Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Cúnamh Dlíthiúil Choiriúil

Má chuirtear coir i do leith agus caithfidh tú láithriú i gcúirt, féadann tú iarratas a dhéanamh don bhreitheamh le haghaidh cúnamh dlí ar an lá. Beidh ort foirm acmhainní airgeadais a chomhlánú. Má deir an breitheamh go bhfuil teideal agat air, sannfar dlíodóir duit láithreach.

Ní chuirtear Cúnamh Dlíthiúil Choiriúil ar fáil ag dlíodóirí an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil.

Má tá ceist agat faoi chúnamh dlí maidir le cás áirithe, ba chóir teagmháil a dhéanamh le Cléireach nó Cláraitheoir na Cúirte. Ba chóir iarratais ar bith eile maidir le cúnamh dlí a dhéanamh do Rannán Bheartas na gCúirteanna, rannán de chuid an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais a bhfuil freagracht air maidir leis an Scéim um Chúnamh Dlí Choiriúil a riaradh.

 

Scéim Leasaithe um Chomhairle Dlí Stáisiún an Gharda Síochána

Ó mhí Dheireadh Fómhair 2011 ar aghaidh, is ar an mBord um Cúnamh Dlíthiúil a bhfuil an fhreagracht maidir leis an Scéim seo a riaradh.

Forálann Scéim Leasaithe um Chomhairle Dlí Stáisiún an Gharda Síochána go soláthraítear comhairle dlí do dhaoine faoi choinneáil i Stáisiúin an Gharda Síochána.

D’fhéadfadh dlíodóirí táille a éileamh chomh maith má iarrtar orthu freastal ar agallaimh Garda in éineacht le duine atá faoi choinneáil.

Tá an scéim seo faoi réir téarmaí sonracha agus critéir cháilitheachta.

 

An Scéim um Chúnamh Dlí - Saincheisteanna Coimeádta (LA-CIS)

Ní bhíonn aon bhaint ag an Scéim um Chúnamh Dlí - Saincheisteanna Coimeádta (LA-CIS) le cásanna Coimeád Leanaí a bhíonn taobh istigh de théarmaí thagartha cúnamh dlí sibhialta.

Ó mhí an Mheithimh 2012 ar aghaidh, is ar an mBord um Chúnamh Dlíthiúil a bhfuil an  fhreagracht maidir leis an Scéim um Chúnamh Dlí - Saincheisteanna Coimeádta (LA-CIS) a riaradh. Déanann an Scéim seo foráil, i gcúinsí áirithe, le haghaidh ionadaíocht dhlíthiúil i gcineálacha áirithe cásanna ar nós Eiseachadadh, Barántas Gabhála Eorpach, Tairiscintí Bannaí Ard-Chúirte (agus achomhairc Bhannaí sa Chúirt Achomhairc), Habeas Corpus agus cineálacha áirithe Athbhreithniú Breithiúnach.

Tá an scéim seo faoi réir téarmaí sonracha agus critéir cháilitheachta.

 

Scéim Ad-hoc um Chúnamh Dlíthiúil an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla (CAB)

Ó mhí Eanáir 2014 ar aghaidh, is ar an mBord um Chúnamh Dlíthiúil a bhfuil an fhreagracht maidir le Scéim Ad-hoc um Chúnamh Dlíthiúil an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla

a riaradh. Déanann an Scéim seo foráil i gcóir ionadaíocht dhlíthiúil i gcineálacha áirithe nach dtagann faoi réir Chúnamh Dlí Sibhialta nó an Scéim um Chúnamh Dlí Choiriúil.

I measc na gcineálacha cásanna, áirítear na cinn seo a leanas: cásanna a bhaineann le fáltais ó choireacht; Achomhairc Leasa Shóisialaigh agus Achomhairc Cánach áit a mbíonn an Biúró um Shócmhainní Coiriúla nó Príomh-Oifigeach an Bhiúró nó aon bhall don Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla ina fhreagróir agus/nó ina chosantóir.

Tá an scéim seo faoi réir téarmaí sonracha agus critéir cháilitheachta.

 

Scéim Ad-hoc na Cúirte Dúiche (Abhcóide)

Déanann an Scéim seo foráil ar úsáid abhcóidí i gcás sa Chúirt Dúiche. Is é an breitheamh a dheonaíonn cead abhcóidí a úsáid.

Is é an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais a riarann an Scéim. Ba chóir teagmháil a dhéanamh leis an gCléireach/Cláraitheoir Cúirtecuí nó do Rannán Bheartas na gCúirteanna, rannán de chuid an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

  

An Painéal um Chúnamh Dlí Choiriúil

Is  é Rannán Bheartas na gCúirteanna, rannán de chuid an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, a chothaíonn an Painéal um Chúnamh Dlí Choiriúil le haghaidh Dlíodóirí agus Abhcóidí.

Ba chóir do chleachtóirí ar mian leo iad féin a chlárú ar an bpainéal teagmháil a dhéanamh leis an oifig sin le haghaidh tuilleadh eolais.