Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Eolas do Pháistí

An féidir liom iarratas a dhéanamh ar chomhairle/chúnamh dlí?

Go ginearálta, ba chóir do dhaoine fásta iarratas a dhéanamh ar chúnamh dlí ach bíonn imthosca ann ina nglacann an Bord le hiarratas ó leanbh a bhfuil leibhéal leordhóthanach aibíochta aige nó aici.

Cén comhairle dlí is féidir liom a fháil má táim faoi chúram faoi láthair nó má dhéantar iarratas mé a chur faoi chúram?

Tá sé de dhualgas ar an gcúirt do thuairimí agus do dhearcaí a bhreithniú agus má mheasann an breitheamh i do chás go bhfuil sé cuí, is féidir leis aturnae a cheapadh chun ionadaíocht a dhéanamh ar do shon in éisteachtaí poiblí dlí leanaí. Níl aturnaetha ón mBord um Chúnamh Dlíthiúil ar fáil lena gceapadh sna cásanna seo.

Leanaí in Idirghabháil

Is Seirbhís leanbhlárnach í an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh a leagann béim láidir ar fholláine an linbh/leanaí atá sáite in idirscaradh agus Colscaradh.

Cinntíonn an Idirghabhálaí go dtugtar “Guth an Linbh” isteach sa phóiseas idirghábhála. Is féidir é sin a dhéanamh go díreach, go hindíreach nó trí Sheisiún Teaghlaigh ag brath ar na cúinsí teaghlaigh.  Is féidir féachaint ar an bhfíseán ach cliceáil ar an nasc seo agus aimsigh Oifig Idirghabhála anseo.

An bhfuil aon chomhairle ann dom má tá mo thuismitheoirí ag dul trí Scaradh nó Colscaradh?

D’fhéadfadh na naisc seo a leanas a bheith úsáideach duit toisc go bhfuil siad tiomanta go speisialta comhairle agus tacaíocht a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga lena n-áirítear dóibh siúd a bhfuil a dtuismitheoirí ag dul trí scaradh nó colscaradh. Ní thugann an Bord um Chúnamh Dlíthiúil formhuiniú do na láithreáin seo nó an t-eolas atá iontu.

http://rainbowsireland.com

http://teenbetween.ie

http://separationsupport.ie

Láithreán fhíseán na Seirbhíse Cúirteanna

https://www.childline.ie/