Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Osclaíonn an tAire Kehoe áitreabh nua an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil go hoifigiúil i Loch Garman

D’oscail an tAire atá freagrach as Cosaint, Paul Kehoe, T.D., inniu (Dé hAoine, an 23 Feabhra) áitreabh nua an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil i Loch Garman go hoifigiúil.

Is é an Bord um Chúnamh Dlíthiúil an ghníomhaireacht Stáit a sholáthraíonn comhairle dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil i gcásanna dlí shibhialta do dhaoine a bhfuil maoin theoranta acu, anuas ar an tseirbhís idirghabhála teaghlaigh a sholáthar a lorgaíonn chun díospóidí teaghlaigh a réiteach gan aghaidh a thabhairt ar imeachtaí dlíthiúla.

Dúirt an tAire Kehoe:

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le foireann Ionad Dlí Loch Garman thar ceann mhuintir Loch Garman, agus dearbhaím go n-aithnítear go fairsing an t-ionad agus go bhfuiltear an-bhuíoch de. Guím gach rath oraibh anseo san oifig nua, agus cinntím go leanfaidh an Rialtas ag tacú libh go leanúnach chun cúnamh dlí sibhialta a sholáthar, a thugann le fios ár dtiomantas go mbíonn rochtain ag ár saoránaigh go léir ar cheartas.”

Soláthrófar in áitreabh an Ionaid Dlí nua, atá lonnaithe ag acomhal Shráid na Sláine agus Rae Temperance i mbaile Loch Garman, timpeallacht fheabhsaithe do chliaint chun dul i gcomhairle le haturnae maidir le ceisteanna ar gnách dóibh a bheith ina gceisteanna casta pearsanta.

Dúirt Philip O’Leary, Cathaoirleach an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil:

“Déileálann foireann an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil go minic le cliaint ag tráth ina mbíonn siad thíos le géarchéim, bíodh an ghéarchéim sin de chineál teaghlaigh nó eile, a bhaineann siar astu agus tá gach duine a oibríonn anseo i Loch Garman, agus go náisiúnta, le moladh mar gheall go dtéitear i ngleic leis na cásanna seo le hardleibhéal íogaireachta agus gairmiúlachta. Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh chun buíochas a ghabháil le foireann uile Ionad Dlí Loch Garman as tabhairt faoin aistriú seo chuig an oifig nua seo agus gan cur isteach ach chomh beag ar an obair thábhachtach a dhéantar do chliaint an Bhoird.”

Tá oifig Idirghabhála Teaghlaigh ag an mBord, chomh maith, i Loch Garman a athlonnaíodh le déanaí chuig áitreabh níos oiriúnaí ag Cearnóg Mhic Réamainn. Mar gheall go bhfuil an tIonad Dlí, an Oifig Idirghabhála Teaghlaigh agus an Teach Cúirte a athchóiríodh agus a osclaíodh go foirmiúil le déanaí, sách cóngarach dá chéile, tá deis mhaith ann do na hoifigí chun idirghníomhú agus réitigh a fheabhsú, go háirithe dóibh siúd atá thíos le fadhbanna teaghlaigh. Ta líonra d’ionaid dlí lánaimseartha agus seacht n-oifig idirghabhála dhéag atá lonnaithe ar fud na tíre ag an mBord um Chúnamh Dlíthiúil. D’oibrigh an Bord i Loch Garman ar feadh breis agus fiche bliain.

CRÍOCH

Breis Faisnéise: Donal Reddington Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideach
Ríomhphost: dxreddington@legalaidboard.ie
Guthán 087 1401017

Nótaí d’Eagarthóirí

Is é an Bord um Chúnamh Dlíthiúil (“an Bord”) an comhlacht reachtúil neamhspleách atá freagrach as cúnamh dlíthiúil sibhialta agus comhairle dlí a chur ar fáil do dhaoine ar acmhainn mheasartha, i gcomhréir le forálacha an Achta um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, 1995 (“an tAcht”).

Rinneadh Alt 54 den Acht a leasú leis an Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011 agus leag sin cúram breise ar an mBord seirbhís idirghabhála teaghlaigh a sholáthar.

Déantar seirbhísí dlí a sholáthar thar raon fairsing cúrsaí dlí shibhialta. Den chuid is mó, cuireann aturnaetha atá fostaithe ag an mBord comhairle dlí agus cúnamh dlíthiúil ar fáil trí líonra d’ionaid dlí. Soláthraíonn aturnaetha i gcleachtas príobháideach seirbhísí, chomh maith, atá fostaithe ag an mBord ar bhonn táille in aghaidh an cháis. Soláthraítear seirbhísí idirghabhála teaghlaigh ó ocht n-oifig lánaimseartha agus ó naoi n-oifig pháirtaimseartha.

Féadfaidh duine atá ag lorg seirbhísí dlí i gceist shibhialta iarratas a dhéanamh ar cheann ar bith d’ionaid dlí an Bhoird, agus an t-ábhar a lua dá lorgaítear comhairle agus/nó cúnamh dlí agus sonraí a thabhairt faoi ioncam agus aon acmhainní caipitil.

Lorgaíonn an Bord a chinntiú go ndéanfar coinne le haturnae a thairiscint do dhuine a cháilíonn i gcomhair cúnamh dlíthiúil sibhialta taobh istigh de thréimhse uasta ceithre mhí ón uair a dhéantar an t-iarratas a chur i gcrích nó go ndéanfar comhairle dlí a chur ar tairiscint dó/di níos luaithe mura féidir seirbhísí iomlána dlí a sholáthar laistigh de cheithre mhí.

I gcásanna áirithe, cuirtear seirbhís tosaíochta ar fáil. I measc shaghas na gcásanna a dtugtar tús áite dóibh, tá cásanna foréigean teaghlaigh, fuadach leanaí, cásanna a bhaineann le hiarratais ón Stáit chun leanaí a thógáil i gcúram agus cásanna lena mbaineann teorainneacha ama reachtúla atá ar tí dul in éag.

Bíonn sé ina choinníoll, i bhformhór na gcásanna, go n-íocann an t-iarratasóir ranníocaíocht airgeadais as na seirbhísí dlí a sholáthraíonn an Bord agus níl siad ‘saor in aisce’, dá bharr. Déantar an ranníocaíocht um chomhairle dlí a mheasúnú bunaithe ar ioncam indiúscartha an iarratasóra, i.e. ioncam tar éis asbhaintí áirithe. Déantar an ranníocaíocht um chúnamh dlíthiúil a mheasúnú bunaithe ar ioncam indiúscartha agus ar chaipiteal indiúscartha an iarratasóra. Is é an ranníocaíocht is lú ná €30 ar chomhairle dlí agus €130 ar chúnamh dlí.

Féadtar tarscaoileadh na ranníocaíochta a dheonú faoi chúinsí áirithe. Ón 1 Eanáir 2018 ar aghaidh, níl aon ranníocaíocht le híoc maidir le cásanna foréigean baile.

Féadtar duine a dteastaíonn uaidh/uaithi go gcuirtear idirghabháil ar fáil chun cabhrú le fadhb theaghlaigh a réiteach iarratas a dhéanamh ar aon chinn d’oifigí idirghabhála teaghlaigh an Bhoird. Ní mór don dara páirtí teagmháil a dhéanamh leis an oifig chéanna, freisin, lena dheimhniú go bhfuil spéis aige/aici chun freastal ar idirghabháil. Ní ghearrtar aon táille ar an tseirbhís agus tá an tseirbhís ar fáil do gach duine gan aird ar ioncam / acmhainní airgeadais. Chomh maith leis sin, cuirtear seirbhísí idirghabhála teaghlaigh ar fáil i dtithe cúirte áirithe i gcomhar le suíonna dlí teaghlaigh.