Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Painéal Comhairliúcháin Seachtrach

Téarmaí tagartha

Bhunaigh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil (“an Bord”) Painéal Comhairliúcháin roinnt blianta ó shin. Seo a leanas na téarmaí tagartha:

1. Chun fóram a sholáthar lena chur ar chumas an Bhoird páirtithe leasmhara a choimeád ar an eolas agus cothrom le dáta ar fhorbairtí ábhartha atá tagtha ar na limistéir ina bhfuil leas ag an mBord;

2. Chun páirtithe leasmhara a éascú chun aiseolas agus cúnamh a sholáthar don Bhord ar sheirbhísí an Bhoird ó pheirspictíocht agus ó shuíomh feasach an pháirtí leasmhair.

Gnó a dhéanamh

Oibreoidh an Painéal ar an mbonn an leanas:

1. Gníomhóidh an Painéal trí chruinnithe foirmiúla trí huaire sa bhliain agus déanfar gníomhú breise, faoi mar is gá;

2. Ag gach cruinniú, soláthróidh Cathaoirleach an Phainéil nuashonrú ar sholáthar seirbhíse ar ghnó an Bhoird. Beidh John McDaid, POF an Bhoird agus Oifigeach Ainmnithe Poiblí faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, nó a ainmní, cathaoirleacht ar an bPainéal;

3. Cuirfidh an Rúnaí leis an bPainéal clár comhaontaithe agus miontuairiscí comhaontaithe gach cruinnithe in airde ar láithreán gréasáin an Bhoird; agus

4. Déanfar an comhfhreagras go léir maidir le gnó an Phainéil a sheoladh ar aghaidh tríd an Rúnaí leis an bPainéal.

Comhdhéanamh agus ballraíocht an Phainéil

Tá na comhaltaí a leanas sa Phainéal Comhairliúcháin Seachtrach:

  • An tUasal John McDaid, Príomhfheidhmeannach, an Bord um Chúnamh Dlíthiúil
  • An tUasal Niall Murphy, Stiúrthóir Cúnaimh Dhlíthiúil Shibhialta, an Bord um Chúnamh Dlíthiúil
  • An tUasal Polly Phillimore, Director, Mediation Services, Legal Aid Board
  • An tUasal Shirley Coulter, Comhairle Bharra na hÉireann
  • An tUasal Ciarán Finlay, Ionad Comhairle Dlí Saor in Aisce
  • An tUasal Joan O’Mahony, Dlí-Chumann na hÉireann agus Aturnaetha O’Mahony
  • An tUasal Susan Shanahan, an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh
  • An tUasal Ann Marie O’Connor, SBCA
  • An tUasal Freda McKittrick, Barnardos An tUasal Sinéad Harrison, Cúnamh do Mhná
  • An tUasal Catherine Cosgrove, Comhairle um Inimircigh na hÉireann
  • An tUasal Andrea McDermott, Seirbhísí Teaghlaigh Aim
  • An tUasal Niamh Farrell, AMEN
  • An tUasal Margaret O’Neill, an tSeirbhís Chúirteanna
  • An tUasal Ella Noonan, Doras Luimni
  • An tUasal Stephen Collins, Comhairle Dídeanaithe na hÉireann
  • An tUasal Barbara Kane Round, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • An tUasal Noel Gorman, Rúnaí leis an bPainéal, an Bord um Chúnamh Dlíthiúil

Nósanna imeachta

I gcomhthéacs an riachtanais atá le trédhearcacht faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, soláthróidh an Bord an fhaisnéis a leanas ar a láithreán gréasáin:

1. Ainm Chathaoirleach an Phainéil / sonraí faoin Eagraíocht fostaithe

2. Ainm Comhaltaí / sonraí faoin Eagraíocht fostaithe

3. Cé acu arbh nó nárbh oifigigh ainmnithe phoiblí aon chomhaltaí seirbhísigh neamhphoiblí

4. Téarmaí Tagartha an Phainéil

5. Clár gach cruinnithe

6. Miontuairiscí gach cruinnithe

Na Miontuairiscí

Márta 2017 (Íoslóail MS Word)

Samhain 2016 (Íoslóail MS Word)

Lúil 2016 (Íoslóail MS Word)

Márta 2016 (Íoslódail MS Word)

Samhain 2015 (Íoslódail MS Word)