Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Leanaí agus an Dlí Teaghlaigh

Ní rud deas é dul chun cúirte agus ba cheart é a mheas mar rogha an díogha go háirithe chomh fada is a bhaineann sé le leanaí. D’fhéadfadh sé an caidreamh le tuismitheoir eile an linbh a dhéanamh níos measa agus dá bharr sin d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar do leanbh. 

Is fearr tríd is tríd, ar an gcéad dul síos, freastal ar chomhairleoireacht caidrimh nó ar idirghabháil teaghlaigh, chun cúnamh a fháil teacht ar réiteach a bheadh inghlactha don dá pháirtí. Tá sonraí ar an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh arna maoiniú ag an Stát anseo.

Pléitear roinnt saincheisteanna dlí lena mbaineann leanaí thíos:

Caomhnóireacht

Is éard is caomhnóireacht ann ná an chomhbhaint dhlíthiúil idir tuismitheoirí agus a leanbh.

Áirítear le Caomhnóireacht:

  • An dualgas maidir le haire cheart a thabhairt do leanbh agus é nó í a chothabháil agus
  • an ceart maidir le cinntí a dhéanamh faoi oideachas, faoi cleachtadh reiligiúin, faoi shláinte agus faoi leas ginearálta an linbh.

    Cé chomh fada a bhíonn caomhnóir de dhíth ar leanbh?

    Bíonn caomhnóireacht de dhíth ar leanbh go dtí go mbíonn ocht mbliana déag sroichte aige nó aici. D’fhéadfadh caomhnóir a bheith de dhíth ar feadh tréimhse éiginnte ó dhuine atá ocht mbliana déag agus atá faoi mhíchumas fisiceach nó meabhrach sa mhéid is nach féidir go réasúnach leis an duine é nó í féin a chothabháil.

    Cé hé/hí caomhnóir an linbh?

    Tá lánúin phósta mar chaomhnóirí le chéile ag an leanbh, agus tarlaíonn sé sin go nádúrtha.

    Cé hé/hí an caomhnóir, mura bhfuil máthair an linbh pósta?

    Is í an mháthair, nach bhfuil pósta le hathair a linbh, caomhnóir nádúrtha an linbh.

    An caomhnóir é an t-athair, mura bhfuil sé pósta le máthair an linbh?

    Ní caomhnóir nádúrtha den leanbh é an t-athair, nach bhfuil pósta le máthair an linbh.

    Conas is féidir le hathair neamhphósta stádas caomhnóra a bhaint amach?

    D’fhéadfadh an mháthair a toil a thabhairt go gceapfaí an t-athair mar chaomhnóir agus d’fhéadfadh an dá pháirtí dearbhú a ghlacadh faoi mhionn ina thaobh sin nó d’fhéadfadh an t-athair neamhphósta iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt, le toiliú na máthar nó dá uireasa, go ndéanfaí é a cheapadh mar chomhchaomhnóir in éineacht leis an máthair.

    An féidir le daoine eile a bheith ina gcaomhnóirí?

    Is féidir, féadfar caomhnóirí eile a cheapadh faoi uacht tuismitheora nó trí ordú cúirte ach amháin i dtosca áirithe teoranta.

    Coimeád

    Is éard is brí leis an téarma ‘coimeád’ i gcoitinne cúram agus rialú fisiceach an linbh ó lá go lá.

    Cé atá freagrach as coimeád linbh?

    Tá lánúin phósta atá ina gcónaí le chéile mar chaomhnóirí le chéile ag an leanbh, agus tarlaíonn sé sin go nádúrtha.

    Sa chás go scarann lánúineacha pósta nó go bhfaigheann siad colscaradh, ní mór cinntí a dhéanamh maidir le socruithe cónaithe an linbh.

    Mura bhfuil tuismitheoirí an linbh pósta, cé aige a bhfuil coimeád an linbh?

    Bíonn coimeád aonair, go nádúrtha, ag máthair nach bhfuil pósta le hathair a linbh.

    Féadfaidh athair nach bhfuil pósta le máthair a linbh iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt go gceapfaí é mar chaomhnóir de chuid an linbh agus ina theannta sin féadfaidh sé iarratas a chur isteach ar choimeád (cúram an linbh ó lá go lá). 

    An féidir coimeád a bheith ag daoine eile ar an leanbh?

    D'fhéadfadh nach mbeadh leanbh i gcoimeád ceachtar tuismitheora, mar shampla, sa chás ina bhfuil seanathair nó seanmháthair nó gaol leis an leanbh ag tógáil an linbh nó go bhfuil an leanbh faoi chúram Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

    Rochtain

    Is éard is brí i gcoitinne leis an téarma ‘rochtain’ an teagmháil idir leanbh agus an tuismitheoir nach gcónaíonn an leanbh sin leis nó léi de ghnáth. Féadfaidh tuismitheoir nach bhfuil coimeád aige/aici ar leanbh iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt le haghaidh rochtana murar féidir socruithe a chomhaontú. Féadfaidh seanathair nó seanmháthair nó gaolta eile iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt le haghaidh rochtana d’ainneoin go bhfuil faomhadh na cúirte de dhíth orthu roimh ré chun iarratas a dhéanamh. Féadfaidh rochtain a bheith ina rochtain fhisiceach, is é sin go bhfeiceann leanbh an tuismitheoir eile i bpearsa, nó d’fhéadfadh litir, glao teileafóin nó foirm eile cumarsáide leictreonaí a bheith i gceist.

    Sa chás go bhfuil an leanbh faoi chúram Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, féadfaidh tuismitheoirí agus daoine áirithe eile iarratas a dhéanamh ar rochtain murar féidir socruithe cuí a chomhaontú le FSS.

    Imeachtaí a bhaineann le leanaí

    Tugtar tús áite do leas an linbh in imeachtaí dlí teaghlaigh a bhaineann le leanbh.

    Leanaí a chothabháil 

    Is éard is cothabháil ann ná tacaíocht airgeadais a íocann duine chun sochair an linbh.

    Cé atá freagrach as leanaí a chothabháil?

    Tá dualgas ar an mbeirt thuismitheoirí, bídís pósta nó scaoile, a gcuid leanaí cleithiúnacha a chothabháil. Is ionann leanbh cleithiúnach agus leanbh:

    • atá faoi bhun ocht mbliana déag d'aois 
    • atá faoi bhun trí bliana fichead agus in oideachas lánaimseartha; nó 
    • atá i gcleithiúnas ar a t(h)uismitheoirí de bharr míchumais.

    Cén duine, seachas tuismitheoirí, ar féidir leis/léi iarratas a dhéanamh le haghaidh leanbh a chothabháil?

    In imthosca áirithe, féadfaidh duine eile seachas tuismitheoir iarratas a dhéanamh ar chothabháil do leanbh, mar shampla, oibrí sóisialta nó gaol atá ag tabhairt aire don leanbh.

    Oidhreacht agus leanaí

    An bhfuil ceart ar bith ag leanaí sciar a fháil in eastát a dtuismitheoirí éagtha?

    Sa chás go bhfaigheann tuismitheoir bás agus uacht bhailí déanta aige nó aici ní bhíonn ceart uathoibríoch ag leanbh sciar a bheith aige nó aici in eastát a t(h)uismitheora. Féadfaidh cúirt sciar d'eastát an tuismitheora a dheonú ar leanbh, áfach, sa chás ina gcinneann sí maidir leis an tuismitheoir "gur loic sé ina dhualgas morálta soláthar cuí a dhéanamh don leanbh de réir a acmhainne." Ní mór iarratas den chineál sin a dhéanamh sa Chúirt laistigh de shé mhí ó dháta an Deonaithe Probháide.

    Is é atá i gceist le Deonú Probháide nuair a bhíonn Uacht déanta agus nuair a dhéanann an Seiceadóir (an duine atá freagrach as téarmaí na hUachta a thabhairt chun críche) nó an tAturnae atá ag obair thar ceann an tSeiceadóra iarratas don Oifig Phrobháide le haghaidh deonú probháide. Beifear ábalta eastát (sócmhainní) an éagaigh a dháileadh de réir a (h)uachta.

    Ní gá do leanbh a dhéanann iarratas den chineál sin a bheith faoi bhun ocht mbliana déag d'aois ná a bheith i gcleithiúnas ar an tuismitheoir ó thaobh airgid de.

    An bhfuil ceart oidhreachta ar bith ag leanaí tuismitheoirí neamhphósta?

    Tá na cearta oidhreachta céanna ag leanaí tuismitheoirí neamhphósta agus atá ag leanaí tuismitheoirí pósta. 

    An bhfuil ceart oidhreachta ar bith ag uchtleanaí?

    Tá an ceart ag uchtleanaí teacht in oidhreacht ar a dtuismitheoirí uchtála faoi mar atá ag leanaí eile.

    Leanaí faoi chúram

    Cad a dhéantar le hOrdú Cúraim?

    Cuireann ordú cúraim leanbh faoi chúram FSS.

    Má tá an tOrdú cúraim i bhfeidhm, cad iad na cinntí a cheadaítear do FSS a dhéanamh?

    Féadfaidh FSS cinntí a dhéanamh faoin tslí is fearr freastal ar leasa an linbh, mar shampla, féadfaidh sé a chinneadh an leanbh a chur faoi chúram tuismitheoirí altramais nó faoi chúram cónaitheach.

    Cé chomh fada is a mhaireann Ordú Cúraim?

    Féadfar Ordú Cúraim a dhéanamh ar feadh na tréimhse ina mbeidh an leanbh fós ina leanbh, i. suas go dtí an oíche roimh breithlá ocht mbliana déag an linbh nó ar feadh tréimhse níos gaire faoi mar a chomhaontaítear nó mar atá cuí i dtuairim cúirte. Is féidir iarratais a dhéanamh chun orduithe a athnuachan. 

    Conas is féidir Ordú Cúraim a dhéanamh?

    Féadfaidh tuismitheoirí a leanbh a chur faoi chúram FSS go deonach. Tá an oibleagáid ar FSS iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche le haghaidh ordú cúraim sa chás gurb é a tuairim go bhfuil cúram nach gcuirfear ar fáil ar bhealach eile de dhíth ar leanbh.

    Cathain is féidir leis an gCúirt Dúiche Ordú Cúraim a dhéanamh?

    Féadfaidh an Chúirt Dúiche ordú cúraim a dhéanamh sa chás gur deimhin léi gur tharla an méid seo a leanas don leanbh nó go bhfuil sé ag tarlú:

    • ionsaí,
    • drochíde, 
    • faillí, 
    • mí-úsáid ghnéasach nó,
    • tá sláinte, forbairt nó leas an linbh á lagú nó faillí á déanamh orthu d’aineoinn gur féidir é sin a sheachaint, nó tá cúram nó cosaint nach dóigh go bhfaigheadh sé nó sí mura ndéanfar ordú, de dhíth air nó uirthi.

    Cad is Ordú Maoirseachta ann?

    Sa chás ina bhfuil imní ar FSS faoi leanbh, ach nach measann sé go mba chuí Ordú Cúraim a lorg, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh ar ordú maoirseachta. Tugtar cead leis sin d'oifigigh FSS cuairt a thabhairt ar an leanbh agus comhairle a chur ar thuismitheoir(í) an linbh maidir le cúram a thabhairt don leanbh.

    Coimircíocht

    Féadfar imeachtaí coimircíochta a thionscnamh, mar shampla, sa chás ina bhfuil duine, nach tuismitheoir an linbh é nó í, ag lorg choimeád an linbh.

    Cad a tharlaíonn sa chás ina ndéantar Coimircí Cúirte de leanbh?

    Sa chás ina ndéantar coimircí cúirte de leanbh, aistreofar an fhreagracht i leith gach ábhar a bhaineann le tógáil agus leas an linbh chuig an gcúirt. 

    Cad iad na cinntí is féidir leis an gcúirt a dhéanamh i leith an linbh?

    Déanfaidh an chúirt cinneadh ar ábhair lena n-áirítear an fhreagracht as cúram agus coimeád an linbh, aon mhaoin atá faoi úinéireacht an linbh a bhainistiú, agus uaireanta an leibhéal teagmhála is ceart do thuismitheoirí an linbh a bheith acu leis an leanbh.

    Uchtú

    Is próiseas é an t-uchtú ina gcuirtear deireadh leis an gcomhbhaint dhlíthiúil idir leanbh agus a t(h)uismitheoirí nádúrtha agus go mbíonn comhbhaint tuismitheora / linbh idir an leanbh agus na tuismitheoirí uchtála ina hionad.

    Féadfaidh Údarás Uchtála na hÉireann ordú uchtála a dhéanamh maidir le:-

    • leanbh ar dílleachta é nó í; 
    • leanbh nach bhfuil a t(h)uismitheoirí pósta lena chéile; nó
    • leanbh as pósadh a tréigeadh.

    Cé hiad na daoine ar cheart dóibh a dtoiliú a thabhairt d’ordú uchtála? 

    Bíonn toiliú ó gach duine atá ina t(h)uismitheoir nó ina c(h)aomhnóir ar an leanbh, nó
    ó dhuine a bhfuil ceannas nó rialú aige/aici ar an leanbh, riachtanach de ghnáth le haghaidh;

    • socrúchán uchtála a dhéanamh le haghaidh linbh, agus
    • ordú uchtála a dhéanamh don leanbh

    An tAthair

    Sa chás gurb é athair nádúrtha an linbh caomhnóir an linbh, nó go bhfuil cúram nó rialú an linbh aige, éilítear a thoiliú chomh maith. Éilítear ar an mBord Uchtála iarrachtaí a dhéanamh dul i gcomhairle leis an athair nádúrtha sa chás nach caomhnóir é.

    An Mháthair

    Ní mór do mháthair ar mian léi go ndéanfaí a leanbh a uchtú toiliú ar dtús go ndéanfarsocrúchán uchtála i leith an linbh. Tráth níos déanaí, éileofar toiliú maidir le hordúuchtála a dhéanamh. 

    Cad a tharlaíonn má thugann an mháthair toiliú i dtús báire go ndéanfaí socrúchán uchtála i leith an linbh ach go ndéanann sí a hintinn a athrú ina dhiaidh?

    Sa chás ina dtugann máthair an chéad toiliú agus go dteastaíonn uaithi a leanbh a fháil ar ais ina dhiaidh sin, féadfaidh an chúirt an gá lena dara toiliú a ligean ar ceal má mheasann an chúirt gurb é leas an linbh é sin a dhéanamh.

    An bhfuil uchtú ón iasacht bailí sa tír seo?

    Le go mbeadh uchtú ó thar lear bailí in Éirinn, ní mór gach ceanglas a bhaineann le huchtú Éireannach a chomhlíonadh mar aon le dlíthe na tíre thar lear.

    Altramas

    Is éard is altramas ann go ndéanann FSS leanbh a chur faoi chúram duine eile seachas máthair nó athair an linbh de réir reachtaíochta.

    An bhféadfaidh tuismitheoirí rochtain a fháil ar leanbh altrama? 

    Déanann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte socruithe, nuair is iomchuí, freisin le haghaidh rochtain a bheith ag tuismitheoir(í) nádúrtha an linbh ar an leanbh. Faoi mar atá luaite thuas, mura bhfuil tuismitheoirí sásta leis an rochtain a bhíonn á cur ar fáil d’fhéadfaidís iarratas a chur chuig an gcúirt le haghaidh ordú rochtana.

    Fuadach Leanaí

    Is éard is fuadach linbh ann ná tuismitheoir ag aistriú linbh ó thír amháin go tír eile gan toiliú an tuismitheora eile nó de shárú ordaithe cúirte.

    Is páirtí í Éire do Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta lena bhforáiltear do chomhoibriú idir tíortha maidir le fuadach leanaí. Ciallaíonn sé sin, i gcoitinne, sa chás ina ndéantar leanbh a fhuadach chuig tír Choinbhinsiúin, go n-aistreofar an leanbh ar ais chuig an tír ina bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi agus go ndéileálfaidh na cúirteanna sa tír sin le haon díospóid faoi choimeád nó faoi rochtain.

    I dtosca áirithe, déanfaidh an Chúirt ordú um aistriú ar ais. Féadfaidh sé sin tarlú sa chás 

    • go bhfaigheann an chúirt amach gur tugadh an leanbh thar lear i gcomhaontú leis an tuismitheoir eile. 
    • i gcásanna eisceachtúla má tá an chúirt cinnte go bhfuil riosca mór ann do shláinte fhisiceach nó shíceolaíoch an linbh 
    • ina theannta sin i gcásanna eisceachtúla, d’fhéadfadh an Chúirt toil leanaí a chuireann in iúl nach dteastaíonn uathu go dtabharfaí ar ais iad a thabhairt san áireamh.

    An Cheannoifig:

    An Bord um Chúnamh Dlíthiúil, 
    Sráid an Chalaidh,
    Cathair Saidhbhín,
    Co. Chiarraí. 
    Teil: (066) 947 1000 
    Facs: (066) 947 1035
    Uimh. Íosghlao 1890 615 2000