Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Leabharlann an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil - Seirbhísí

Is é cuspóir Leabharlann an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil seirbhís leabharlainne, taighde agus faisnéise a chur ar fáil do bhaill foirne uile an Bhoird, iad siúd atá ag obair in Ionaid Dlí agus Oifigí Idirghabhála Teaghlaigh go háirithe. I measc na seirbhísí seo, áirítear:

Seirbhís Leabharlainne

I 2006, comhshuíodh Leabharlann an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil leis an Ionad Doiciméadaithe Dídeanaithe (IDD) agus is ann do bhailiúchán ollmhór leabhar, tuarascálacha, cásdlí agus ábhair eile a bhaineann le cúrsaí Dlí Sibhialta & Teaghlaigh. Tá saothair thagartha ar fáil sa leabharlann freisin.

Níl cead isteach sa leabharlann ag an bpobal. Is iad baill foirne an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil amháin atá i dteideal ballraíochta sa leabharlann nó earraí a fháil ar iasacht.

 Seirbhís Taighde agus Iarratais

Cuireann foireann Leabharlann an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil seirbhís speisialaithe taighde agus iarratais ar fáil do bhaill foirne an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil.

Is féidir teacht ar an seirbhís seo trí fhoirm Iarratais a chomhlánú agus a chur isteach. Tá teacht ar an bhFoirm Iarratais anseo. Níl teacht ar an tseirbhís iarratais ag baill an phobail.

Áirítear na foinsí seo a leanas i measc na cinn a úsáideann ár dtaighdeoirí: bailiúcháin inmheánacha; bunachair shonraí lena mbaineann síntiús; foinsí idirlín; agus líonraí seachtracha. In éineacht le gach freagra, bíonn liosta lánthagartha de na foinsí a luaitear ann.

Rúndacht: Ní chuirfear ar fáil go poiblí faisnéis ar bith a sheolann tú chugainn. Tabhair do d’aire, áfach, go bhféadfaí ár bhfreagraí ar iarratais a fhoilsiú ar Ríomhleabharlann an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil agus in áiteanna eile, ach ní fhoilsítear ábhar ar bith go mbaintear uaidh an fhaisnéis rúnda ar fad.

 Legal Ease – Nuachtlitir

Is nuachtlitir ráithiúil an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil é Legal Ease agus tugtar eolas ann faoi na forbairtí is déanaí a bhaineann le hobair an Bhoird, chomh maith le hanailís ar na forbairtí céanna freisin. Tá teacht anseo ar an eagrán is déanaí, chomh maith le cartlann iomlán na n-eagrán roimhe seo.

Is í Catherine Ryan (Aturnae Bainistíochta) eagarthóirí an nuachtlitir.

Má tá suim agat in alt leat a bheith foilsithe ar an nuachtlitir, déan teagmháil le Legal Ease ag research@legalaidboard.ie chun tuilleadh eolais a fháil.

 Ríomhleabharlann

Tá teacht ar an Ríomhleabharlann ag baill foirne uile an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil. Ligeann sé d’úsáideoirí na rudaí seo a leanas a dhéanamh: féachaint ar stór na leabharlainne; earraí a fháil ar iasacht agus a athnuachan; cuardaigh agus iasachtaí idirleabharlainne a iarraidh; agus earraí a mholadh le haghaidh ordaithe. Tá teacht ar an Ríomhleabharlann anseo: http://elibrary.lab.ie

Déan Teagmháil Linn

Ríomhphost: LAB_Library@legalaidboard.ie

Uimhir Ghutháin: 01 477 6250 (Uimhir Ghinearálta an Aonaid Taighde agus Faisnéise)

Facs: 01 661 3113

Seoladh Poist: Leabharlann an Bhoird un Chúnamh Dlíthiúil

Cúirt Montague

7-11 Sráid Montague

Baile Átha Cliath 2