Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Amanna feithimh ionaid dlí agus eolas staidrimh eile

Tugann an leathanach seo eolas faoi iarratais, amanna feithimh, coinní, agus an líon cásanna a chur ar aghaidh chuig aturnaetha príobháideacha ag gach ionad dlí atá againn.

An t-eolas is déanaí - Mhárta 2024

Íoslódáil in Excel nó PDFCSV

Maidir leis na staitisticí

Cad a chiallaíonn líon na n-aturnaetha?

Is é seo líon na n-aturnaetha a oibríonn in ionad dlí, agus rinneadh coibhéis lánaimseartha den líon sin.  Ciallaíonn sé seo má oibríonn aturnae go páirtaimseartha, úsáidfear codán chun é sin a chur in iúl.  Mar shampla, mura n-oibríonn aturnae ach trí lá sa tseachtain, áirítear é mar 0.6.

Cad a chiallaíonn figiúr líon na n-iarratas?

Is é seo líon na n-iarratas comhlánaithe i gcomhair cúnamh dlíthiúil sibhialta agus comhairle dlí sibhialta a fuair an t-ionad dlí sa mhí, in éineacht le líon na n-iarratas a fuair an t-ionad i gcaitheamh na bliana go dtí seo.

Uaireanta, ar chúiseanna éagsúla, faighimid iarratas ar chúnamh dlíthiúil sibhialta agus comhairle dlí sibhialta ina bhfágtar eolas atá ag teastáil uainn chun an t-iarratas a phróiseáil ar lár. Tugaimid an deis don duine an t-eolas sin a thabhairt dúinn, ach uaireanta ní thagann siad ar ais chugainn. Sa chás sin ní áirítear an t-iarratas sa líon seo.

An bhfuil aon iarratas ar chúnamh dlíthiúil sibhialta agus comhairle dlí sibhialta a fágadh ar lár ó na figiúirí seo?

Tá, fágann na figiúirí seo líon substaintiúil iarratas ar lár ar iarratais iad a fuaireamar ag ár n-oifig i bhfoirgneamh na Cúirte Dúiche ag Teach Dolphin, Sráid Essex Thoir, Baile Átha Cliath 2. Fágann siad líon fíorbheag iarratas ar lár chomh maith a fuair ár n-aonad faillí cúram leighis.

Cad a thagraíonn na figiúirí Ag feitheamh leis an gcéad chomhairliúchán do?

I mbeagnach gach ionad dlí atá againn, beidh ar dhuine feitheamh tréimhse sula gcasann sé/sí le haturnae.  Insíonn t-Uasam Feithimh duit an líon seachtaine atá ann ag deireadh na míosa agus atá ar an duine atá ag feitheamh don tréimhse is faide a fheitheamh i gcomhair a c(h)éad chomhairliúcháin ó shocraíomar ó thaobh airgeadais de go raibh sé/sí i dteideal comhairle dlí.  Insíonn Líon Feithimh an líon daoine a bhí ag feitheamh i gcomhair céad chomhairliúcháin ag an ionad dlí.

Insíonn an figiúr Tosaíochta duit an méid duine a bhí ag feitheamh a sainaithníodh i ndiaidh féachaint ar a n-iarratas go raibh coinne tosaíochta le haturnae de dhíth orthu. Ar na hábhair a thugtar seirbhís tosaíochta dóibh tá foréigean baile, cúram leanaí, agus fuadach leanaí.

Cad a thagraíonn na figiúirí Ag Feitheamh leis an dara comhairliúchán do?

I bhformhór ár n-ionad dlí, nílimid in ann seirbhís shubstaintiúil a chur ar fáil laistigh de cheithre mhí.  In ainneoin sin déanaimid iarracht an chéad chomhairliúchán a thabhairt dóibh i gceann ceithre mhí, ach beidh orthu feitheamh ar feadh tréimhse níos faide sular féidir linn tuilleadh seirbhísí a chur ar fáil dóibh. Tugtar ag feitheamh ar an dara comhairliúchán air seo.

Insíonn t-Uasam Feithimh duit an líon seachtaine atá ann ag deireadh na míosa agus atá ar an duine atá ag feitheamh don tréimhse is faide a fheitheamh i gcomhair an dara comhairliúchán ó bhí a c(h)éad chomhairliúchán aige/aici. Insíonn Líon Feithimh an líon daoine a bhí ag feitheamh i gcomhair an dara comhairliúchán ag an ionad dlí.

Cén fáth a bhfuil “0” faoi na figiúirí Ag feitheamh leis an Dara Comhairliúchán in ionaid dlí áirithe?

Má tá an t-ionad dlí in ann seirbhís shubstainteach a chur ar fáil laistigh de cheithre mhí, ní bheidh gá ann a iarraidh ar dhuine ar bith feitheamh leis an dara comhairliúchán. 

Cad a chiallaíonn figiúirí coinní a bhí ann?

Léiríonn iad seo líon na gcéad chomhairliúcháin, líon an dara comhairliúchán, agus coinní tosaíochta a bhí san ionad dlí go dtí seo. 

Ar fágadh aon choinne den chéad uair ar lár sna figiúirí seo?

D'fhág. I gcásanna tearmainn agus cásanna cosanta comhdaí ní mór dúinn ár seirbhís a sholáthar ar bhealach difriúil i gcomparáid le formhór na n-ábhar eile.  Ní chuirtear cúnamh dlíthiúil sibhialta agus comhairle dlíthiúil sibhialta ar fáil i gcásanna tearmainn ach in ionad dlí Mhargadh na Feirme, in ionad dlí Chorcaí Ché Pope, agus in ionad dlí na Gaillimhe Seville House.  Is gnách go dtugtar tosaíocht do na cásanna seo agus ní gá feitheamh le seirbhís.  Tá súil againn sonraí a chur san áireamh i dtaca leis na cásanna seo go luath.

Cad é líon a chur ar aghaidh chuig aturnaetha príobháideacha?

Déanann aturnaetha atá ag obair sna hionaid dlí agus atá ina bhfostaithe den Bhord um Chúnamh Dlíthiúil an chuid is mó den obair um chúnamh dlíthiúil sibhialta. I gcásanna áirithe cuirimid ár gcliaint ar aghaidh chuig aturnaetha atá ag cleachtadh go príobháideach. Déantar é seo in dhá réimse:

  • Dlí Teaghlaigh Phríobháidigh na Cúirte Dúiche: is iarratais chuig an Chúirt Dúiche iad siúd i gcás orduithe foréigin bhaile, orduithe a bhaineann le leas na leanaí, agus orduithe i gcomhair cothabhála.
  • Idirscaradh breithiúnach agus colscaradh na Cúirte Dúiche.

D'fhoilsíomar na huimhreacha a chuir na hionaid dlí ar aghaidh i gcaitheamh na bliana go dtí seo.

Cén líon a chur ar aghaidh chuig aturnaetha príobháideacha nach bhfuil san áireamh?

I mBaile Átha Cliath, is inár n-oifig féin i bhfoirgneamh na Cúirte Dúiche ag Teach Dolphin a dhéantar an chuid is mó d’ábhair dlí teaghlaigh phríobháidigh na Cúirte Dúiche a chur ar aghaidh chuig aturnaetha príobháideacha. Níl an líon sin a cuireadh ar aghaidh chuig aturnaetha san áireamh anseo.

Cuirimid iarratasóirí chomh maith ar aghaidh chuig aturnaetha príobháideacha i gcásanna tearmainn agus i gcásanna cosanta comhdaí. Níl siad san áireamh sna staitisticí atá foilsithe anseo. 

Cé chomh minic agus a fhoilsíonn sibh an t-eolas seo?

Foilsímid an t-eolas seo gach mí.  Is gnách go bpostálfaimid an t-eolas i gcomhair mí ar bith an tseachtain i ndiaidh an tseachtain ina bhfuair an Bord an t-eolas.  D'fhéadfadh dáta difriúil a bheith i gceist ó mhí go mí, agus ós rud é nach dtagann an Bord le chéile i Lúnasa, d'fhéadfadh moill a bheith ann i dtaobh eolas a fhoilsiú in Iúil.

Cén áit ar féidir liom teacht ar an eolas is déanaí?

Eolas staidrimh ionad dlí - Excel

Eolas staidrimh ionad dlí - PDF

Eolas staidrimh ionad dlí - CSV

Cén áit ar féidir liom teacht ar eolas staidrimh atá foilsithe roimhe seo?

Féadfaidh tú teacht ar eolas atá foilsithe cheana anseo.