Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Seirbhísí Dlí maidir le hionchoisní áirithe

Achoimre

Déantar foráil in alt 30(3)(a) den Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, 1995 go bhféadfaidh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil painéal aturnaetha a bhunú agus a choimeád atá sásta cúnamh dlíthiúil agus comhairle dlí a sholáthar do dhaoine atá ag fáil seirbhísí dlí. 

Shocraigh an Bord painéal aturnaetha a bhunú agus a choimeád atá sasta seirbhísí a sholáthar do dhaoine ar thug an Bord deimhniú um chúnamh dlíthiúil dóibh ar mhaithe le comhairle agus le hionadaíocht i dtaca le haon cheann de na 8 gcatagóir cásanna atá leagtha amach in Alt 60(5) den Acht Cróinéirí, 1962 .

Gairfear an Painéal Cleachtóra Phríobháidigh i nDáil le hIonchoisní Cróinéirí don phainéal.

 

Painéal Aturnaetha

Ní mór d'aon aturnae ar mian leis/léi a bheith san áireamh chun áit a bhaint amach ar an bPainéal iarratas i scríbhinn a chur chuig an mBord - an foirm iarratais.

Raon feidhme na scéime

Beidh feidhm ag an Scéim i dtaca le daoine ar thug an Bord comhairle dlí nó cúnamh dlíthiúil dóibh i dtaca le haon cheann de na hionchoisní seo a leanas i ndiaidh iarratas ó chróinéir chuig an mBord faoi Alt 60(4) den Acht Cróinéirí,1962:   

(a)  bhí an duine éagtha, tráth a b(h)áis nó díreach roimh a bhás nó a bás, faoi choimeád an Gharda Síochána,

(b)  bhí an duine éagtha, tráth a b(h)áis nó díreach roimh a bhás nó a bás, faoi choiméad i bpríosún de réir bhrí alt 2 d'Acht na bPríosún, 2007,

(c)  bhí an duine éagtha, tráth a b(h)áis nó díreach roimh a bhás nó a bás, i gcoimeád seirbhíse de réir bhrí alt 2 den Acht Cosanta, 1954,

(d)  bhí an duine éagtha, tráth a b(h)áis nó díreach roimh a bhás nó a bás, á c(h)oinneáil dá ainneoin nó dá hainneoin faoi Chuid 2 den Acht Meabhair-Shláinte, 2001 in ionad ceadaithe de réir bhrí alt 2 den Acht sin,

(e)  bhí an duine éagtha, tráth a b(h)áis nó díreach roimh a bhás nó a bás, á c(h)oinneáil in ionad ainmnithe de réir bhrí alt 3 den Acht um an Dlí Coiriúil (Gealtacht), 2006 nó ar dhuine é/í lena mbaineann alt 20 den Acht sin,

(f)   bhí an duine éagtha, tráth a b(h)áis nó díreach roimh a bhás nó a bás, faoi choimeád in ionad athchuir de réir bhrí alt 3 d'Acht na Leanaí, 2001 nó á c(h)oinneáil i scoil choinneála leanaí de réir bhrí an t-alt sin,

(g)  bhí an duine éagtha, tráth a b(h)áis nó díreach roimh a bhás nó a bás, ina leanbh a bhí faoi chúram, nó

(h) tá an cróinéir den tuairim gur tharla bás an duine éagtha i gcúinsí dá leanfaidís ar aghaidh nó dá dtarlóidís arís go mbeidís dochrach do shláinte agus do shábháilteacht an phobail nó d'aon aicme den phobal de chineál nach beag gur chun leas an phobail atá sé cúnamh dlíthiúil sibhialta agus comhairle dlí sibhialta, nó an dá rud, a thabhairt do dhuine den teaghlaigh an duine éagtha, chun críocha an ionchoisne lena mbaineann."

 

Feidhmiú na scéime

Ní mór do dhaoine a bhfuil seirbhísí dlí á lorg acu i leith ionchoisne cróinéara mar a fhoráiltear faoi alt 60(a) den Acht Cróinéirí, a n-iarratais ar ionadaíocht dhlíthiúil a chur faoi bhráid cróinéara.

I gcás iarratas ar sheirbhísí dlí faoi Alt 60(4) den Acht Cróinéirí, 1962 á dhéanamh ina dhiaidh sin ag cróinéir chuig an mBord chun go gcuirfear seirbhísí dlí ar fáil do dhuine ainmnithe faoin Acht um Chúnamh Dlíthiúil, 1995, ní mór don duine ainmnithe ina theannta sin na riachtanais i leith cáilitheacht airgeadais a chomhlíonadh atá sonraithe in Alt 29 den Acht um Chúnamh Dlíthiúil, 1995, agus sna Rialacháin arna ndéanamh faoi Alt 37 den Acht sin agus ranníoc a íoc leis an mBord faoi chomhair an chostais a bheidh ar sheirbhísí dlí a chur ar fáil a chinnfear de réir rialacháin faoi Alt 37.  

Chomh luath agus a fhaightear iarratas ar sheirbhísí dlí faoi Alt 60 (4) den Acht Cróinéirí 1962 ó chróinéir seolfaidh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil litir chuig an duine den teaghlach a ainmníodh:

i. a chuirfidh ar an eolas iad faoin Ionad Dlí is gaire
ii. le foirm iarratais ar chúnamh dlíthiúil
iii. le cóipeanna de bhileoga eolas an Bhoird maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus maidir le conas an fhoirm iarratais a chomhlánú.

Táillí iníoctha

Beidh scála táille chaighdeánach iníochtha le haturnaetha ar an bPainéal chun seirbhís a sholáthar. Is í an Fhoirm Éilimh an doiciméad lena mbeidh an t-aturnae i dteideal an táille chuí agus aon eisíocaíocht údaraithe a éileamh.  Áirítear ar an táille chuí aon táille a íocfar le habhcóide agus ní íocfaidh an Bord aon táille bhreise as aon aturnae a áirithíodh.