Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Cairt Custaiméirí

Réamhrá

Cuireann an Bord um Chúnamh Dlíthiúil comhairle dlí agus cúnamh dlíthiúil ar fáil i gcásanna sibhialta do dhaoine nach bhfuil an oiread sin acmhainne acu agus a chomhlíonann riachtanais an Achta um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, 1995. Cuireann an Bord seirbhísí idirghabhála ar fáil chomh maith do dhaoine tríd an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh agus is é an Bord atá freagrach as Scéim Comhairle Dlí Stáisiún na nGarda, Scéim Cúnaimh Dhlíthiúil – an Scéim um Cheisteanna maidir le Cúram agus Scéim Cúnaimh Dhlíthiúil an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla a riar.
Leagtar amach i bPlean Corparáideach an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil 2015 -2017 an Misean agus an Fhís atá againn i gcomhair na heagraíochta agus na luachanna atá taobh thiar díobh chun iad siúd a bhaint amach. Léiríonn caighdeáin seirbhísí custaiméirí a bhfuil mionchuntas orthu sa Chairt na céimeanna atá ag teastáil chun an Ráiteas Misin atá againn a chur i bhfeidhm:

Chun réiteach éifeachtach ar dhíospóidí sibhialta a éascú trí chúnamh dlíthiúil éifeachtúil a bhfuil teacht air go héasca a chur ar fáil agus chun scéimeanna um chúnamh dlíthiúil cóiriúil an Stáit a bhainistiú agus a riar go héifeachtach.

Is é an fhís atá againn:

rochtain ar an gcóir a éascú trí réiteach ar dhíospóidí sibhialta a chur ar fáil ar an mbealach is cuí ina gcuimhnítear ar dhínit an duine, an cineál díospóide atá ann agus a thionchar ar na páirtithe a bhfuil baint dhíreach acu leis agus ar an tsochaí i gcoitinne agus níos faide amach agus chun a bheith i mbun cúnamh dlíthiúil cóiriúil a chur ar fáil ar bhealach éifeachtúil éifeachtach inmhínithe.

Is iad na Luachanna atá againn:

  • Caighdeáin ghairmiúla agus caighdeáin eiticiúla arda a bheith ann sna seirbhísí ar fad atá á gcur ar fáil
  • Rochtain a bheith ag an gcliant ar an gcóras dlí mar dhlúthchuid dár seirbhísí
  • Béim ar an nuálaíocht i dtaobh seirbhísí a chur ar fáil
  • Freagrúlacht do thimpeallacht dhlíthiúil agus do thimpeallacht shóisialta a bhíonn ag athrú seasta
  • Ceannasaíocht éifeachtach ar gach leibhéal
  • Luach do chuid airgid a chur ar fáil
  • Trédhearcacht 
  • Cultúr a chuireann eitic foirne agus meas ar dhínit an duine chun cinn i gcás an chliaint agus an chomhghleacaí.
  • Rialú éifeachtach agus cuntasacht caidrimh agus cuntasacht struchtúir leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, an Rialtas agus an pobal.


Tá rún againn seirbhís den scoth a chur ar fáil duit, an custaiméir. Leagann an Chairt seo amach na caighdeáin seirbhíse atá tú in ann a bheith ag súil leo uainn chomh maith leis an méid a bheimid ag súil leis uait, ár gcustaiméir.

Tuilleadh eolais:

Ár nGealtanas Duit

Caighdeáin seirbhísí cuistaiméara

Nós imeachta gearáin

Oifigeach Idirchaidrimh Custaiméirí