Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Eolas Maidir Leis an mBord

Cé muid

An Bord um Chúnamh Dlíthiúil is ea muid – eagraíocht neamhspleách a mhaoinítear le hairgead poiblí agus a sholáthraíonn cúnamh dlí sibhialta agus seirbhísí idirghabhála teaghlaigh, agus a riarann trí cinn de scéimeanna ad-hoc dlíthiúla a bhaineann le cúrsaí coiriúlachta.

Cathaoirleach agus dhá ghnáthbhall déag a bhíonn ar an mBord. Is é an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais a dhéanann na ceapacháin seo agus bíonn na baill in oifig ar feadh tréimhse cúig bliana.

Príomhfheidhmeannach againn agus thart ar 450 ball foirne in 48 oifig timpeall na tíre.
Táimid ar an bhfód ó bhí 1979 ann. Roimh chur i bhfeidhm an Achta um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995, chuireamar seirbhísí ar fáil faoi scéim riaracháin le haghaidh cúnamh dlíthiúil sibhialta agus comhairle.

Cad é a dhéanaimid

Is é an tOireachtas a bhunaigh an Bord seo faoin Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995 chun cúnamh dlíthiúil sibhialta agus comhairle a sholáthar do dhaoine nach acmhainn dóibh seirbhísí dlíodóra. Ó 2011 ar aghaidh, tá seirbhísí idirghabhála teaghlaigh á gcur ar fáil againn freisin.
Leagtar amach ár mbunchuspóir in ár bPlean Corparáideach 2015-2017 agus is é atá ann ná “chun réiteach éifeachtach ar aighneas sibhialta a éascú trí chúnamh dlíthiúil éifeachtúil agus so-aimsithe a sholáthar agus chun scéimeanna cúnamh dlí an Stáit a bhainistiú agus a riaradh i slí éifeachtach”. Tá teacht sa Phlean Corparáideach ar an dul chun cinn atá déanta againn ar mhaithe leis an mbunchuspóir seo a chur i gcrích.

Ár ról maidir le cúnamh dlí choiriúil

Déanaimid trí cinn de scéimeanna ad-hoc a bhainistiú agus a riaradh:

Is ag 48-49 Sráid Brunswick Thuaidh, Lána Sheoirse, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath D07 PE0C atá ár rannóg cúnamh dlí coiriúil lonnaithe.

Cad é nach ndéanaimid?

Ní chuirimid cúnamh dlí ar fáil do chosantóirí i gcásanna coiriúla. Feidhm de chuid na cúirteanna é sin.  Is é an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais a riarann íocaíochtaí le haghaidh dlíodóirí cúnamh dlí choiriúil. 

Cá háit a bhfuilimid?

Is ar Shráid an Chalaidh, Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí, V23 RD36 atá ár bpríomhoifig. Tá oifig againn freisin ag 48-49 Sráid Brunswick Thuaidh, Lána Sheoirse, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath D07 PE0C, áit a bhfuil roinnt feidhmeanna ardoifige lonnaithe.

Tá 33 ionad dlí lánaimseartha agus 22 oifig idirghabhála againn in áiteanna ar fud na tíre. Tá seirbhís taighde agus fhaisnéise againn freisin i gCúirt Montague, 7-11 Sráid Montague, Baile Átha Cliath D02 FT96.