Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Scéim binse meabhair-shláinte

Ón 1 mhí na Samhna, 2006, má chuirtear duine san ospidéal in éadan a t(h)ola (othar neamhthoiliúil), tá siad i dteideal binse meabhair-shláinte a bheith acu laistigh de 21 lá ón dáta ar cuireadh isteach iad. 

Is é an Coimisiún Meabhair-Shláinte atá freagrach faoi láthair as na binsí seo a chur ar bun an tAcht Meabhair-Shláinte (Leasú), 2015.

Is iad seo a leanas na triúr daoine atá ar bhinse meabhair-shláinte:

  • Ball dlí (Abhcóide nó Aturnae a bheidh ina Chathaoirleach)
  • Tuata
  • Síciatraí Comhairleach

Éistfear leis na fíorais a bhaineann leis an gcás sa bhinse, agus déanfar cinnte go bhfuil sé ag teacht leis an dlí an duine a c(h)oimeád san ospidéal  Tá sé de cheart ag othair go ndéanfaidh ionadaí dlí atá ceaptha ag an gCoimisiún Meabhair-Shláinte ionadaíocht dóibh ag an mbinse meabhair-shláinte. Socróidh an Binse chomh maith go ndéanfaidh Síciatraí Comhairleach scrúdú dochtúra neamhspleách. Tá sé de cheart ag othair freastal ar an mBinse más mian leo.

Is é is feidhm leis an mbinse meabhair-shláinte iontráil nó ordú athnuachana a chúlghairm nó a dhearbhú. Féadfaidh binsí meabhair-shláinte aistrithe atá beartaithe chuig an bPríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar a mheas agus moltaí a bhaineann le sícmháinliacht a mheas.

Síníodh an Bille um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas), 2015 isteach sa dlí an 30 mí na Nollaig 2015. Rinne sé seo córas nua um chinnteoireacht chuidithe i gcór daoine nach bhfuil sé de chumas acu cinntí a ghlacadh. Cuireann sé foráil ar fáil chomh maith freagracht as ionadaíocht cúnaimh dhlíthiúil ag binsí meabhair-shláinte a aistriú chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil. Tá an tAcht seo faoi réir ordú tosach feidhme agus a luaithe agus a dhéanfar an tOrdú is é an Bord um Chúnamh Dlíthiúil a bheidh  freagrach as cúnamh dlí a chur ar fáil ag na Binsí Meabhair-Shláinte.

Má tá ceist agat i dtaobh cúnamh dlí a chur ar fáil ag na Binsí Meabhair-Shlánte, déan teagmháil leis an gCoimisiún Meabhair-Shláinte