Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Treoirlínte maidir le húsáid Fhoirm Éilimh CLA 11 i gcomhair Cuairt Phríosúin

Treoirlínte maidir le húsáid Fhoirm Éilimh CLA 11 i gcomhair Cuairt Phríosúin ag Cleachtóirí Dlí faoi na Scéimeanna um Chúnamh Dlíthiúil

Ní mór do chleachtóirí dlí, ar mian leo éileamh a dhéanamh ar tháille i ndáil le cuairt phríosúin faoi na Scéimeanna um Chúnamh Dlíthiúil arna liostáil thíos, na treoirlínte anseo thíos chun chur ar chumas na nOifigeach Seirbhíse Príosúin a bhfreastal ar an bpríosún a dheimhniú.

Scéimeanna um Chúnamh Dlíthiúil a bhaineann leis an bhFoirm Éilimh CLA 11

  • An Scéim um Chúnamh Dlíthiúil Coiriúil
  • An Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta
  • Scéim um Chúnamh Dlíthiúil an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla

Treoirlínte maidir le Cuairt Phríosúin a dheimhniú

1. Níor chóir éileamh a chur isteach lena bhreithniú i gcomhair cuairt phríosúin ach amháin in imthosca ina bhfuil an chuairt riachtanach chun cás an chliaint faoi cheann amháin de na Scéimeanna thuas a ullmhú agus a láimhseáil go cuí. Beidh ar an cleachtóir dlí dearbhú ina leith sin a shíniú ar an bhFoirm Éilimh CLA 11.

2. Sa chás ina dtugann aturnae agus abhcóide cuairt ar an bpríosúnach ag an am céanna, ní mór Foirm Éilimh CLA 11 ar leithligh a chomhlánú agus a dheimhniú i leith gach cleachtóir.

3. Faoi na Scéimeanna thuas luaite, beidh táille amháin iníoctha beag beann ar líon na bpríosánach a dtéann an cleachtóir dlí i gcomhairle leo sa phríosún le linn na cuairte céanna sin. Sa chomhthéacs sin, fiú má thugtar cuairt ar níos mó ná príosánach amháin ar dháta ar leith, is leor Foirm Éilimh CLA 11 amháin a chomhlánú ag gach cleachtóir dlí.

4. Más rud é, tar éis teacht chuig príosún le haghaidh cuairt a cuireadh in áirithe roimh ré chun dul i gcomhairle le príosúnach atá ag fáil cúnaimh dhlíthiúil, go ndiúltaíonn an príosúnach casadh leis an aturnae agus / nó an abhcóide freastail, féadfaidh an tOifigeach Príosúin an chuairt a dheimhniú amhail is go raibh comhairliúchán ar siúl.

5. Níl táillí iníoctha ach amháin le haturnae agus / nó abhcóide a chuireann ionadaíocht ar fáil don phríosúnach sa chás ina bhfuil Cúnamh Dlíthiúil deonaithe don phríosúnach. Ní bheidh Táillí maidir le Cuairteanna Príosúin iníoctha agus ní ndéanfar Foirmeacha Éilimh CLA 11 a dheimhniú ag Oifigigh Príosúin do dhaoine eile cosúil le foireann pharaidhlíthiúil srl. a d’fhéadfadh a bheith ag tabhairt cuairte ar an bpríosúnach.

6. Ní mór gach réimse ar an bhFoirm Éilimh CLA 11 a chomhlánú chun deimhniú an Oifigigh Príosúin ar an bhfreastal a éascú. Mura bhfuil réimse aonair infheidhme ní mór "ní bhaineann le hábhar" a chur isteach.

7. Maidir leis an réimse le haghaidh an "Uimhir Teastas um Cúnaimh Dhlíthiúil" agus an réimse ar leith le haghaidh "Uimhir Cás Cúirte / Bille Cúirte", más rud é go raibh an príosúnach os comhair Cúirte cheana féin, ba chóir don chleachtóir dlí ar a laghad ceann amháin de na huimhreacha da dtagraítear a sholáthar go cruinn. Mura gcuirtear an uimhir chuí ar fáil, ní bheidh sé de chumas ar an Oifigeach Príosúin an freastal a dheimhniú. Más rud é, mar a tharlaíonn go fíor annamh, nach raibh an príosúnach os comhair Cúirte go fóill agus / nó nár leithdháileadh uimhir thagartha bailí maidir leis an gcás dó go fóill ag an tSeirbhís Chúirteanna, ba cheart an méid sin a shoiléiriú ar an bhFoirm CLA 11.

8. Ar chríochnú an Fhoirm Éilimh CLA 11 ag an gcleachtóir dlí, ba chóir don Oifigeach Príosúin a chinntiú go bhfuil gach réimse i gcrích i gcomhréir leis na forálacha thuas. Más deimhin leis amhlaidh, ba chóir don Oifigeach Príosúin an freastal a dheimhniú agus an chóip bhunaidh den CLA 11 a thabhairt don duine atá ag freastal ar an bpríosún agus an dara cóip a choinneáil.

9. Mura bhfuil an tOifigeach Príosúin sásta go bhfuil na réimsí is gá curtha i gcrích go hiomlán, ní dheimhneoidh sé / sí an deimhniú freastail. I gcúinsí den sórt sin is faoin gcleachtóir atá sé a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis riachtanach ar fáil chun a dheimhniú a éascú. Ní dhéanfar foirmeacha éilimh CLA 11 nach bhfuil deimhnithe agus stampáilte a bhreithniú ná a phróiseáil le haghidh íocaíochta.

10. Ag baint úsáide as na sonraí teagmhála atá leagtha amach thíos, ba chóir do chleachtóirí dlí Foirmeacha Éilimh CLA 11 deimhnithe a chur isteach le haghaidh íocaíochta faoin Scéim um Chúnamh Dlíthiúil Coiriúil chuig an Rannóg um Sheirbhísí Comhroinnte Airgeadais de chuid na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Ba chóir Foirmeacha Éilimh deimhnithe le haghaidh íocaíochta faoin taobh neamh-bannaí den Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta nó Scéim um Chúnamh Dlíthiúil an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla a chur faoi bhráid an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil. Ní mór go mbeadh baint ag na Foirmeacha Éilimh CLA 11 deimhnithe a bhaineann le hionadaíocht le haghaidh Iarratas ar Bhannaí Ard-Chúirte a bhaineann le hábhair choiriúla leis an bhFoirm Éilimh CI 2 um Iarratas ar Bhannaí Ard-Chúirt agus a chur faoi bhráid an Chláraitheora Cúirte ábhartha lena gcur faoi bhráid na Rannóige um Sheirbhísí Comhroinnte Airgeadais de chuid na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

11. Is féidir gach fiosrúchán maidir leis na treoirlínte seo a sheoladh chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil.

An Rannóg um Sheirbhísí Comhroinnte Airgeadais          An Bord um Chúnamh Dlíthiúil,

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais,                     Rannóg um Chúnamh Dlíthiúil Coiriúil,

Bóthar Pháirc na bhFianna,                                                     48-49 Sráid Brunswick Thuaidh,

Fón: (064) 6670300                                                                     Fón: (01) 6469644