Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Ceisteanna Coitianta

Is é atá i gceist le comhairle dlí ná go gcuirimid comhairle ar dhuine maidir le fadhb éigin. Chomh maith leis sin, féadaimid litreacha a scríobh nó dul i mbun idirbheartaíochta ar a son chun díospóid a réiteach go cairdiúil. Mura féidir linn an díospóid a réiteach agus más gá dóibh dul os comhair na cúirte, soláthraíonn cúnamh dlí ionadaíocht dóibh sa Chúirt. Féadaimid cúnamh dlí a chur ar fáil i ngach ceann de na cúirteanna sibhialta, ach ní féidir linn cúnamh dlí a chur ar fáil in aon bhinse riaracháin ach amháin i gcás Binse Achomhairc do Dhídeanaithe.

Chun cúnamh dlíthiúil sibhialta agus comhairle dlí sibhialta a fháil ní mór ioncam bliantúil is lú ná €18,000 a bheith agat i ndiaidh dúinn na liúntais a bhaint de. Ní mór sócmhainní indiúscartha is lú ná €100,000 a bheith agat. Tabharfaimid liúntais áirithe duit de réir d'ollioncaim agus d'ollchaipitil féin, agus ní chuirfimid an teach a bhfuil cónaí ort ann san áireamh agus na sócmhainní caipitil atá agat a ríomh.  Más gá duit dul chun na Cúirte scrúdfaimid tuillteanais an cháis chomh maith

De ghnáth, ní bhíonn cúnamh agus comhairle dlí sibhialta saor in aisce. Beidh ort íocaíocht ar a dtugtar ranníocaíocht a dhéanamh nuair a bhuaileann tú leis an dlíodóir don chéad uair. Beidh ort íocaíocht eile a dhéanamh má táimid sásta ionadaíocht a dhéanamh ort sa Chúirt. Níl ann ach líon beag cásanna nach mbaineann ranníocaíocht leo.

Uaireanta, ag deireadh an cháis, b’fhéidir go mbeidh ort costais do chúnamh dlí a íoc ar ais má fhaigheann tú, nó má choimeádann tú, airgead nó réadmhaoin mar thoradh ar do chás.

Más gá duit dul chun na Cúirte, déanfaimid tuillteanais an cháis a mheas sula dtabharfaimid cead d'aturnae nó d'abhcóide uiríll a dhéanamh ar do shon sa Chúirt.

Tugaimid san áireamh an mbeidh gnáthdhuine (nach duine saibhir é/í) toilteanach dul chun na Cúirte dá mbeadh sé/sí ag íoc as a c(h)uid airgid féin, agus ar mholfadh aturnae duit dul chun na Cúirte, más eol dó/di go raibh tú ag íoc as tú féin. Is é atá i gceist ná go mbeifeá sa chás céanna agus a bheadh duine a bheadh air/uirthi smaoineamh ar an gcostas a bhainfeadh le dul chun na Cúirte dá mbeadh sé/sí ag íoc as é/í féin.

D'fhéadfaimis cúinsí eile a scrúdú chomh maith amhail:

  • An bhfuil cúiseanna agat chun an cás a thabhairt, nó chun cur in aghaidh an cás a thug duine eile i do leith?
  • An é an bealach is fearr chun d'aighneas a réiteach?
  • An mó seans a bheidh ann go mbuafaidh tú do chás?
  • An costas ar an gcáiníocóir in aghaidh an tairbhe a fhéadfaidh tú a bhaint as má bhuann tú.

Nuair atá leas linbh i gceist - mar shampla, i gcásanna ina bhfuil an Stát ag iarraidh an leanbh a chur faoi chúram an stáit, nó aighneas faoi cé leis coimeád linbh - ní chuirfimid san áireamh an mó seans a bheidh ann go mbuafaidh tú an cás nó nach mbuafaidh ná anailís costais is tairbhe.

Pléifidh d'aturnae an tástáil tuillteanais leat, más gá duit dul chun na Cúirte.

Ar fud na tíre, is linn 30 oifig, ar a dtugtar ionaid dlí, inar féidir iarratas a dhéanamh ar chúnamh agus comhairle dlí sibhialta. I ndiaidh do dhuine iarratas a dhéanamh, seans go mbeidh orthu fanacht le haghaidh coinne. Más rud é go gcloisfear do chás sa Chúirt Dúiche a bhíonn ag suí ag Teach Dolphin, Sráid Essex Thoir, Baile Átha Cliath 2, féadann tú iarratas ar chúnamh dlí a dhéanamh in ár n-oifig ansin.

Is féidir an fhoirm iarratais a íoslódáil anseo agus í a chur ar ais chuig aon cheann d’ár ionaid dlí. Is ann d’fhoirm iarratais difriúil más maith leat cur isteach ar chúnamh agus comhairle dlí chun cabhair a fháil iarratas ar thearmann a dhéanamh.

Más rud é go bhfuil cónaí ort i mballstáit eile den AE (Tuaisceart Éireann san áireamh) agus gur mhaith leat iarratas a dhéanamh ar chúnamh dlí sibhialta in Éirinn, ní mór foirm iarratais an AE ar chúnamh dlí a chomhlánú.

Má tá bunús práinneach le do chás, is féidir coinne luath a eagrú duit. Tugann an Bord tosaíocht do chásanna áirithe. Ina measc bíonn cásanna a bhaineann le: 

  • fuadach linbh, isteach agus amach as Éirinn;
  • cúram leanaí;
  • foréigean baile;
  • teorannacha ama reachtúla, nuair a thiocfaidh deireadh leis an am chun imeachtaí a eisiúint;
  • cásanna d'éigniú /ionsaí ghnéasach nuair atá an stair ghnéasach á hardú i gcás coiriúil; agus
  • cásanna ina bhféadfadh céile amháin iarracht a dhéanamh imeachtaí pósta a chur ar siúl i dtír eile.  Déarfaidh d'ionad dlí áitiúil leat má ta cás agat a gheobhadh seirbhís tosaíochta ón mBord.

Ní bhaineann cúnamh dlí sibhialta más rud é go ndéantar cúiseamh i leith an iarratasóra maidir le cion coiriúil. Más rud é go gcuirtear coir i leith an iarratasóra, ba chóir dó labhairt le dlíodóir i gcleachtas príobháideach nó cúnamh dlí a iarraidh ar an mbreitheamh ar an gcéad lá a bheidh an cás os comhair na cúirte.

Ar fud na tíre, is linn 30 oifig, ar a dtugtar ionaid dlí, inar féidir iarratas a dhéanamh ar chúnamh agus comhairle dlí sibhialta. I ndiaidh do dhuine iarratas a dhéanamh, seans go mbeidh orthu fanacht le haghaidh coinne. Más rud é go gcloisfear do chás sa Chúirt Dúiche a bhíonn ag suí ag Teach Dolphin, Sráid Essex Thoir, Baile Átha Cliath 2, féadann tú iarratas ar chúnamh dlí a dhéanamh in ár n-oifig ansin.

Is ann do chúrsaí áirithe sibhialta nach féidir linn cúnamh dlí a sholáthar ina dtaobh, mar shampla: clúmhilleadh (ar a dtugtaí leabhal agus béadchaint tráth); an chuid is mó de dhíospóidí a bhaineann le réadmhaoin; agus iarratais ar cheadúnú alcóil. Taobh amuigh de sin fiú, is ann d’eisceachtaí eile. Má tá duine neamhchinnte go dtiocfar fadhb éigin faoi scáth cúnamh dlí sibhialta, is féidir leis a chúram a phlé le ball éigin foirne in aon cheann d’ár ionaid dlí.

Má tá cónaí ort i mballstát eile an Aontais Eorpaigh (lena n-áirítear Tuaisceart Éireann, seachas an Danmhairg) agus ba mhaith leat iarratas a dhéanamh ar chúnamh dlí in Éirinn, ba cheart duit an fhoirm iarratais ar chúnamh dlíthiúil AE a líonadh amach.

Féadfaidh tú an fhoirm iarratais a chur ar ais chuig an údarás um chúnamh dlíthiúil i do thír dhúchais féin nó chugainn. Déanfaimid an cinneadh cibé an bhfaighidh tú nó nach bhfaighidh tú cúnamh dlíthiúil in Éirinn - is é an t-aon rud a dhéanfaidh an t-údarás dlíthiúil i do thír dhúchais féin ná an fhoirm a chur chugainn.

Féadfaidh cinneadh ar bith a ghlacaimid a athbhreithniú agus/nó achomharc a dhéanamh ina choinne. Tugann sé seo an deis duit go ndéanfar athbhreithniú ar d'iarratas i bhfianaise eolas nua, nó achomhairc i gcoinne an cinneadh tosaigh a dhéanamh chun coiste achomhairc de chuid an Bhoird.

Ciallaíonn athbhreithniú go bhféadfaidh tú nó d'aturnae eolas breise a chur chugainn agus a iarradh orainn athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh a ghlacamar. Is é cuspóir an athbhreithnithe ná deis a thabhairt dúinn athscrúdú a dhéanamh – agus más cuí an cinneadh a glacadh a bhfuil ina chúis leis an diúltú a fhreaschur - i bhfianaise an eolais nua atá á chur isteach.

Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh ar bith, lena n-áirítear aon chinneadh a rinneadh i ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an mbunchinneadh. Déanfaidh coiste achomhairc ina bhfuil cathaoirleach agus ceithre ghnáthbhaill de bhord an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil ann nach mór beirt acu siúd a bheith ina n-aturnaetha nó abhcóidí atá ag cleachtadh a ngairme d’achomarc a mheas. Ní bheidh baill den choiste achomhairc ina mbaill dár bhfoireann.

Is cinneadh críochnaitheach é cinneadh an choiste achomhairc.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil anseo.

Tá roinnt leabhráin eolais foilsithe ag an mBord, a bhaineann le réitigh ar fhadhbanna dlí teaghlaigh go háirithe. Tá na bileoga seo ar fáil i Rannóg an Phreasa agus na bhFoilseachán, ar an suíomh idirlín seo.

Is féidir, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

  • Ní bheifeá in ann iasacht a fháil chun é a íoc in áit eile;
  • Bheadh anró i gceist dá mbeadh ort é ar fad a íoc; agus
  • Bheadh sé míréasúnta againn dá n-iarrfaimis ort é a íoc ar fad ag an am céanna.

Má tá sé de chead agat é a íoc ina thráthchodanna beidh ort an t-iomlán a íoc laistigh de dhá mhí dhéag. Ní bheidh cead ag d'aturnae na páipéir a chomhdú a chuireann tús le caingean chúirte (seachas i gcás na Cúirte Dúiche) nó a mhíníonn don duine atá ag tabhairt cás i d'éadan cén chosaint atá agat, sula n-íocann tú an méid iomlán. Má chuireann tú stop leis na híocaíochtaí linn, féadfaidh nach mbeidh cead ag d'aturnae obair ar do shon a thuilleadh.

Braitheann sé seo ar rudaí éagsúla, cosúil le huimhir na ndaoine a chuir iarratas isteach romhat chuig an ionad dlí céanna agus atá ag fanacht ar choinne go fóill. Tá an Bord tiomanta le cinntiú nach mbíonn aon duine ag fanacht ar feadh tréimhse os cionn ceithre mhí ón dáta ar chuir sé/sí a (h)iarratas iomlán isteach. Más dóigh leis an mBord gur tosaíocht é an t-ábhar a bhfuil comhairle nó cúnamh dlíthiúil uait ina leith, tabharfar coinne duit láithreach, nó go rí-thapa.

Tuilleadh eolais anseo.

Mura bhfuil tú sásta le seirbhísí an dlíodóra ón ionad dlí áitiúil, ba cheart duit gearán a dhéanamh le dlíodóir bainistíochta an ionaid. Má tá tú míshásta go fóill, ba cheart duit an gearán a dhéanamh i scríbhinn. Má tá gearán agat i gcoinne an dlíodóra bainistíochta, ba cheart duit gearán scríofa a chur chuig An Stiúrthóir um Chúnamh Dlíthiúil ag Ceannoifig an Bhoird ag Sráid an Chalaidh, Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí V23 RD36.

Mura bhfuil tú sásta le seirbhísí do dhlíodóra phríobháidigh, ar cuireadh do chás ar aghaidh chuige/chuici, ba cheart duit gearán scríofa a chur chuig Ionad na gCleachtóirí Príobháideacha, An Bord um Chúnamh Dlíthiúil, Cúirt Montague, Baile Átha Cliath 2. D’fhéadfá a iarradh go gcuirfí aon ghearán ar aghaidh go dtí Oifigeach Idirchaidrimh Custaiméirí an Bhoird sa Cheannoifig chomh maith. Déanfar gach iarracht chun an gearán a leigheas. Tá eolais foilsithe ag an mBord ar ár Chúram Custaiméirí agus ar Nós Imeachta na nGearán.