Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Abhaile

Cad é Painéal na nAturnaetha i gcomhair Scéim Riaráistí Morgáiste Baile?

D’fhógair an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais Scéim ar an 22 Eanáir, 2016 chun cabhrú le daoine atá dócmhainneach agus a bhfuil riaráistí morgáiste acu ar a n-áiteanna cónaithe, chun comhairle neamhspleácha airgeadais agus dlí a rochtain. Tá an Scéim á comhordú ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus an Roinn Coimirce Sóisialaí, i gcomhar le gníomhaireachtaí ábhartha lena n-áirítear an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (MABS) (a fheidhmeoidh mar thairseach do dhaoine chun comhairle a rochtain faoin Scéim), Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann, an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh agus an Bord um Chúnamh dlíthiúil.

Tá an Bord um Chúnamh Dlíthiúil ag bunú painéil aturnaetha anois atá sásta na seirbhísí seo a leanas a chur ar fáil do dhaoine atá incháilithe don Scéim:

• Seirbhís Chomhairliúcháin Aturnae;

• Seirbhís ‘Aturnae ar Dualgas’ sa chúirt (liostaí athshealbhaithe), agus

• Athbhreithniú de chuid na Seirbhíse um Chúnamh Dlíthiúil ar Shocrú um Dhócmhainneacht Phearsanta.

Cad atá riachtanach le bheith páirteach?

Más mian leat a bheith ar an bpainéal seo beidh ort:

• bheith i d'Aturnae agus ag cleachtadh sa Stát

• dóthain árachais slánaíochta riosca ghairmiúil

• na ceanglais a chomhlíonadh ó thaobh imréiteach cánach i gcás conarthaí san earnáil phoiblí

• freastal ar an oiliúint a eagraímid

• léiriú chun ár sástachta go bhfuil ceachtar acu seo a leanas agat:

o taithí le déanaí maidir le seirbhísí dlí i gcásanna athshealbhaithe tí, agus ní mór taithí abhcóideachta os comhair na Cúirte Cuarda a bheith san áireamh i gcásanna den sórt sin; nó

o  taithí i soláthar seirbhísí dlí maidir le socruithe dócmhainneachta pearsanta.

Níl sa mhéid seo ach achoimre. Tá na riachtanais iomlána le fáil sna Téarmaí agus Coinníollacha atá againn a gcaithfidh tú aontú leo más mian leat seirbhísí a sholáthar mar chuid den Phainéal.

Cad is gá dom a dhéanamh le bheith páirteach?

Le bheith ar an bpainéal, líon amach foirm iarratais agus seol ar ais é chuig solicitorspanels@legalaidboard.ie.

Gheobhaidh tú an fhoirm iarratais sna Téarmaí agus Coinníollacha . Íoslódáil anseo é.

Beidh ort freastal ar an oiliúint a eagraímid sular féidir leat seirbhísí a sholáthar. Chuireamar oiliúint ar fáil ar an 8 Aibreán 2016 d'aturnaetha ar spéis leo a bheith páirteach. Má d'fhreastail tú ar an oiliúint sin, cuir é sin in iúl dúinn sa ríomhphost cumhdaigh. Déanfaimid ár liosta tinrimh a sheiceáil.

Ceaptar aturnaetha ina gcáil phearsanta féin agus ní in ainm an ghnólachta. Más mian le roinnt aturnaetha i do ghnólacht a bheith ar an bpainéal, ní mór duit foirm iarratais ar leith a sheoladh isteach i gcás gach aturnae díobh. Is féidir leat iad a sheoladh faoin gclúdach ríomhphoist amháin.

Na painéal reatha

An Paineal "Aturnae ar Dualgas"An Paineal Seirbhis Chomairliuchain Aturnae
An Paineal Athbhreithniú de Chuid na Seirbhíse um Chunamh Dlithiuil ar Shocru um Dhocmhainneacht phearsantaAturnaetha Dualgais Rota do Mheán Fómhair go Nollaig 2021

Cad mar gheall ar abhcóidí?

Má tá tú i d’abhcóide, agus ba mhaith leat seirbhísí a sholáthar faoin Scéim seo, ní mór duit a bheith ar phainéal na n-abhcóidí le haghaidh cúnamh dlíthiúil sibhialta. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil anseo.

Lá  Oiliúna

Tá ort freastal ar cheann dár laethanta oiliúna de chuid na Scéime um Riaráistí Morgáiste Tí de réir na gcoinníollacha atá le comhlíonadh sula nglacfar leat ar an bPainéal. Seo a leanas sonraí faoinár gcéad imeacht oiliúna eile:

Féadfaidh tú cuid den ábhar a chuir na cainteoirí ar fáil ag an ócáid a fháil thíos. D’fhéadfadh sé a bheith úsáideach duit má tá tú ag iarraidh cinneadh a dhéanamh faoi bheith ar an bpainéal nó fanacht amach uaidh.

Riaráiste Tiomnaithe Morgáiste (RTM/DMA). Annmarie O'Connor & James Glynn

Athbhreithniú Cúirte ar an Socrú Dóchmhainneacht Phearsanta. Jane Marshall

Seirbhí Dócmhainneachta na hÉireann. Christopher Lehane

Cearta chun tithíochta - Cad iad na cearta atá ag duine a chailleann teach?

Dócmhainneacht Phearsanta agus Dócmhainneacht Chorparáideach. Eugene McDarby

Riaráiste Morgáiste, oibleagáidí conartha agus an dlí athshealbhainte. Paul Joyce

Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann. Lorcan O'Connor, Stiúrthór