Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Earcaíocht

Fáilte chuig leathanach earcaíochta an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Recruitment

Fógraíonn an Bord um Cúnamh Dlíthiúil folúntais foirne sna slite seo a leanas:

  • Nuachtáin náisiúnta agus nuachtáin áitiúla,
  • Suíomh Gréasáin an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil,
  • Suíomh Gréasáin Dhlí-Chumann Corpraithe na hÉireann,   
  • Ar shuíomhanna Gréasáin earcaíochta. 

Fostaíonn an Bord níos mó ná 500 ball foirne i róil éagsúla i 50 áit timpeall na tíre. Ar na róil atá i gceist, áirítear dlíodóirí agus idirghabhálaithe, chomh maith le gráid riaracháin agus gráid pharaidlíthiúla.

D’fhéadfadh an Bord earcaigh nua a aimsiú ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS) a gcuireann seirbhís láraithe earcaíochta ar fáil i gcónaí don státseirbhís iomlán.

Tá cleachtais earcaíochta an Bhoird de réir téarmaí ceadúnais arna dheonú ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (CPSA).

Is iad na caighdeáin earcaíochta agus roghnú foirne atá leagtha amach sa doiciméad ’Cóid Chleachtais’, arna fhoilsiú ag an CSPA, a chuireann an Bord i bhfeidhm.

Ní féidir freagra ar leith a thabhairt ar CVanna nach lorgaítear. Aon duine a bhfuil suim acu i ngairm bheatha leis an mBord, moltar dóibh féachaint ar an suíomh Gréasáin seo ar bhonn rialta chun a bheith ar an eolas faoi chomórtas ar bith a bhíonn ar siúl, agus iarratas a chur isteach ansin faoi mar a shonraítear.