Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

An Príomhfheidhmeannach

Is é an tUasal John McDaid príomhfheidhmeannach an Bhoird ar ceapadh sa ról i mí na Nollaig, 2014. Chuaigh John isteach sa Bhord mar aturnae i 1993 agus i ndiaidh tréimhse ghairid a bheith ag obair in ionad dlí Chluain Dolcáin, d'oibrigh sé mar Aturnae Bainistíochta in ionaid dlí an Longfoirt, in Ionaid Dlí na hUaimhe agus i Seirbhís Dlí Dídeanaithe an Bhoird i mBaile Átha Cliath. In 2005 ghlac sé ról sinsearach bainistíochta mar Oifigeach Idirchaidrimh Ghairmiúil  sular éirigh leis a bheith ina Stiúrthóir Cúnaimh Dhlíthiúil Shibhialta, post a bhí aige go dtí gur ceapadh ina Phríomhfheidhmeannach é. Is "oifigeach poiblí ainmnithe" é John chun críche an Achta um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.