Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Idirghabháil Teaghlaigh Ar Líne

Idirghabháil Teaghlaigh Ar Líne

Tá an Bord um Chúnamh Dlíthiúil chun idirghabháil teaghlaigh ar líne a reáchtáil ar bhonn píolótach ar mhaithe lena seirbhísí a sholáthar i gcomhthéacs na paindéime COVID 19 seo agus cloí leis na srianta um scaradh sóisialta ag an am céanna. Ní féidir leis na mBord idirghabháil teaghlaigh a chur ar fáil aon bhealach eile faoi láthair ach amháin ar líne.

  • Is próiseas deonach faoi iontaoibh í idirghabháil ina ndéanann páirtithe i ndíospóid iarracht, le cabhair ó idirghabhálaí, réiteach a fháil ar a ndíospóid a mbeidh glacadh acu araon leo. Toisc gur próiseas deonach í idirghabháil, caithfidh an dá pháirtí a bheith sásta leas a bhaint as an bpróiseas idirghabhála teaghlaigh ar líne chun an díospóid a réiteach.
  • Déanfar cumarsáid uile idir na páirtithe agus an t-idirghabhálaí a chosaint le rúndacht. Toisc go dtarlaíonn an chumarsáid sin d’fhonn an díospóid a réiteach, seans nach n-úsáidfear í ná nach dtagrófar di riamh arís in aon gcomhthéacs eile mura dtiocfar ar réiteach deiridh san idirghabháil.
  • Mura mian leat páirt a ghlacadh in idirghabháil teaghlaigh ar líne, is féidir fanacht ar an liosta feithimh go dtí go mbeidh an Bord in ann a seirbhísí traidisiúnta a chur ar fáil arís i bpearsa. I bhfianaise an ghá atá le scaradh sóisialta a dhéanamh agus cloí le treoirlínte Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ní féidir comhairliúcháin agus cruinnithe duine le duine a reáchtáil do chliaint sa ghearrthéarma ná sa mheántéarma.
  • Aon sonraí pearsanta a chaithfidh tú a chur ar fáil nó a tharchur mar chuid den phróiseas idirghabhála teaghlaigh ar líne, is faisnéis phearsanta í atá ag teastáil ionas go mbeidh an Bord in ann ár seirbhísí idirghabhála teaghlaigh ar líne a sholáthar agus do chás a chur ar aghaidh. Is é/í an t-idirghabhálaí a déarfaidh cén fhaisnéis atá ag teastáil de réir agus a bheidh do chás ag dul ar aghaidh. 
  • Is ionann an fhaisnéis phearsanta a bhailímid sa phróiseas ar líne agus an fhaisnéis a bhailímid in aon idirghabháil duine le duine. Stórálfar d’fhaisnéis phearsanta i gcomhaid páipéir agus i gcomhaid leictreonacha. Coinneoidh an Bord cáschomhaid páipéir agus cáschomhaid leictreonacha ar feadh thréimhse 7 mbliana.
  • Ba cheart go gcuirfear ar an eolas tú faoi Fhógra Príobháideachais an Bhoird ionas go mbeidh tú cinnte faoi leis atá d’fhaisnéis á roinnt, faoi cén áit a stórálfar nó a phróiseálfar í, agus faoi na cúiseanna a úsáidfear í, mar aon le heolas ar bith eile lena n-áirítear do chearta mar ábhar sonraí de chuid an Bhoird. Tá an Fógra Príobháideachais ar fáil ó d’idirghabhálaí. 
  • Óstáiltear an tseirbhís idirghabhála teaghlaigh ar líne ar an ardán Cisco Telepresence a aithnítear go forleathan as a chomhsheasmhacht agus as a idir-inoibritheacht le córais eile. Is le Seirbhísí Príosún na hÉireann an ceadúnas bogearraí do Cisco Telepresence arna úsáid ag an mBord um Chúnamh Dlíthiúil. Níl aon rochtain ag Seirbhísí Príosún na hÉireann, áfach, ar na seomraí cruinnithe arna n-úsáid ag an mBord um Chúnamh Dlíthiúil nó ar na sonraí arna dtarchur sna cruinnithe idirghabhála ar líne.
  • Úsáideann córas Cisco Telepresence criptiú ó cheann ceann trí leas a bhaint as Slándáil Shraith an Iompair, as comhdhálacha faoi chosaint PIN, agus as feidhmeanna glasála Comhdhála. Tá sonraí breise maidir le gnéithe slándála Cisco Telepresence ar fáil ar:

https://www.cisco.com/c/en/us/products/collateral/conferencing/telepresence-server/datasheet-c78-736947.html

  • Ní bheidh duine ar bith in ann freastal ar na cruinnithe ar líne gan cuireadh a fháil agus paschód a bheith acu. Ní féidir rochtain a fháil ar an Seomra Físchomhdhála gan ID an Chruinnithe agus an Paschód a chur isteach.
  • Seans go n-iarrfaí ort rochtain ar do mhicreafón agus ceamara a cheadú. Caithfidh tú an rochtain sin a cheadú nó ní bheidh an córas Fís Comhdhála in ann nascadh a dhéanamh. Seans go lorgóidh an córas cead chun taifeadadh a dhéanamh agus, arís, ní mór an cead sin a thabairt ach tabhair do d’aire nach bhfuil aon áis taifeadta ar an gcóras Físchomhdhála.
  • Ní ceadmhach taifeadadh a dhéanamh ar na seisiúin ar ghléas ar bith. Áirítear leis sin taifeadadh a dhéanamh ar ghléasanna eile amhail fóin póca nó taibléid, srl.
  • Ba cheart a chinntiú go n-úsáidtear do ghléas in áit shábháilte, go bhfuil soilsiú oiriúnach sa seomra ionas go mbeidh tú le feiceáil, agus go bhfuil tú in áit chiúin ionas go mbeidh tú in ann páirt a ghlacadh sa chruinniú gan aon chur isteach.
  • Ba cheart a bheith cúramach faoi na nithe atá le feiceáil ar an gceamara agus le cloisteáil ar an micreafón, agus coimeád i gcuimhne agus léirigh meas ar chearta agus leasa rannpháirtithe eile agus daoine eile a d’fhéadfadh a bheith sa chúlra agus an glao ar siúl. Mar shampla, bí aireach faoi na nithe (nó na daoine) a d’fhéadfaí a fheiceáil ón gceamara. Logáil amach, balbhaigh nó cas as an físeán, de réir mar is cuí. Nuair atá físchomhrá á chríochnú agat, bí cinnte go bhfuil an ceamara agus an micreafón casta as.
  • Mas neamhleor nó iomarcach an fhaisnéis cosanta sonraí nó an fhaisnéis um príobháideachas a chuirtear ar fáil duit, nó má tá rochtain á lorg ar do ghléas, is féidir teagmháil a dhéanamh le seirbhís idirghabhála teaghlaigh an Bhoird nó le hOifigeach Cosanta Sonraí an Bhoird ar dataprotection@legalaidboard.ie.

Níos mó eolais ar fail ar;

Idirghabhail-Teaghlaigh-Ar-Line.docx (size 22.4 KB)