Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Do chúnamh dlíthiúil sibhialta agus comhairle dlí sibhialta a íoc

Is gnách nach mbíonn cúnamh dlíthiúil sibhialta agus comhairle dlí sibhialta saor in aisce.

Ranníocaí

I bhformhór na gcásanna beidh ort íocaíocht a dhéanamh, ar a dtugaimid ranníoc. Braitheann méid an ranníoca (na ranníocaí) ar d'ioncam agus sócmhainní indiúscartha.

Nuair a chaiseann tú le d'aturnae den chéad uair beidh ort ranníoc comhairle a íoc. Is é €30 an t-íosranníoc comhairle. Ag brath ar d'ioncam, d'fhéadfadh go mbeadh ort suas le €150 a íoc.

Má ghlacaimid le huiríll a dhéanamh ar do shon sa Chúirt, ní mór duit ranníoc cúnaimh a íoc. Is é €130 an t-íosranníoc comhairle. Ag brath ar d'ioncam agus ar do shócmhainní d'fhéadfadh go mbeadh ort tuilleadh a íoc. Áirítear le méid an ranníoca ioncaim iad seo a leanas an ranníoc comhairle, sa chás go ndéantar €130 a ríomh ar do ranníoc, ní bheidh ort ach €100 sa bhreis a íoc.

Faigh amach conas a ríomhaimid do ranníoc féin.

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar chúnamh dlíthiúil chun cabhrú leat le héileamh ar thearmann nó ar chosaint choimhdeach in Éirinn, ní bheidh ort ach ranníoc €10 a íoc.

An féidir liom mo ranníoc a íoc ina thráthchodanna?

Is féidir, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

  • Ní bheifeá in ann iasacht a fháil chun é a íoc in áit eile;
  • Bheadh anró i gceist dá mbeadh ort é ar fad a íoc; agus
  • Bheadh sé míréasúnta againn dá n-iarrfaimis ort é a íoc ar fad ag an am céanna.

Má tá sé de chead agat é a íoc ina thráthchodanna beidh ort an t-iomlán a íoc laistigh de dhá mhí dhéag. Ní bheidh cead ag d'aturnae na páipéir a chomhdú a chuireann tús le caingean chúirte (seachas i gcás na Cúirte Dúiche) nó a mhíníonn don duine atá ag tabhairt cás i d'éadan cén chosaint atá agat, sula n-íocann tú an méid iomlán. Má chuireann tú stop leis na híocaíochtaí linn, féadfaidh nach mbeidh cead ag d'aturnae obair ar do shon a thuilleadh.

Nílim in ann íoc as mo ranníoc féin

Mura bhfuil tú in ann íoc as do ranníoc féin, féadfaidh tú iarratas a chur isteach faoi bhráid an Bhoird chun é a tharscaoileadh. Ní dhéanfaimid sin ach amháin i gcás go measfaimidne go mbeidh sé dian ort an ranníoc a a íoc. Ba cheart duit labhairt le ball foirne san ionad dlí más mian leat iarratas a dhéanamh ar tharscaoileadh.

Athruithe i gcúinsí airgeadais

Má dhéanann tú iarratas, nó má fhaigheann tú cúnamh dlíthiúil sibhialta agus comhairle dlí sibhialta uainn, ní mór duit a insint dúinn má thagann athrú ar do chúinsí – mar shampla má fhaigheann tú post nua nó má chailleann tú do phost, má thagann ardú nó laghdú ar do phá, nó má fhaigheann tú nó má chailleann tú íocaíocht leasa shóisialaigh.

Is féidir linn d'ioncam indiúscartha a athmheas am ar bith nuair atá seirbhísí dlí á bhfáil agat. Má dhéanaimid d'ioncam a athmheas, agus má tá athrú suntasach i ndiaidh teacht air, is féidir linn:

  • an ranníoc atá agat a laghdú agus an difríocht a aisíoc leat (ní dhéanaimid seo ach laistigh de dhá mhí dhéag cothrom le dáta an iarratais)
  • cinneadh a dhéanamh nach mór duit ranníoc níos airde a íoc; nó
  • stop a chur le do chúnamh dlíthiúil, i gcás ina bhfaightear amach nach bhfuil tú incháilithe a thuilleadh.

Costas ar do chúnamh dlíthiúil a aisíoc

Uaireanta, ag deireadh an cháis, má dhéanann tú gnóthachan in airgead nó má choimeádann tú airgead nó réadmhaoin mar gheall ar thoradh do cháis, ní mór an t-airgead nó an réadmhaoin a úsáid chun íoc as do chúnamh dlíthiúil. Ní tharlaíonn sé seo i ngach cás, agus pléifidh d'aturnae é seo leat má tá seans ann go dtarlóidh sé. Is féidir i gcásanna anró go ndéanfar an riachtanas chun cuid den chostas ar chúnamh dlíthiúil a aisíoc nó é a aisíoc ina iomláine a tharscaoileadh. Tarscaileann an Bord cineálacha áirithe airgid nó réadmhaoine a ghnóthaítear nó a choimeádtar i gcónaí .

Cásanna ina bhfuil cúnamh dlí sibhialta agus comhairle dlí sibhialta saor in aisce ann

Má tá Tusla ag iarraidh ar an gCúirt do leanaí a thógáil isteach faoi chúram altrama nó chun cead a thabhairt dá fhoireann maoirseacht a dhéanamh ar do leanaí i d'áit chónaithe féin, ní bheidh ort rud ar bith a íoc as comhairle dlí nó cúnamh dlíthiúil. Tá líon beag cúinsí eile ann nach ngearraimid ranníoc ort.