Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

    Ba é an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais a thug isteach an Scéim Ad-hoc um Chúnamh Dlíthiúil an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla (CAB); tháinig sé in éifeacht ar 2 Aibreán 1998. Ó 1 Eanáir 2014 ar aghaidh áfach, tarchuireadh an sainchúram maidir le riaracháin chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil. Is é an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais atá fós freagrach as cúrsaí buiséid na Scéime.

    Cuireadh tús le Scéim Comhairle Dlí Stáisiúin na nGardaí in 2001 d’fhonn comhairle dlí saor in aisce a sholáthar do dhaoine arna gcoinneáil i Stáisiúin na nGardaí ata i dteideal cúnamh dlíthiúil a fháil faoi chritéir incháilitheachta ar leith. Bhíodh an Scéim á riar ar dtús ag Rannóg um Beartas na gCúirteanna sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus ghlac an Bord um Chúnamh Dlíthiúil le riar na Scéime an 1 Deireadh Fómhair 2011.

    Soláthraítear sa Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta (Scéim um Chúnamh Dlíthiúil an Ard-Aighne roimhe seo) íocaíocht as ionadaíocht dlí san Ard-Chúirt agus sa Chúirt Uachtarach as cineálacha áirithe cásanna nach gcumhdaítear faoin Scéim um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta nó faoin Scéim um Chúnamh Dlíthiúil Coiriúil. I measc na gcásanna a chumhdaítear tá Iarratais ar Habeas Corpus (Airteagal 40.4.2), Foriarratais ar Bhannaí san Ard-Chúirt / Chúirt Uachtarach, cineálacha áirithe Iarratas ar Athbhreithniú Breithiúnach, Eiseachadadh, Barántais Ghabhála Eorpacha (féach Alt 3 thíos). Is scéim ex gratia é a bunaíodh le cistí a chuir an tOireachtas ar fáil.

    Gairmithe Dlí i gcásanna Ad-hoc um chúnamh dlíthiúil coiriúil