Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Nósanna Imeachta agus Treoirlínte chun Táillí Aistriúcháin / Ateangaireachta a éileamh

1. Ginearálta

Tá faisnéis thábhachtach sa doiciméad seo maidir leis an nós imeachta ceart chun éilimh ar tháillí ateangaireachta agus / nó aistriúcháin a chur isteach faoin Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta (tugadh Scéim um Chúnamh Dlíthiúil Ad-hoc an Ard-Aighne air roimhe seo ach thug an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ainm nua air an 1 Eanáir 2013). Ba cheart do gach aturnae agus soláthraí seirbhíse na treoirlínte seo a léamh agus dul i gcleachtadh orthu toisc go seoladh an Bord ar ais éilimh a chuirtear isteach i bhformáid mhícheart nó gan an fhaisnéis riachtanach iontu chuig an aturnae iomchuí le haghaidh tuilleadh airde.

2. Éileamh a chur isteach

Níor cheart ach don aturnae atá ar taifead gach éileamh ar tháillí faoin Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta a chur isteach. Ba cheart do sholáthraí seirbhísí aistriúcháin nó ateangaireachta a chinntiú go gcuirtear gach sonrasc a bhaineann le cás ar aghaidh chuig an aturnae ábhartha faoin dáta is luaithe lena chinntiú go bhféadfar a n-éileamh a chur san áireamh le héileamh uileghabhálach an aturnae ar tháillí maidir leis an gcás. Agus ansin, ba cheart don aturnae ábhartha a chinntiú go ndéantar gach sonrasc maidir le seirbhísí ateangaireachta / aistriúcháin chomh maith le haon éilimh eile a thagann chun cinn (lena n-áirítear abhcóide) a chur isteach lena n-éileamh féin ar tháillí dlí. Níor chóir éilimh ar íocaíocht a chur isteach ina bpíosaí toisc go gcruthaítear moill gan ghá leis seo nuair a bhítear i mbun measúnaithe iomlán ar éileamh. Ba cheart a thabhairt ar aird nach bhféadfar éilimh ar tháillí a dhéanamh roimh an Ordú Cúirte deiridh ina moltar go gcuirfí an Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta i bhfeidhm.

3. Na doiciméid ba cheart a chur san áireamh le héileamh

Ba cheart sonraisc bhunaidh a chur isteach maidir le gach seirbhís aistriúcháin / ateangaireachta a cuireadh ar fáil i dtaca le hábhair a bhain le cosaint cliaint. Ní mór Foirm Freastail CI 4 a chur isteach leis an sonrasc arna comhlánú go hiomlán ag an aistritheoir / ateangaire agus arna deimhniú ag an aturnae ábhartha maidir le gach freastal a rinneadh. Ba cheart Foirm CI 4 aonair a úsáid, nuair is féidir, chun gach freastal maidir le cás aonair a thaifeadadh. Nuair nach féidir é sin a dhéanamh, féadfar Foirm CI 4 eile a chur isteach de réir mar is gá. Tá aturnae a fhostaíonn cuideachta ateangaireachta / aistriúcháin freagrach as a bhfreastal a dheimhniú i gcomhréir le forálacha Alt 7 thíos.

4. An fhaisnéis a theastaíonn ar an sonrasc

Anuas ar na suimeanna a dhéantar a éileamh, ba cheart go mbeadh uimhir shonraisc shonrach agus dáta sonraisc ar gach sonrasc. Ba cheart go mbainfeadh gach sonrasc a chuirtear isteach le cliant / cás amháin agus ba cheart go mbeadh tagairt shoiléir d’ainm an chliaint agus d’Uimhir Thaifid na Cúirte. Níl aon teorainn leis an méid freastail is féidir a chur san áireamh ar shonrasc ar an gcoinníoll go mbaineann siad ar fad leis an aon chliant / chás amháin agus go ndeimhnítear gach freastal ar Fhoirm CI 4 a ghabhann leis.

5. Fiosrú a dhéanamh maidir le stádas éilimh

Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí aistriúcháin / ateangaireachta gach fiosrú maidir lena n-éileamh i gcomhair íocaíochta a chur ar aghaidh chuig an ngnólacht aturnae ábhartha a d’fhostaigh iad agus ar chuir siad an t-éileamh isteach chuige. Ba cheart do ghnólachtaí aturnae aon fhiosruithe atá acu maidir leis an éileamh a chur ar aghaidh iad féin chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil (féach Alt 8 thíos).

6. Na rátaí atá iníoctha maidir le seirbhísí aistriúcháin / ateangaireachta

Le héifeacht ón 1 Deireadh Fómhair 2011, tá feidhm ag na rátaí seo a leanas:

  • Íocfar as seirbhísí ateangaireachta (lena n-áirítear teanga chomharthaíochta) ag ráta €40.00 don chéad uair an chloig nó cuid de agus €20 gach leath uair an chloig ina dhiaidh sin.
  • Íocfar as seirbhísí aistriúcháin ag ráta 10 cent in aghaidh an fhocail.
  • Íocfar as leabhar fianaise a aistriú ag ráta €22 in aghaidh an leathanaigh.
  • Íocfar míleáiste, nuair a chaithfidh ateangaire taisteal lasmuigh de gha 15km ó bhunáit na cuideachta, ag ráta 24 cent in aghaidh an chiliméadair.

Nuair is cosúil go mbeidh costais aistriúcháin agus / nó ateangaireachta níos mó ná €2,000, ní mór d’aturnaetha trí luachan ar a laghad a fháil maidir leis an tseirbhís a chur ar fáil agus fianaise maidir leis sin a chur isteach chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil lena n-éileamh ar tháillí nuair a thugtar an cás chun críche.

7. Oibleagáidí deimhnithe an aturnae

Faoin Scéim, tá aturnae a fhostaíonn soláthraí seirbhísí ateangaireachta nó aistriúcháin freagrach as na rudaí seo a
leanas:

  • a dheimhniú go raibh gá leis an tseirbhís agus go bhfuil an inniúlacht iomchuí ag an duine nó ag an gcuideachta a sholáthraíonn an tseirbhís chun seirbhís ghairmiúil a sholáthar
  • a dheimhniú gur fhreastail an soláthraí seirbhísí ar na dátaí agus na hamanna a d’ordaigh an aturnae agus ag deimhniú freisin cruinneas na n-uaireanta a oibríodh agus an méid a éilíodh
  • a dheimhniú go dtagraíonn na costais ateangaireachta nó aistriúcháin do chás sonrach an chliaint amháin agus nach mbaineann sé le haon seirbhísí dá bhforáiltear sna Cúirteanna atá faoi réir conartha ar leithligh arna shocrú ag an tSeirbhís Chúirteanna
  • a chinntiú go gcuirtear sonrasc bunaidh ar a bhfuil uimhir shonraisc uathúil ón gcuideachta iomchuí (ní mór sonraí a bheith air maidir leis an seirbhísí arna soláthar) isteach lena bhreithniú agus go mbíonn Foirm CI 4 a bheidh comhlánaithe go hiomlán ag gabháil leis
  • tiomsú agus a chinntiú go gcuirtear gach gné den éileamh, lena n-áirítear doiciméid ón ngnólacht aturnae, ón abhcóide sóisearach (agus, nuair is iomchuí, sinsearach),
  • a chinntiú, chun críocha iniúchóireachta, go gcoinníonn siad fianaise de na seirbhísí a coimisiúnaíodh (lena n-áirítear cóipeanna de thuarascálacha srl)

8. Tuilleadh ceisteanna

Ba cheart aon fhiosruithe maidir le cur i bhfeidhm na Scéime um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta a chur ar aghaidh chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil ag na sonraí teagmhála seo a leanas:

An Bord um Chúnamh Dlíthiúil

An Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta

Rannóg um Chúnamh Dlíthiúil Coiriúil

47 Sráid an Mhóta Uachtarach

Baile Átha Cliath 2

Dublin 7

D07 PE0C

Teileafón: (01) 6441913

Ríomhphost: cla@legalaidboard.ie