Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Ceisteanna Coitianta maidir le Leabharlann an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

  1. Cad atá i gceist le Leabharlann an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil?

Comhshuite le hIonad Doiciméadaithe na nDídeanaithe ó bhí 2006 ann, is inti do bhailiúchán ollmhór leabhar, tuarascálacha, cásdlí agus ábhair eile a bhaineann go príomha le cúrsaí Dlí Sibhialta & Teaghlaigh. Cuirtear seirbhís leabharlainne, faisnéise agus taighde ar fáil inti do bhaill foirne uile an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil, go háirithe dóibh siúd atá ag obair in Ionaid Dlí agus Oifigí Idirghabhála Teaghlaigh ar fud na tíre.

  

  1. An bhfuil cead isteach i Leabharlann an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil ag an bpobal ?

Níl. Murab ionann agus Ionad Doiciméadaithe na nDídeanaithe (RDC/IDD), níl cead isteach i Leabharlann an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil ag an bpobal i gcoitinne; is do bhaill foirne an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil amháin a húsáid.

  

  1. Cé hiad ar féidir leo seirbhísí na Leabharlainne a úsáid?

Is do bhaill foirne an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil amháin an tseirbhís iarratais.

  

  1. Cén áit ar féidir foirm iarratais a fháil agus conas a chuirtear isteach í?

Is féidir teacht ar an bhfoirm iarratais anseo:

Ní mór foirmeacha comhlánaithe a chur chugainn ag: LAB_Library@legalaidboard.ie

  

  1. Cé chomh fada is a thógann sé freagra a fháil ar iarratas?

De ghnáth, bíonn réamhfhógra dhá lá ag teastáil ó fhoireann Leabharlainne an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil chun iarratas a fhreagairt, cé go bhfreagraítear roinnt mhaith iarratas níos tapúla ná sin. Mura féidir linn tasc a chur i gcrích faoin sprioc ama ar chúis ar bith,, déanfaimid teagmháil leat chun é sin a phlé. Socrófar sprioc ama nua más sásúil duit é. Ba chóir gach iarratas práinneach a mharcáil chun críche sin ar a chur isteach chun a phráinn a chur in iúl don fhoireann.

Is féidir úsáid a bhaint as an bhfoirm iarratais atá ar fáil ar Ríomhleabharlann freisin chun iarratas a chur isteach.

  

  1. Cén chaoi ar féidir liom clárú mar bhall don leabharlann?

Más ball foirne de chuid an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil tú, féadann tú clárú mar bhall don leabharlann ach teagmháil a dhéanamh linn: LAB_Library@legalaidboard.ie

  

  1. An mó earra leabharlainne is féidir liom a fháil ar iasacht agus cad é an tréimhse ama a bhaineann le hiasachtaí?

Tá cead ag baill na leabharlainne trí earra a fháil ar iasacht ar feadh tréimhse ceithre seachtaine. Is féidir an iasacht a athnuachan mura theastaíonn na hearraí céanna ó bhall eile leabharlainne.

  

  1. Cad is  Legal Ease ann?

Is nuachtlitir ráithiúil an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil é Legal Ease agus tugtar eolas ann faoi na forbairtí is déanaí maidir le Dlí Sibhialta.  Tá teacht anseo ar an eagrán is déanaí, chomh maith le cartlann iomlán na n-eagrán roimhe seo.