Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Eolas do pháistí

Leanaí in Idirghabháil

Is Seirbhís leanbhlárnach í an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh a leagann béim láidir ar fholláine an linbh/leanaí atá sáite in idirscaradh agus Colscaradh. 

Cinntíonn an Idirghabhálaí go dtugtar “Guth an Linbh” isteach sa phróiseas idirghábhála. Is féidir é sin a dhéanamh go díreach, go hindíreach nó trí Sheisiún Teaghlaigh ag brath ar na cúinsí teaghlaigh.

Comhairliúchán Díreach le Leanaí

Ag brath ar na cúinsí ar leith déantar comhairliúchán díreach leis na leanaí a thairiscint do thuismitheoirí chun machnamh a dhéanamh ar a gcuid páistí a bheith rannpháirteach go díreach sa phróiseas idirghabhála, ionas go mbeidh na cinntí faoi shocruithe a gcuid leanaí á baint amach agus tuiscint acu ar pheirspictíocht gach linbh.

Ní tharlaíonn sé ach amháin le cead na dtuismitheoirí agus an linbh.

Tugtar cuireadh do leanaí casadh leis an idirghabhálaí leo féin, rud a thugann deis dóibh a dtuairimí a thabhairt i suíomh rúnda.

Comhairliúcháin lndíreach le Leanaí

Cinntíonn an idirghabhálaí go bhfuil riachtanais agus leasanna an linbh/na leanaí mar ábhar machnaimh lárnach le linn idirbheartaíochta trí leasanna an linbh a thabhairt go hindíreach isteach sa seomra trí iniúchadh agus idirphlé maidir le riachtanais gach linbh aonair.

Seisiún Teaghlaigh

Nuair atá comhaontú idir na tuismitheoirí, agus sin amháin, déantar seisiún a thairiscint do thuismitheoirí cuireadh a thabhairt dá leanaí chuig an idirghabháil chun a gcuid socruithe nua teaghlaigh a phlé ar bhealach spreagúil agus dearfach.

Tuilleadh Eolas do Thuismitheoirí agus Leanaí

D’fhéadfadh na naisc seo a leanas a bheith úsáideach mar go bhfuil siad dírithe go sonrach ar chomhairle agus tacaíocht a thabhairt do leanaí agus do dhaoine óga lena n-áirítear iad siúd a bhfuil a dtuismitheoirí ag idirscaradh. Ní fhormhuiníonn an Bord um Chúnamh Dlíthiúil ná an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh na láithreáin seo ná aon eolas atá iontu.

http://rainbowsireland.com

http://teenbetween.ie

http://separationsupport.ie

Láithreán fhíseán na Seirbhíse Cúirteanna

https://www.childline.ie/