Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Cairt Custaiméirí - Caighdeáin seirbhísí custaiméara

Teagmháil ar an nguthán
Má chuireann tú glaoch orainn........

  • Freagróidh duine dár bhfoireann an guthán go beo agus go cuirtéiseach;
  • Tabharfaimid ár n-ainm agus ainm na rannóige nó an Ionaid Dlí ar ghlaoigh tú orthu;
  • Mura bhfuil an ball foirne i gceist in ann déileáil le hábhar an ghlaoigh go pearsanta, aistreoidh sé/sí an glaoiteoir do dhuine atá in ann déileáil leis;
  • Má dhéanann tú teagmháil linn tríd an bhfán agus muna bhfuil do dlíodóir, paraidhlíthiúil nó idirghabhálaí ar fáil, is féidir leat teachtaireacht a fhágaint agus cuirfidh sé/sí glaoch ar ais ort comh luath agus is féidir (de ghnáth laistigh de chúig lá oibre)

Teagmháil trí litir nó ríomhphost
Má scríobhann tú againn........

  • Eiseoimid freagra eatramhach do do litir nó do ríomhphost, sa chás gur cuí, laistigh de sheacht lá oibre ón uair a fhaightear do chomhfhreagras;
  • Eiseoimid freagra substaintiúil laistigh de fiche lá oibre;
  • Déanfar socruithe chun a chinntiú go bhfreagrófar comhfhreagras sa chás go bhfuil an ball foirne a bhfuil an comhfhreagras curtha acu as láthair ón oifig;
  • Áireofar ar litreacha/facsanna ag eisiúint ó oifigí an Bhoird ainm, seoladh agus uimhir gutháin/facs an bhaill foirne atá ag déileáil le hábhar an chomhfhreagrais;
  • scríobhfar gach comhfhreagras i ngnáth-theanga, agus ní bhainfear úsáid as téarmaí teicniúla agus oifigiúla ach amháin sa chás go bhfuil sé go hiomlán riachtanach.


Beidh gníomhartha an Bhoird chun comhlíonadh leis an gcaighdeán seo ag brath ar eolas agus treoracha a bheith faighte go tráthúil ónár gcustaiméirí, sa chás gur cuí.  Tá an bord sásta cliaint a chur ar an eolas faoi fhorbairtí mhóra in a c(h)ás.  É sin ráite, ag tógaint acmhainní an Bhoird san áireamh, ní féidir linn gach ceist a fhreagairt sa chás go mbíonn an iomarca ceisteanna ann agus nuair nach bhfuil aon fhorbairt mhór ann.

Glaoiteoirí pearsanta
Má thagann tú isteach chun muid a fheiceáil........

  • Coinneofar gach limistéar atá oscailte dár gcustaiméirí ar chaighdeán glaineachta agus compoird atá inghlactha;
  • Déanfar gach iarracht chun a chinntiú go mbeidh na foirgnimh atá ann faoi láthair inrochtana dóibh siúd le míchumais agus sa chás go bhfuil foirgnimh nua á bhfáil, tapófar an deis chun iad a dhéanamh inrochtana dóibh siúd le míchumais;
  • Cuirfear cóiríocht ar fáil inar féidir le custaiméirí dul i gcomhairle le baill foirne i dtimpeallacht phríobháideach agus rúnda.


Seirbhís trí Ghaeilge
Beidh sé mar aidhm againn a chinntiú........

  • Go bhfreagrófar i nGaeilge gach comhfhreagras a bhfaighfear i nGaeilge;
  • Déanfar gach iarracht freastal orthu sin a ghlaofaidh ar an nguthán agus do ghlaoiteoirí pearsanta a bhfuil uathu a gcuid gnó a dhéanamh i nGaeilge;
  • Bíodh is nach bhfuil soláthar seirbhís trí Ghaeilge indéanta ag gach ionad faoi láthair, cuirfear oiliúint i nGaeilge ar fáil do gach ball foirne mar chuid de chlár oiliúna fhoireann an Bhoird;
  • Comhlíonfaimid ár ndualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003;
  • Cuirfear ár bhfoilseacháin is tábhachtaí ar fáil i nGaeilge.

Beimid ag súil le...

  • go gcaitheann tú go cúirtéiseach le foireann an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil agus comhoibrú réasúnta a dhéanamh leo;
  • heolas atá fíor ceart a chur ar fáil i ngach teagmháil atá agat leis an mBord agus an Bord a chur ar an eolas má tá athruithe ábhartha ann i do chúinsí féin. 
  • hiarratais ón mBord ar thuilleadh eolais a fhreagairt a luaithe agus is féidir;
  • freastal ar choinní atá eagraithe gan mhoill.