Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Osclaíonn an tAire Flanagan go hoifigiúil an Bord Cúnaimh Dlí chomhshuite leis an Ionad Idirghabhála do Theaghlaigh agus Dlí i gCill Chainnigh

D’oscail an tAire Cirt agus Comhionannas Charlie Flanagan T.D. inniu (Dé hAoine 22ú Mheithimh) an tIonad nua i gcomhair an Bhoird Cúnaimh Dlí chomhshuite leis an Ionad Idirghabhála do Theaghlaigh agus Dlí i gCill Chainnigh.

Is é an Bord Cúnaimh Dlí an gníomhaí stáit a sholáthraíonn comhairle dlíthiúil agus ionadaíocht dhlíthiúil i gcásanna dlí sibhialta do dhaoine a bhfuil acmhainní teoranta acu, chomh maith le seirbhís mhachnaimh do theaghlaigh a sholáthair, chun éilimh teaghlaigh a réitiú gan nósanna imeachta dlíthiúla a úsáid.

I 2015, chuir an Bord Cúnaimh Dlí tús leis an tionscnaíocht “Vision and Change”, ina n-iarrtar ar fhoireann na heagraíochta smaointe a thabhairt ar cén chuma ar chóir a bheith ar an eagraíocht agus conas freastal ar an gcustaiméar mar is cuí. Rinneadh cinneadh ionad dlí chomhshuite i gCill Chainnigh a roghnú agus é a úsáid mar oifig fhrémhshamhla chun triail a bhaint as smaointe i seachadadh na seirbhíse a d’fhéadfaí, má éiríonn leo, iad a úsáid i ngréasán oifigí an Bhoird Cúnaimh Dlí ina iomláine.

Dúirt an tAire Flanagan:

“Óna aistríodh freagracht as idirghabháil chuig an mBord Cúnaimh Dlí i 2011, tá sé mar aidhm aige seirbhísí idirghabhála agus cúnaimh dlí a sholáthar. Mar chéad chéim maidir leis sin, bhain an Bord úsáid as straitéis a bhaineann le hoifigí a chomhshuí chun seirbhísí idirghabhála agus cúnaimh dlí a sholáthar.

Is anseo i gCill Chainnigh a roghnaigh an Bord Cúnaimh Dlí ní hamháin an dá sheirbhís a chomhshuí go fisiceach, ach Cill Chainnigh a úsáid mar ionad nuálaíochta i seachadadh cúnaimh dlí agus idirghabhála. Taispeánann an togra Chill Chainnigh an tiomantas atá ag an mBord Cúnaimh Dlí chun freagracht a ghlacadh as riachtanais na gcustaiméirí a athraíonn ó lá go lá, agus cur lena acmhainn chun réimse na seirbhísí a sholáthraíonn sé a leathnú.”

Thosaigh an togra i 2017 agus rithfidh sé ar feadh dhá bhliana. Tá na beartais sin níos éifeachtaí ná iad a thabhairt ar aghaidh d’oifigí eile an Bhoird Cúnaimh Dlí. Dúirt Philip O’Leary, Cathaoirleach an Bhoird Cúnaimh Dlí:

“Beidh muid ag díriú go dlúth ar an acmhainn sin atá ag an áit chun go mbeidh na seirbhísí idirghabhála a sholáthraíonn an Bord do theaghlaigh níos lárnaí dár soláthair ginearálta, agus cabhrú le daoine a cheapann gurb iad nósanna imeachta foirmiúla sa chúirt an t-aon rogha inmharthana dóibh i gcásanna coimhlintí teaghlaigh.

Creidimid go bhfuil féidearthachtaí ann do sheirbhísí idirghabhála teaghlaigh chun rogha neamh-bhreithiúnach a thabhairt do níos mó daoine mar réiteach d’fhadhbanna casta a tharlaíonn go minic i gcúinsí coimhlintí teaghlaigh. Creidim gur féidir agus go ndéanfaidh idirghabháil ról tábhachtach a imirt ó thaobh tacaíochta le daoine ag idirscaradh, agus tabharfaidh sé sin réiteach dóibh a mbaineann sé sin leo agus do chóras dlí teaghlaigh freisin.”

Is féidir teacht ar Ionad Idirghabhála Teaghlaigh an Bhoird Cúnaimh Dlí ag an 1ú Urlár, Smithlands Centre, An Loch Buí, Cill Chainnigh. Tá gréasán le 30 ionad dlí lán-aimseartha ag an mBord Cúnaimh Dlí agus seacht n-oifig déag um idirghabháil suite ar fud na tíre.

CRÍOCH

Tuilleadh Eolais:

Donal Reddington Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha R-phost: dxreddington@legalaidboard.ie Guthán 087 1401017

Nóta d’Eagarthóirí

Is é an Bord Cúnaimh Dlí (“an Bord”) an comhlacht reachtaíochta, neamhspleách freagrach as cúnaimh dlí an stáit a thabhairt do dhaoine a bhfuil acmhainní laghdaithe acu, i gcomhréir le forálacha Achta um Chúnamh Dlí an Stáit 1995 (the “Act”).

Rinneadh leasú ar an Acht ag Cuid 54 an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilchineálacha) 2011, a thug freagracht bhreise don Bhord chun seirbhís idirghabhála teaghlaigh a sholáthar.

Is ag aturnaetha fostaithe ag an mBord, trí ghréasán ionaid dlí, a thugtar cúnamh dlíthiúil an stáit. Leis sin, tugann aturnaetha seirbhísí freisin i gcleachtas príobháideach, agus iad ag obair leis an mBord ar bhonn táille-ar-chás. Tugtar seirbhísí idirghabhála teaghlaigh i seacht n-oifig lán-aimseartha agus deich páirt-aimseartha.

Is ceadmhach do dhuine a bhfuil ag lorg seirbhísí dlí i gcás sibhialta iarratas a chur chuig aon cheann d’ionaid an Bhoird, agus ní mór dóibh an t-ábhar maidir lena bhfuiltear ag lorg comhairle agus/nó cúnamh dlí a lua, mar aon le sonraí ioncaim agus aon acmhainní caipitiúla. Tugtar seirbhís tosaíochta i gcásanna áirithe, lena n-áirítear foréigean sa bhaile, fuadach páistí, cásanna a bhaineann le hiarratais ag an Stát ar pháistí chun cúraim a thabhairt, agus cásanna a bhfuil teorann ama reachtaíochta acu le himeacht in éag.

Déantar measúnú ar choinníollacha chun cúnaimh dlí ar ioncam indiúscartha agus caipiteal indiúscartha an iarrthóra. Is é €30 é an t-íosmhéid a íoctar chun comhairle dlíthiúla agus €130 chun cúnaimh dlí. Tugtar tarscaoileadh ar an íocaíocht sin i gcásanna áirithe. Ón 1ú Eanáir 2018, ní íoctar aon tháille maidir le cásanna foréigin sa bhaile. #

Más mian le duine leas a bhaint as idirghabháil chun cabhrú le fadhb sa teaghlach a réitiú, is féidir leis iarratas a chur chuig aon oifig idirghabhála teaghlaigh an Bhoird. Leis sin, ní mór don dara pháirtí teagmháil a dhéanamh leis an oifig chéanna chun suim a dheimhniú maidir le freastal ar idirghabháil. Ní ghearrfar aon tháille don seirbhís agus tá an tseirbhís ar fáil do gach duine, d’aineoinn a (h)ioncaim / acmhainní airgeadais. Tugtar seirbhísí idirghabhála teaghlaigh freisin i gcúirteanna áirithe in éineacht le suíonna dlí.

Togra Chill Chainnigh

I 2015, chuir an Bord tús le Tionscnaíocht “Vision and Change”, is é sin cumarsáid leis an bhfoireann maidir leis an gcuma ar chóir a bheith ar an eagraíocht agus conas is féidir freastal ar an gcustaiméar mar is cuí.

Ceann de na moltaí a bhfuarthas ón Tionscnaíocht Vision and Change ná ionad nó oifig dlí reatha a roghnú chun triail a bhaint as líon áirithe moltaí a tháinig ón tasc thuasluaite agus go mbainfeadh siad triail as aon ábhair eile más cuí dar leo. Rinneadh cinneadh ionad dlí chomhshuite a úsáid in éineacht le hoifig idirghabhála teaghlaigh, agus é sin a úsaid mar oifig “fhréamhshamhla” a ndéanfadh tástáil ar smaointe i seachadadh seirbhíse a d’fhéadfaí, má éiríonn leo, iad a úsáid i ngach oifig i ngréasán an Bhoird Cúnaimh Dlí.

Tá an t-aga feithimh i gCill Chainnigh i measc na cinn is giorra sa tír i gcomhair seirbhísí dlí agus idirghabhála araon, ag ocht agus deich seachtain.

[CRÍOCH]