Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Na Difríochtaí idir Chúnamh Dlí Coiriúil agus Chúnamh Dlí Sibhialta

Cad is Cúnamh Dlí ann?

Mura bhfuil sé in acmhainn duine dlíodóir a íoc é/í féin, is féidir leo cúnamh dlí a fháil. Is é atá i gceist le cúnamh dlí ná go gcuirtear comhairle dlí agus ionadaíocht sa chúirt ar fáil dóibh.

Chun eolas a fháil faoi chúnamh dlí coiriúil, dean teagmháil le Cléireach/Cláraitheoir na cúirte áirithe ina mbeidh tú i láthair.
Tuilleadh eolais faoi chúnamh dlí sibhialta.

Cad é an difríocht idir chúnamh dlí coiriúil agus chúnamh dlí sibhialta?


Is seirbhísí ar leith iad cúnamh dlí coiriúil agus cúnamh dlí sibhialta.
Na Cúirteanna a dheonaíonn cúnamh dlí coiriúil. Os a choinne sin, muidne a chuireann cúnamh dlí sibhialta ar fáil.
Is é atá i gceist le cúrsaí coiriúla ná cionta coiriúla a ionchúiseamh. Is é atá i gceist le cúrsaí sibhialta ná díospóidí idir dhuine amháin agus dhuine eile/eagraíocht.

Samplaí de chionta coiriúla:


• Dúnmharú/dúnorgain
• Éigniú
• Goid
• Calaois
• Ionsaí
• Cionta mótarthráchta
• Cionta i gcoinne an Stáit (e.g. sceimhlitheoireacht)
Samplaí de dhíospóidí dlí coiriúil:
• Díospóidí teaghlaigh – cliseadh pósta agus díospóidí a bhaineann le páistí san áireamh
• Caingne Ghníomhaireacht um Leanaí agus Teaghlach (Tusla) chun páistí a chur faoi chúram an stáit nó chun maoirseacht a dhéanamh orthu ina mbaile féin
• Caingne chun cúitimh a ghnóthú mar thoradh ar ghortú a rinneadh ar dhuine
• Caingne chun cúitimh a ghnóthú mar thoradh ar shárú conartha
• Díospóidí a bhaineann le réadmhaoin
• Díospóidí le fostóirí

Conas iarratas a dhéanamh ar chúnamh dlí?

Is muidne a dheonaíonn cúnamh dlí sibhialta. Ní mór foirm iarratais a chomhlánú agus é a chur ar ais chuig aon cheann d’ár ionaid dlí.  Is féidir leat iarratas a dhéanamh chomh maíth  tríd ár bhfoirm iarratais ar-líne.  Is iad na Cúirteanna a dheonaíonn cúnamh dlí coiriúil. Ní mór ráiteas acmhainne a chur i gcrích agus é a thabhairt don bhreitheamh. An breitheamh a dhéanann an cinneadh maidir le cúnamh dlí a dheonú nó gan é a dheonú.

An bhfuilim i dteideal cúnamh dlí?

I gcás cúnamh dlí choiriúil, déanfaidh an breitheamh breathnú ar d’acmhainn agus ar cad ba chóir dó a dhéanamh ar mhaithe le ceart dlí: cúnamh dlí a dheonú nó gan é a dheonú (ag brath ar cé chomh tromchúiseach is atá an cúiseamh, nó ar chúinsí eisceachtúla, má tá a leithéid i gceist). Ní bhaineann aon teorainn ar leith le cúrsaí acmhainne agus is faoi gach breitheamh ar leith a bhíonn sé cúnamh dlí a dheonú má cheapann sé nach leor d’acmhainn féin.
I gcás cúnamh dlí shibhialta, is bunaithe ar d’fhoirm iarratais a bheidh aon chinneadh cúnamh dlí a dheonú nó gan é a dheonú. Cuirfimid ioncam indiúscartha (i ndiaidh dúinn liúntais a dheonú) agus caipiteal an iarratasóra san áireamh inár mbreithniúchán. Ní féidir linn comhairle dlí a dheonú má tá ioncam indiúscartha níos mó ná €18,000 nó má tá caipiteal indiúscartha (gan teach cónaithe a chur san áireamh) níos mó ná €100,000 ag iarratasóir. Más gá dul os comhair na Cúirte, déanfaidh dlíodóir iarratas ar do shon i gcomhair deimhniú cúnamh dlí a fháil. Ag an am sin, déanfaimid machnamh ar thuillteanais an cháis roimh cinneadh a dhéanamh cúnamh dlí a dheonú nó gan é a dheonú. Tá teacht ar a thuilleadh eolais anseo maidir le cáiliú le haghaidh cúnamh dlí shibhialta.