Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Do ranníocaí i gcomhair cúnamh dlíthiúil sibhialta agus comhairle dlí sibhialta a ríomh

Níl ranníoc i gceist

Má tá Tusla ag iarraidh ar an gCúirt do leanaí a thógáil isteach faoi chúram altrama nó chun cead a thabhairt dá fhoireann maoirseacht a dhéanamh orthu i d'áit chónaithe féin, ní bheidh ort íoc rud ar bith as comhairle dlí nó cúnamh dlíthiúil.

Tá líon beag cúinsí eile ann nuair nach ngearraimid ranníoc ort. Áirítear orthu sin cásanna ina gcuirimid comhairle dlí ar dhuine a líomhnaíonn go ndearnadh éigniú nó ionsaí gnéasach air/uirthi nó uiríll a dhéanamh ar a s(h)on ag triail an duine ar cuireadh ina leith go ndearna sé/sí an t-éigniú nó an t-ionsaí gnéasach.

Cásanna Tearmainn

Má tá tú ag cur isteach ar chúnamh dlíthiúil chun cúnamh a thabhairt duit le héileamh ar thearmann nó ar chosaint choimhdeach in Éirinn, ní gá duit ach ranníoc €10 a íoc.

Is é an leas sóisialach an t-aon fhoinse ioncaim atá agam

Más é an leas sóisialach an t-aon fhoinse ioncaim atá agat, íocfaidh tú ranníoc €30. Beidh €130 ar an gcuid a bhaineann le hioncam ar do ranníoc cúnaimh. Déantar an chuid a bhaineann le caipiteal a ríomh mar a dhéantar thíos.

Gach cás eile

Déantar do ranníoc comhairle a ríomh bunaithe ar d'ioncam indiúscartha amháin. Bainimid €11,500 amach as d'ioncaim indiúscartha. Is é do ranníoc comhairle aon deichiú den mhéid atá fágtha, agus ní bheidh sé níos lú ná €30 nó níos mó ná €150.

Tá dhá chuid i do ranníoc cúnaimh féin. Tá cuid amháin bunaithe ar d'ioncam indiúscartha. Bainimid €11,500 amach as d'ioncaim indiúscartha. Is é aon cheathrú amháin den mhéid atá fágtha an chuid den ranníoc a bhaineann le caipiteal+€130.

I gcás go bhfuil do shócmhainní indiúscartha níos lú ná €4,000, ní bhunaítear do ranníoc cúnaimh ach ar d'ioncam.

I gcás go bhfuil do shócmhainní indiúscartha idir €4,000 - €54,000, asbainfimid €4,000 ó d'ioncam indiúscartha agus tógfaimid 2.5% den mhéid atá fágtha agus cuirfimid é leis an gcuid a bhaineann le hioncaim ar do ranníoc.

I gcás go bhfuil sé seo os cionn €54,000, asbainfimid €54,000 ó d'ioncam indiúscartha agus tógfaimid 5% den mhéid atá fágtha. Cuirfimid €1,250 (ar é sin 25% de €50,000) agus an chuid a bhaineann le hioncam ar do ranníoc leis an méid sin.

Mar Shampla

Déan iarratas chun ranníoc a tharscaoileadh

Mura bhfuil sé d'acmhainn agat an ranníocaíocht a íoc, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar an mBord go ndearfar í a tharscaoileadh.