Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Struchtúr na heagraíochta

An Bord

Ceapann an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta an Bord agus is é an Bord atá freagrach as:

  • treoir straitéiseach na heagraíochta
  • polasaí a shocrú agus monatóireacht a dhéanamh maidir lena chur chun feidhme
  • maoirseacht a dhéanamh ar bhainistíocht cheart éifeachtach na heagraíochta
  • monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme gnásanna airgeadais éifeachtacha agus cuntasacht a chur ar fáil
  • buiséid a cheadú agus monatóireacht a dhéanamh orthu, agus
  • cinntí áirithe forchoimeádta a dhéanamh.

Tá Cathaoirleach agus dhá ghnáthbhall déag ar an mBord de ghnáth, ina bhfuil beirt acu nach mór a bheith ina n-abhcóidí agus beirt acu nach mór a bheith ina n-aturnaetha a bhfuil ag cleachtadh a ngairme, agus ní mór do bheirt a bheith ina n-ionadaithe den fhoireann.

      

Foireann tacaíochta

Fostaímid thart ar 450 foireann.

Cuireann ár bhfoireann tacaíochta, atá lonnaithe sa Cheannoifig i gCathair Saidhbhín agus san oifig atá againn i mBaile Átha Cliath i Margadh na Feirme, tacaíocht ar fáil don tseirbhís cúnaimh dhlíthiúil shibhialta agus don tseirbhís idirghabhála teaghlaigh. Tá achoimre thíos ar struchtúr ár bhfoireann tacaíochta.

  Organisational Structure Sept 16 Irish

Tá Príomhfheidhmeannach atá i gceannas ar ár struchtúir riaracháin ann agus atá freagrach as gnóthaí laethúla, agus as polasaithe a bhunaigh an Bord a chur i bhfeidhm. Tá an Príomhfheidhmeannach ag obair faoin mBord. 

Tá líon stiúrthóirí ann atá ag obair faoin bPríomhfheidhmeannach, agus tá freagracht as feidhmeanna áirithe tarmligthe chuig gach duine acu. Áirítear orthu siúd bainistiú foriomlán ar chúnamh dlíthiúil, acmhainní daonna, TF, maoiniú agus feidhmeanna éagsúla eile tacaíochta corparáide a sholáthar.

Cúnamh dlíthiúil sibhialta agus comhairle dlí sibhialta

Is é an Stiúrthóir Cúnaimh Dhlíthiúil Shibhialta atá i gceannas ar an tseirbhís um chúnamh dlíthiúil agus comhairle dlí sibhialta, agus cabhraíonn beirt Bhainisteoirí Réigiúnacha leis. Cuireann foireann seirbhísí dlí ar fáil i dtríocha ionad dlí. Tá aturnaetha, foireann pharaidhlíthiúil agus foireann riaracháin ag obair ann. Tá aturnae bainistíochta ag gach ionad dlí atá ag obair faoi Bhainisteoir Réigiúnach amháin nó beirt nó atá ag obair faoin Stiúrthóir Cúnaimh Dhlíthiúil Shibhialta go díreach.

Idirghabháil Teaghlaigh

Tá an Stiúrthóir, Idirghabháil Teaghlaigh, i gceannas ar sheirbhísí idirghabhála teaghlaigh, agus cabhraíonn beirt bhainisteoirí Réigiúnacha leis/léi. Cuirtear idirghabháil teaghlaigh ar fáil as seacht n-oifig idirghabhála déag, a bhfuil idirghabhálaithe agus foireann riaracháin ag obair ann.