Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

40 Bliain de Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta

Tá an Bord um Chúnamh Dlíthiúil ag ceiliúradh ár gcomóradh 40 bliain faoi láthair. Tá achoimre ar ár bpríomhchlocha míle le 40 bliain anuas tugtha inár dtrífhilleadh don Chomóradh 40 Bliain.

CEO
John McDaid, Príomhfheidhmeannach, agus é ag tabhairt óráide ag an ócáid chomórtha 40 bliain a tharla le déanaí

Teachtaireacht ónár bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin an tUasal John McDaid.

Léirigh an fás ar chúnamh dlíthiúil le linn an 20ú hAois go bhfuil glactha leis gur ceart bunúsach daonna é rochtain ar cheartas agus go raibh gá le hidirghabháil Stáit chun an ceart sin a chinntiú. Ba chéim shuntasacht i dtreo an aidhm ceartas a éascú do shochaí uile na hÉireann í an Scéim um Chúnamh agus Comhairle Dhlíthiúil Shibhialta a thabhairt isteach ag deireadh 1979 .

Tá athrú mór tagtha ar smaointeoireacht shóisialta, ar luachanna agus ar ionchais na saoránach ó ceapadh an chéad Bhord ceathracha bliain ó shin. Bhí baint ghníomhach ag an mBord um Chúnamh Dlíthiúil, trí rannpháirtíocht a fheabhsú agus trí ghuth a thabhairt do shaoránaigh agus iad ag iarraidh a gcearta a dhearbhú, agus é mar chuid amháin de chreat níos leithne a chuidigh le dlíthe, le beartais agus le cleachtais a leasú chun comhionannas substainteach a bhaint amach ar bhealach níos fearr. ”

Chair

Ár gCathaoirleach, an tUasal Philip O'Leary, agus é ag tabhairt óráide ag an ócáid chomórtha 40 bliain a tharla le déanaí

Teachtaireacht ónar gCathaoirleach an tUasal Philip O 'Leary.

"Tá ról substaintiúil ag an mBord um Chúnamh Dlíthiúil le 40 bliain anuas, maidir le míbhuntáiste a chúiteamh trí rochtain ar cheartas a chur ar fáil do dhaoine nach mbeadh sé ar a gcumas páirt iomlán a ghlacadh sa phróiseas dlí murach an deis seo. Is deis dúinn é an chloch mhíle 40 bliain seo chun ár n-éachtaí a aithint agus aird a bheith againn orthu agus tugann sé deis dúinn foghlaim ón am atá thart chomh maith le deis chun breathnú réimsí atá le hathnuachan a aithint.

Nuair a cheap an tAire Dlí agus Cirt Gerry Collins an chéad Bhord um Chúnamh Dlíthiúil an 21 Nollaig, 1979, leag sé béim ar thábhacht na Scéime um Chúnamh agus Comhairle Dhlíthiúil Shibhialta mar ionstraim trína bhféadfaí coincheap an chomhionannais i láthair an dlí a fhíorú níos mó i gcleachtas..

D’fhéadfaí go bhfanfadh comhionannas ina bhrionglóid seachas ina fhírinne i gcónaí, ach ba chór go mbeadh an ceart ar chomhionannas freagrúil dóibh siúd atá faoi mhíbhuntáiste, atá eisiata, nó a bhfuil neamhaird nó dímheas léirithe orthu."

group
L-R. bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin an tUasal John McDaid, An Príomh-Bhreitheamh an tUasal Frank Clarke , Philip O' Leary, a Cathaoirleach

milestones

Gheobhaidh tú thíos naisc go clúdach sna meáin maidir lenár n-imeacht ceiliúrtha 40 bliain:

An Príomh-Bhreitheamh le labhairt ar chúnamh dlíthiúil sibhialta ag ócáid chomórtha 40 bliain an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil irishlegal.com

Éilíonn an Príomh-Bhreitheamh go ndéanfaí feabhsú suntasach ar an gcóras um chúnamh dlíthiúil Irishtimes.com

Éilíonn an Bord um Chúnamh Dlíthiúil go ndéanfaí 'athmhachnamh’ agus méadú feicthe aige ar amanna feithimh breakingnews.ie

Comóradh 40 Bliain á cheiliúradh ag an mBord um Chúnamh Dlíthiúil RTE.ie

Is léiriú ar dhaonlathas é córas cúnaimh dhlíthiúil maoinithe go cuí Irishexaminer.com