Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Ár nGealltanas Duit

Ár nDílseacht Duit

  • Cúram Custaiméirí agus Seirbhis Ardchaighdeán
  • Aithneofar i gcónaí riachtanais dlí ár gcustaiméirí agus an bealach is fearr chun na deacrachtaí lena mbaineann a réiteach
  • Cuirfimid seirbhís ardchaighdeán tráthúil ar fáil atá ag teacht le téarmaí na scéime reachtúla
  • Gheobhaidh custaiméirí coinne céad uaire le haturnae agus/nó le hidirghabhálaí a luaithe agus is féidir
  • I gcás nach féidir coinne a thabhairt le haturnae agus/nó le hidirghabhálaí dár gcustaiméir gan mhoill, coinneoimid an custaiméir ar an eolas

Rúndacht:

  •  Is mór againn rúndacht ár gcustaiméirí agus cloífimid leis
  •  Cuirfimid na háiseanna is gá ar fáil le príobháideachas na gcomhairliúchán a chinntiú.

Ionracas/Caighdeáin ghairmiúla:

  • Cuirfimid seirbhís ar fáil ina bhfuil na caighdeáin ghairmiúla atá ag teastáil i gcoitinne ó fhoireann seirbhíse poiblí agus ó chleachtóirí dlí agus idirghabháilithe go háirithe ann.
  • Déanfaimid a dheimhniú go bhfuil oiliúint curtha ar ár bhfoireann seirbhísí tosaigh chun seirbhís ghairmiúil Custaiméirí a chur ar fáil

Éifeachtacht  agus éifeachtúlacht costais:

  • Cuirfimid seirbhís éifeachtúil ar fáil ina bhfuil luach do chuid airgid ann i ngach réimse oibre atá againn
  • Cuirfimid córais i gcomhair bainistíocht cáis agus monatóireacht cáis ar fáil le tréchur cásanna a chinntiú gan cur as do na caighdeáin chuí ghairmiúil.

Leanúnachas:

  • Reáchtálfaimid ár seirbhísí ar mhodh comhsheasmhach i gcónaí i dtaobh iarratasóirí ar ár seirbhísí le linn dúinn a aithint go bhfuil tréithe ar leith ag gach cás

Eolas

  • Cuirfear eolas cuimsitheach beacht tráthúil ar fáil i mbileoga eolais faoi sheirbhísí an Bhoird;
  • Scríobhfar ár mbileoga eolais a mhéid agus is féidir i dteanga shimplí  agus i bhfoirm ata éasca a thuiscint
  • Soláthróimid suíomh gréasáin so-aimsithe cuimsitheach cothrom le dáta ag www.legalaidboard.ie;
  • Beidh cóipeanna dár mbileoga eolais agus na foirmeacha cuí le fáil i gcónaí i ngach ionad oibre atá againn;
  • Cuirfear custaiméirí ar an eolas faoina gcearta agus faoina ndualgas de réir an Achta um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, 1995;
  • Cuirfimid eolas soiléir ceart ar fáil go pras nuair atá sé á iarraidh - agus i gcásanna nuair nach féidir linn eolas a chur amach, míneoimid an chúis leis sin.