Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Polasaí Príobháideachais agus Fianán

Polasaí Príobháideachais

Ní nochtar aon eolas pearsanta don Bhord um Chúnamh Dlíthiúil, i gcás brabhsáil gréasáin. Bailítear agus stóráiltear an t-eolas seo a leanas go huathoibríoch, nuair a thugann duine cuairt ar shuíomh an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil:

  • Seoladh IP cliant gréasáin an chuairteora 
  • An t-ainm fearainn ard-leibhéil a úsáideadh (mar shampla .ie, .com, .org, .net) 
  • Seoladh an tsuímh idirlín roimhe sin, ónar shroich an cuairteoir an suíomh, le haon téarmaí cuardaigh a úsáideadh san áireamh 
  • Sonraí sruth gliogála a léiríonn trácht na gcuairteoirí ar fud an tsuímh idirlín (mar shampla, leathanaigh ar tugadh cuairt orthu agus doiciméid a ndearnadh iad a íoslódáil)
  • Cineál an bhrabhsálaí gréasáin a bhíonn in úsáid ag an gcuairteoir ar an suíomh idirlín
  • An dáta agus an t-am a dtagann an cuairteoir ar an suíomh

Úsáidtear roinnt den eolas thuas chun staidreamh achomhair a chruthú a ligeann don Bhord um Chúnamh Dlíthiúil measúnú a dhéanamh ar uimhir na ndaoine a thugann cuairt ar an suíomh, na leathanaigh is mó a thugtar cuairt orthu a aithint agus le cabhrú i gcoitinne le forbairt suíomh idirlín an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil amach anseo.

Nuair a sheolann tú ríomhphost, d'fhéadfá a bheith ag seoladh eolas pearsanta cosúil le d'ainm, do sheoladh agus do sheoladh ríomhphoist. D'fhéadfadh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil ainm, seoladh agus seoladh ríomhphoist an iarrthóra a stóráil, ar mhaithe le freagra a thabhairt ar iarratais nó chun ábhar an ríomhphoist a réiteach ar bhealach eile. Féach ar ár leathanach Rúndachta chomh maith le do thoil.

Polasaí Fianán

Cad is fianán ann?

Comhad beag téacs is ea fianán, a bhí criptithe go minic, a chuireann do ríomhaire, guthán, táibléad nó gléas eile i do bhrabhsálaí gréasáin nuair a thugann tú cuairt ar láithreán gréasáin. Fad a bhíonn cuairt á tabhairt agat ar an láithreán gréasáin sin, agus nuair a bhíonn cuairt á tabhairt agat air ina dhiaidh sin, seolann sé faisnéis ó do bhrabhsálaí faoi do cuairt(eanna).

Is féidir fianán a rangú de réir thréimhse a shaoil agus an fearann lena mbaineann sé. De réir tréimhse saoil, seo a leanas an méid a bhíonn i gceist le fianán:

  • fianán seisiúin a scriostar nuair a dhúnann tú an brabhsálaí nó
  • fianán seasmhach a fhanann ar do ríomhaire/ghléas ar feadh tréimhse ama réamhshainithe.

Maidir leis an bhfearann lena mbaineann sé, seo a leanas an méid a bhíonn i gceist le fianán:

  • fianáin chéad pháirtí a shocraíonn an t-úinéir nó cruthaitheoir an láithreáin ghréasáin a bhfuil cuairt á tabhairt agat air
  • fianáin tríú páirtí nach socraíonn an t-úinéir ná an cruthaitheoir ach a shocraíonn tríú páirtithe a reáchtálann fógraí, giuirléidí agus gnéithe eile a lódáiltear ar láithreán gréasáin.

Bíonn roinnt fianán riachtanach, lena chur ar chumas an láithreáin ghréasáin oibriú i gceart agus caomhnaíonn siad staid an tseisiúin fad a bhogann tú trí na leathanaigh agus baineann tábhacht leis seo, mar shampla, nuair a chomhlánaíonn tú foirm ar láithreán gréasáin.

Bailíonn fianáin eile faisnéis staitistiúil anaithnid faoin úsáid a bhaineann tú as láithreán gréasáin, e.g. na leathanaigh a dtugtar cuairt orthu, cé chomh fada a thugtar cuairt orthu etc. Úsáidtear na fianáin seo ar mhaithe le cuspóirí anailíseacha agus is iad na cinn is coitianta Anailísíocht Google.

Is féidir breis faisnéise a fháil ar fhianáin ag http://ec.europa.eu/ipg/basics/legal/cookies/index_en.htm

Cén fianáin a úsáideann an Bord um Chúnamh Dlíthiúil?

Úsáideann an Bord um Chúnamh Dlíthiúil na fianáin seo a leanas:

Ainm an FhianáinTréimhse SaoilCuspóir
ASP.NET_SessionIdSeisiúnAn seisiún a chaomhnú fad a bhogann an cuairteoir idir leathanaigh
Toiliú Fianáin1 bhliainCuimhníonn an fianán air nuair a chliceáiltear cnaipe an fhianáin

_ga

_gid

_gat

2 bhliain

1 lá

1 lá

Anailísíocht Google ar shonraí staitistiúla anaithnid
ads/ga-audiencesSeisiúnCuairteoirí a mhúscailt arís bunaithe ar iompar ar líne an chuairteora i measc láithreáin ghréasáin.

Níl aon fhianáin tríú páirtí ar láithreán gréasáin an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Conas Fianáin a Rialú agus Scriosadh

Glacann brabhsálaithe gréasáin le fianáin trí réamhshocrú ach is gnách gur féidir leat socruithe do bhrabhsálaí gréasáin a athrú chun fianáin nuair a dhiúltú, fin reatha a dhíchumasú nó díreach le thú a chur ar an eolas nuair a sheoltar cinn nua chuig do ghléas. 

Chun seo a dhéanamh, lean na treoracha a chuireann do bhrabhsálaí ar fáil (bíonn seo suite, de ghnáth, laistigh den tsaoráid “Cabhair”, “Uirlisí” nó “Cuir in Eagar”) nó is féidir leat na naisc thíos a chliceáil chun teacht ar threoracha ó roinnt de na brabhsálaithe is coitianta:

Cuirtear in iúl duit, má dhiúltaíonn tú nó má dhíchumasaíonn tú fianáin, d’fhéadfaí drochthionchar a imirt ar chuid d’fheidhmiúlacht an láithreáin ghréasáin.  Anuas air sin, má dhéantar fianán nó catagóir fianáin a dhíchumasú, ní scriostar an fianán ó do bhrabhsálaí agus bheadh ort é seo a dhéanamh laistigh de do bhrabhsálaí, más mian leat.

Athruithe ar ár mBeartas Fianán

Cuirfear aon athruithe ar an úsáid a bhaineann an Bord um Chúnamh Dlíthiúil as fianáin don láithreán gréasáin seo in airde anseo.

Faisnéis Teagmhála

Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir leis an bhfógra seo, déan teagmháil, le do thoil, le dataprotection@legalaidboard.ie