Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Tearmaí agus Coinníollacha

1. Déantar foráil san Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta (“an tAcht)” go bhféadfaidh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil (“an Bord”) painéal aturnaetha a bhunú agus a chothabháil atá toilteanach cúnamh dlí agus comhairle a chur ar fáil do dhaoine atá ag fáil seirbhísí dlí. Tá cinneadh déanta ag an mBord painéal nua d'aturnaetha a bhunú agus a chothabháil atá toilteanach seirbhísí a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil deimhniú cúnamh dlí deonaithe ag an mBord dóibh i leith ábhar áirithe an dlí teaghlaigh sa Chúirt Dúiche; gairfear an “Painéal na gCleachtóirí Príobháideacha don Chúirt Dúiche” ar an bpainéal sin.  Beidh an Painéal nua seo in ionad an Phainéil atá ann faoi láthair.

2. Aon aturnae/gnólacht ar mian leis/léi/leo go gcuirfí san áireamh é/í/iad, de réir fhorálacha na dtéarmaí agus coinníollacha seo, maidir lena (h/n-)ainm a chur an an bPainéal, ní mór dó/di/díobh iarratas i scríbhinn a dhéanamh don Bhord.  Ní mór don aturnae/gnólacht gealltanas a thabhairt, san fhoirm ag Aguisín 1, go gcomhlíonfaidh sé nó sí nó siad na téarmaí agus coinníollacha agus forálacha an Achta, agus cúnamh dlí agus/nó comhairle á c(h)ur ar fáil aige/aici/acu.

3. Ní mór deimhniú cleachta reatha ó Dhlí-Chumann na hÉireann a bheith ag aon aturnae/gnólacht ar mian leis/léi/leo iarratas a dhéanamh ar bheith ar an bPainéal agus ní mór árachas slánaíochta gairmiúil a bheith aige/aici/acu atá leormhaith do chríocha na Scéime.  €1.5 is ea an figiúr reatha in aon chás ar leith, ach féadfaidh an Bord an méid sin a athbhreithniú ó am go ham.

4. Ní mór d'aturnaetha/gnólachta ar an bPainéal iad a chomhlíonadh na nósanna imeachta dár teideal 'Nósanna Imeachta Imréitigh Cánach-Conartha Earnála Poiblí' atá sonraithe i gCiorclán 22/95 de chuid na Roinne Airgeadais nó atá sonraithe in aon chiorclán den sórt sin a chuirfear in ionad an chiorcláin sin.

5. Beidh an Painéal i bhfeidhm ar feadh tréimhse aon bliana ó 1 mí Bealtaine 2008 nó ó aon dáta nó aon tréimhse eile a d'fheadfadh an Bord a shocrú.  Déanfaidh an Bord iad a mheas iarratais ar bheith san áireamh ar an bPainéal, ag cibé tráthanna a chinnfidh an Bord, ó am go ham. 

6. Ni mór rochtain ar aiseanna ríomhphoist a bheith ag aturnaetha/gnólachtaí ar an bPainéal agus ní mór bogearraí TF a bheith acu freisin atá comhoiriúnach le bogearraí Microsoft Office lena chinntiú go riarfar an scéim go héifeachtach agus go héifeachtúil.

7. Sainaithneofar an Bord cliaint de réir théarmaí agus coinníollacha na reachtaíochta maidir le frith-sciúradh airgid agus Treoirnótaí de chuid an Dlí-Chumainn roimh cás a atreorú chuig aturnae/gnólacht ar an bPainéal.    Tabharfar cóipeanna de na doiciméid aitheantais don aturnae/gnólacht.  Is é an t-aturnae/gnólacht a bheidh freagrach as é a chinntiú go gcomhlíonfar gach oibleagáid eile de bhun na reachtaíochta sin.

8. Táthar ag súil go ngníomhóidh aturnaetha/ghnólachtaí ar dhóigh muiníneach i leith gach cliaint atá ag fáil cúnamh dlí agus go gcuirfidh siad seirbhís ar fáil de réir Dlí Teaghlaigh in Éirinn - Cód Cleachtais a d'eisidh Coiste an Dlí Teaghlaigh agus Cúnaimh Dlí de chuid Dlí-Chumann na hÉireann agus de réir na dTreoracha um Iompar Gairmiúil a eisíonn Dlí-Chumann na hÉireann ó am go ham. 

9. Tá an Bord tiomanta do sheirbhís dlí ar ardchaighdeán a chur ar fáil dá chuid cliant agus ó am go ham cuirfidh sé treoirlínte ar fáil d'aturnaetha/gnólachtaí ar an bPainéal maidir leis an gcur chuige is gá a chur i bhfeidhm agus aturnaetha/gnólachtaí ag plé le hábhair an dlí teaghlaigh.  Tá treoirlínte eisithe ag an mBord maidir le catagóirí áirithe cásanna Cúirte Dúiche agus maidir le bainistíocht comhad. Táthar ag súil go gcomhlíonfaidh aturnaetha/gnólachtaí ar an bPainéal na Treoirlínte sin den chuid is mo.

10. Cuirfidh aturnae/gnólacht ar an bPainéal aon fhaisnéis ar fáil don Bhord atá ag teastáil ón mBord a bhaineann leis an duine atá ag fáil cúnamh dlí,  lena a chur ar chumas an Bhoird a cuid feidhmeanna a chomhlíonadh faoin Acht.  Tabharfar faisnéis den sórt sin taobh istigh de cheithre lá dhéag ó aon iarratas den sórt sin.  Coinneoidh aturnaetha/gnólachtaí comhaid ar dhaoine atá ag fáil cúnamh dlí ar feadh tréimhse sé bliana ó dháta chur chun críche na seirbhísí a údaraithe de bhun an deimhnithe chúnaimh dlí.

11. Cuirfidh aturnaetha agus gnólachtaí atá ar an bPainéal nuashonruithe ar dhul chun cinn ar fáil gach ceithre mhí i bhformáid a chinnfidh an Bord maidir le haon chásanna a shanntar chucu. Tá formáid reatha na dTuarascálacha agus na gCód Tuairiscithe ceangailte in Aguisín IV.

12. Mar chuid dá thiomantas dá chinntiú go bhfaigheann a chuid cliant seirbhís ar ardchaighdeán, déanfaidh an Bord iad a athbhreithniú roinnt comhad ar chliaint atá ag fáil cúnamh dlí chun é féin a shásamh go bhfuil seirbhís ar an gcaighdeán cuí á cur ar fáil ag an aturnae/gnólacht ar an bPainéal.  I gcás ina sainaithnítear mar gheall ar an athbhreithniú sin cúiseanna imní maidir leis an gcaighdeán cuí seirbhíse a chur ar fáil, scrúdóidh an Bord aon nó gach comhad atá sannta don aturnae/gnólacht sin agus a bhaineann le cliant atá ag fáil cúnamh dlí.

13. Féadfaidh an Bord aturnae/gnólacht a bhaint den Phainéal nó a chur ar fionraí ón bPainéal má mheasann sé:

  • go bhfágann iompar gairmiúil an aturnae, agus é/í ag cur seirbhísí dlí ar fáil, go bhfuil sé, sí nó siad mí-oiriúnach, i dtuairim an Bhoird, chun na seirbhísí sin a sholáthar; nó
  • nár chomhlíon an t-aturnae/gnólacht na Téarmaí agus Coinníollacha seo; nó
  • nach bhfuil páirt glactha sa Scéim ag an aturnae/gnólacht go leibhéal sásúil, lena n-airítear é/í a dhiúltú ar bhonn rialta glacadh mar chliant le duine atá ag fáil cúnamh dlí nó comhairle dlí cuí nó cúnamh dlí cuí a thabhairt do chliant; nó
  • go bhfuil riocht míochaine ar an aturnae a d'fhágfadh go mbeadh sé nó sí mí-oiriúnach chun an tseirbhís is gá a chur ar fáil.  Forchoimeádann an Bord an ceart chun fianaise liachta a éileamh ó aturnae nó chun aturnae a atreorú chuig liachleachtóir lena (h)oiriúnacht a dheimhniú maidir leis sin.

14. Má shocraíonn an Bord aturnae/gnólacht a bhaint den Phainéal nó a chur ar fionraí ón bPainéal, cuirfear an t-aturnae ar an eolas i scríbhinn faoi bhonn an chinnidh sin.  Féadfaidh an t-aturnae, taobh istigh d'aon mhí amháin ó dháta fógra den sórt sin, achomharc a dhéanamh i scríbhinn do Phríomhfheidhmeannach an Bhoird, agus bonn an achomhairc sin á leagan amach ina iomlán aige/aici.  Féadfaidh an Príomhfheidhmeannach an t-aturnae/gnólacht a chur ar ais ar an bPainéal, má tá sé/sí sásta go bhfuil cás déanta chun déanamh amhlaidh.  Ní fheidhmíonn aon achomharc chun moill a chur leis an bhfionraí nó leis an mbaint den Phainéal, ach amháin i gcás ina socraíonn an Príomhfheidhmeannach a mhalairt.

15. Ní mór d'aturnaetha/ghnólachtaí ar mian leo tarraingt siar ón bPainéal fógra i scríbhinn a thabhairt don Bhord, maidir lena rún chun tarraingt siar.  Tabharfaidh aturnaetha/gnólachtaí fógra míosa maidir le rún chun tarraingt siar ón bPainéal.  Ní mór d-aturnaetha a tharraingíonn siar ón bPainéal iad a chur chun críche gach cás a bhí atreoraithe chucu agus atá fós le réiteach.

16. Déanfar an painéal a chothabháil in ord aibítre ar bhonn náisiúnta agus cuimseoidh ainmneacha gach aturnae/gnólachta ar glacadh lena n-iarratais ar ionadú.  Chun tagairt dó a éascú féadfar é a dháileadh ar iarratasóirí a bhfuil deimhnithe cúnamh dlí deonaithe dóibh, an Painéal i bhfoirm liosta ar leith d'aturnaetha/gnólachtaí ar an bPainéal atá toilteanach seirbhísí a chur ar fáil atá údaraithe de bhun an deimhnithe sa cheantar Cúirte Dúiche/Contae ina bhfuil cónaí ar an duine atá ag fáil cúnamh dlí.

17. Dáilfear uimhir, dá ngáirfear Uimhir CP, ar gach aturnae ar glacadh leis/léi le haghaidh bhallraíochta ar an bPainéil, agus ní mór an uimhir sin a lua i ngach comhfhreagras.

18. Ní bheidh feidhm ag an scéim ach amháin maidir le daoine a bhfuil Deimhnithe cúnamh dlí deonaithe dóibh ag an mBord le haghaidh imeachtaí an dlí teaghlaigh sa Chúirt Dúiche maidir le: • cothabháil (seachas forfheidhmiú tríd an gCléireach Cúirte Dúiche) • cúram / rochtain • caomhnóireacht • foréigean baile

19. Daoine atá ag fáil cúnamh dlí agus a ndearnadh ionadaíocht thar a gceann sa Chúirt Dúiche de bhun deimhniú cúnamh dlí a eisíodh faoin Scéim agus, i ndiaidh don Chúirt sin cinneadh a dhéanamh ar chás, agus ar mian leo achomharc don Chúirt Chuarda a dhéanamh, nó a chosaint, is féidir leo iarratas ar chúnamh dlí i leith an achomhairc sin a dhéanamh d'Aonad na gCleachtóirí Príobháideacha, an Bord um Chúnamh Dlíthiúil, Sráid an Chalaidh, Cathair Saidhbhín, Co Chiarraí, DX 166 004. 

20. Ní mór do dhaoine atá ag iarradh seirbhísí cúnamh dlí a n-iarratais a dhéanamh ag ionaid dlí.  I gcás ina ndeonaítear deimhniú cúnamh dlí don iarratasóir i leith  imeachtaí ar bith atá liostaithe ag alt 17 thuas, féadfaidh an Bord an duine sin a atreorú chuig an bPainéal chun aturnae/gnólacht a roghnú ón bPainéal chun ghníomhú thar a c(h)eann.  Tabharfaidh an Bord nó an duine atá ag fáil cúnamh dlí fógra don aturnae agus tabharfaidh na doiciméid seo a leanas dó/di:

  • Léireoidh an deimhniú cúnamh dlí ainm an duine atá ag fáil cúnamh dlí, cineál na n-imeachtaí údaraithe agus na céimeanna údaraithe de bhun na n-imeachtaí sin, maidir leis an gcaiteachas a d'fhéadfaí a tabhú i leith finnéithe; agus
  • Foirm Éilimh ar cheart uimhir an deimhnithe cúnaimh dlí a chur uirthi.

Beidh an deimhniú sin mar údarás ag an aturnae chun cúnamh dlí a chur ar fáil don chliant faoin Scéim seo.  Ba cheart don aturnae/gnólacht cuid III den deimhniú a choimeád i gcomhad an cliaint.  Ba cheart cuid IV den deimhniú a cheangail den Fhoirm Éilimh le haghaidh íocaíocht na táille agus eisíocaíochta ar bith, nuair a bheidh an cás curtha chun críche.

Ní féidir seirbhísí cúnamh dlí a chur ar fáil faoin Scéim gan deimhniú bailí cúnamh dlí. 

21. I gcás ina measann aturnae/gnólacht gur gá le céimeanna breise a thabhódh caiteachas chun éileamh an chliaint a phróiseáil, os cionn an caiteachais atá údaraithe ar an deimhniú, mar shampla, gur cheart tuarascáil a fháil ó dhuine gairmiúil nó gur gá le finnéithe gairmiúla nó finnéithe eile, ní mór iarratas a dhéanamh i scríbhinn ag iarraidh leasú ar an deimhniú chun caiteachas den sórt sin a thabhú.  Ba cheart go leor faisnéise a bheith in iarratas den sórt sin, go háirithe maidir le cén leas a bhainfeadh leis as caiteachas sin i leith chás an chliaint, le gurbh fhéidir cinneadh a dhéanamh agus go bhféadfadh an Bord téarmaí an Achta a chomhlíonadh agus an t-iarratas sin á bhreithniú aige.  Is féidir an t-iarratas a dhéanamh d'Aonad na gCleachtóirí Príobháideacha (féach alt 18).

22. Eiseoidh an Bord deimhniú leasaithe, má chinntear an t-iarratas a cheadú.  Ní fhéadfaidh aturnae tuarascálacha a lorg, finnéithe a úsáid ná costais a thabhú ar bhealach eile ach amháin mar a údaraithe é sin de bhun deimhnithe nó deimhniú leasúcháin.  Ní bheith an Bord freagrach ach amháin as costais nó caiteachais a thabhaítear ach amháin má údaraíodh na costais sin i scríbhinn roimh ré.

23. Beidh cinnidh a dhéanann an Bord chun iarratais a dhiúltú ar fhinnéithe gairmiúla nó finnéithe saineolaí a úsáid faoi réir an athbhreithnithe ábhartha agus na n-imeachtaí sna Rialacháin um Chúnamh Dlí Sibhialta 1996 go 2013 (Rialachán 12).

24. Is í an Fhoirm Éilimh an doiciméad lena mbeidh an t-aturnae i dteideal an táille chuí agus an eisíocaíocht údaraithe a éileamh.  Folóidh an táille chuí aon táille a d'fhéadfaí a íoc le habhcóide agus ní íocfaidh an Bord aon táille breise d'aon abhcóide a áirithítear.  Tá treoracha maidir leis an bhFoirm a chomhlánú curtha i gcló ar chúl na Foirme.  Ba cheart aird a thabhairt agus an Fhoirm á comhlánú, toisc go gcuirfear ar ais gan íocaíocht aon fhoirm éilimh atá comhlánaithe go neamhiomlán nó go mícheart.

25. Ba cheart an Fhoirm Éilimh chomhlánaithe, mar aon le cóip den Deimhniú, a chur ar ais chuig Aonad na gCleachtóirí Príobháideacha (féach alt 18) nuair a bheidh na seirbhísí a shonraítear ar an deimhniú curtha ar fáil agus agus a bheidh an cás dearbhaithe.

26. Measfar cás a bheith dearbhaithe nuair:

  • a bheidh imeachtaí Cúirte socraithe nó a bheidh Ordú(Ordaithe) deiridh déanta ag an gCúirt; nó
  • a bheidh a t(h)reoracha tarraingthe siar ag an gcliant.

27. Ní ceadmhach aon táille a ghearradh ar dhaoine atá ag fáil cúnamh dlí, agus ní ceadmhach a iarraidh orthu aon táille, speansas, costas nó eisíocaíocht a íoc ach amháin de réir na dtreoracha sin ar leith a fheadfaidh an Bord a eisiúint ó am go ham.  Ina theannta sin, ní cheadmhach iarraidh ar dhaoine atá ag fáil cúnamh dlí gealltanais a shíneadh chun íoc as seirbhísí breise agus is é aturnae/gnólacht a bhaint láithreach den Phainéal an toradh a bheadh ar ghealltanas a iarraidh chun íoc as seirbhísí breise.

28. Beidh scála caighdeánach táillí i bhfeidhm (leagtha amach i Sceideal 1 thíos) iníoctha i ngach cás do na haturnaetha/gnólachtaí ar an bPainéal le haghaidh soláthar seirbhísí.

29. I gcás ina bhfuil an cás éiste i bpáirt tráth a dhéantar an t-iarratas ar chúnamh dlí, forchoimeádann an Bord an ceart gan ach an chuid den táille a íoc a bheadh iníoctha in aon chás eile.

30. Beidh aturnaetha ar an bPainéal freagrach as eisíocaíocht aon lóin aistir is gá chun freastal finnéithe a chinntiú, ach beidh siad i dteideal aisíocaíochta ar aon eisíocaíocht údaraithe de bhun an deimhnithe nó leasaithe ar an deimhniú sin.  Má éiríonn sé riachtanach táille a íoc as seirbhísí gairmiúla atá údaraithe leis an deimhniú nó ag leasú ar an deimhniú sin, sula ndéanfar cinneadh ar chás, féadfar Foirm Eatramhach Éileamh a chur faoi bhráid an Bhoird mar aon leis an mbun-nóta táille.  Íocfaidh an Bord an táille go díreach leis an duine nó comhlacht ábhartha agus tabharfar fógra don aturnae nuair a bheidh an íocaíocht déanta.

31. Ní bheith aon ní sna Téarmaí agus Coinníollacha seo ina chúis agus ní fhorléireofar aon ní sna Téarmaí agus Coinníollacha seo mar chúis, le caidreamh fostóra agus fostaí idir an Bord agus aon aturnae ar an bPainéal.

Sceideal 1

Táillí maidir le cásanna idirscartha agus colscartha (lena n-áirítear aon íocaíochtaí a rinneadh le abhcóide, ach gan CBL a bheith san áireamh) Táille
a) Cásanna idirscartha breithiúnaigh agus colscartha inar seirbheáladh Fógra Trialach lena n-áirítear de réir mar is cuí, ach gan a bheith teoranta do, comhairliúcháin, pléadálacha a dhréachtú nó a réiteach, obair ullmhúcháin, idirbheartaíocht le teach ar réiteach agus nó bheith i láthair sa chúirt, lena n-áirítear aon iarratais eatramhacha. €3386
b) Cásanna inar réitíodh cúrsaí trí Chomhaontú Idirscartha seachas trí imeachtaí um Idirscaradh Breithiúnach. €2539
c) c) Cásanna Idirscartha Breithiúnaigh agus cásanna Colscartha inar tionscnaíodh imeachtaí ach nach ndeachaigh an t-ábhar ar aghaidh chomh fada le seirbheáil Fógra Trialach agus le cur san áireamh nuair is cuí, ach gan a bheith sé teoranta do, comhairliúcháin, dréachtú nó réiteach pléadálacha, obair ullmhúcháin, idirbheartaíocht le teach ar réiteach agus nó iarratais eatramhacha cúirte. €1693
d) Cásanna idirscartha agus colscartha ina bhfuil teagasc tugtha ag an duine a bhfuil cúnamh dlíthiúil aige nó aici d’aturnae nó do ghnólacht ach a mhainníonn treoracha breise a thabhairt nó a roghnaíonn gan leanúint ar aghaidh leis an ábhar €423
e) Cásanna idirscartha agus colscartha nuair nach dtugann an duine a bhfuil cúnamh dlíthiúil aige nó aici aon teagasc. Ní íoctar dada
f) Táille bhreise nuair a bhíonn níos mó ná aon lá faisnéise amháin riachtanach i gcás idirscartha bhreithiúnaigh nó colscartha. €592
g) Táille breise as éisteacht le breithiúnas nuair a éistear cás agus go bhforchoimeádtar an breithiúnas is go dtugtar é ar lá eile. €296