poiblí a úsáid nuair is féidir. Má chaitheann an finné a charr nó a carr príobháideach féin a úsáid, beidh feidhm ag míleáiste bunaithe ar fhigiúr turas fillte ag na rátaí atá leagtha amach i Rannóg B.

Ní mór d’fhostóir an éilitheora éilimh maidir le caillteanas tuilleamh a dheimhniú agus an t-oll-chaillteanas agus an caillteanas glan tuilleamh atá á n-éileamh a lua. Ní mór do dhuine atá féinfhostaithe nóta a fháil óna chuntasóir ag tabhairt le fios go bhfuil údar leis an gcaillteanas tuilleamh atá á éileamh aige.

Tá ionchas ann nach gcaillfeadh fostaithe Comhlachtaí Stáit cosúil le hÚdaráis Áitiúla agus Boird Sláinte aon chaillteanas ioncaim nó go mbeadh dualgas orthu saoire bhliantúil a ghlacadh agus iad ag freastal ar an gCúirt mar fhinnéithe i gcásanna a bhfuil cúnamh dlíthiúil ar fáil. I gcás inar mian le daoine mar sin caillteanas tuilleamh nó cúiteamh a éileamh toisc go raibh orthu saoire bhliantúil a ghlacadh, ba cheart go gcuirfí an t-ionchas roimhe seo in iúl dóibh agus go ndéarfaí leo labhairt lena bhfostóir chun an cheist a phlé.

Is gá a rá le gach finné a gcuid costais a choimeád ag leibhéal réasúnta, go háirithe má bhíonn orthu taisteal ó thar lear.It is imperative that all witnesses must be informed to keep their expenses at a reasonable level, particularly if they have to travel from abroad.