Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Idirscaradh

Tabhair faoi deara: Pléitear go príomha sa bhileog seo le lánúineacha pósta ar mian leo idirscaradh. Má tá cónaí oraibh i bhfochair a chéile, féach  Cearta Comhchónaitheoirí.

Cé atá in ann cabhrú liom má tá mo phósadh i dtrioblóid?

Cuireann roinnt eagraíochtaí comhairleoireacht ar fáil do phóstaí atá i dtrioblóid agus é mar chuspóir acu cabhrú le lánúineacha na deacrachtaí eatarthu a réiteach. Cuirtear sonraí ar fáil sa bhileog seo.

Shocraíomar idirscaradh, cé atá in ann cabhrú linn?

Tá cúpla rogha agaibh. Is féidir le hidirghabhálaí oilte cabhrú le lánúin a bhfuil sé beartaithe acu idirscaradh óna chéile agus atá ag iarraidh téarmaí an idirscartha a idirbheartú gan baint a bheith ag dlíodóirí leis an scéal. Tá Seirbhís Idirghabhála Teaghlaigh ann a fhaigheann maoiniú ón Stát, agus atá saor in aisce. Tá go leor idirghabhálaithe oilte ann freisin a dhéanfaidh idirghabháil go príobháideach, ach táille a íoc leo. Tá sonraí maidir le seirbhísí idirghabhála áitiúla ar fáil ó ionaid dlí.
Cé go bhfuil idirghabhálaí in ann cabhrú leat comhaontú a chur i dtoll a chéile, ní bheidh ceangal dlí ag gabháil leis an gcomhaontú sin. Is féidir leat dul i dteagmháil le haturnae le go mbeidh ceangal dlí ag gabháil leis. 

Cad is comhaontú idirscartha ann?

Is éard is comhaontú idirscartha ann ná conradh scríofa, a bhfuil ceangal dlí ag gabháil leis, idir fear céile agus bean chéile ina leagtar amach a gcearta agus a ndualgas don todhchaí. Tugtar Gníomhas Idirscartha ar a leithéid de chomhaontú freisin. Áirítear roinnt téarmaí sa chomhaontú sin, iad seo a leanas ina measc:

  • comhaontú gan maireachtáil le chéile agus gan cur isteach ar a chéile ná cur as dá chéile;
  • socruithe maidir le freagracht as leanaí cleithiúnacha agus a gcúram, lena n-áirítear,
  • an méid teagmhála a bheidh ag gach céile leis na leanaí;
  • an méid cothabhála a íocfar chun tacú leis an gcéile cleithiúnach agus leis na leanaí, agus na tráthanna agus na slite a n-íocfar an chothabháil;
  • socruithe maidir le cé a bheidh ina (h)úinéir ar áras an teaghlaigh agus cé a bheidh ina c(h)ónaí ann;
  • socruithe maidir le cé a bheidh ina (h)úinéir ar réadmhaoin ar bith eile;
  • socruithe maidir le cé a íocfaidh aon mhorgáiste atá ann; agus 
  • socruithe maidir le comharbas agus oidhreacht. 

D’fhéadfadh sé go mbeadh comhaontú san áireamh leis seo “scair mar cheart dlíthiúil” céile d’eastát an chéile eile a thréigean ar bhás dó/di.

Mar gheall nach bhfuil oibleagáid ar iontaobhaithe scéim phinsin téarma i gcomhaontú idirscartha lena n-athraítear cearta pinsin a onórú, is gá ordú cúirte a fháil chun aon teidlíochtaí pinsin a dhaingniú agus daoine ag idirscaradh.

    Ní chuireann téarmaí comhaontú idirscartha isteach ar phinsin leasa shóisialaigh. 

    Cad is féidir liom a dhéanamh más rud é nach n-aontaíonn mo chéile idirscaradh agus mura bhfuilimid in ann teacht ar chomhaontú idirscartha? 

    Féadann tú dul i dteagmháil le haturnae a bheidh in ann iarracht a dhéanamh comhaontú a idirbheartú ar do shon. Is féidir leis nó léi é seo a dhéanamh trí idirbheartaíocht a dhéanamh ar do shon go díreach le haturnae do chéile nó trí iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le do chéile agus a (h)aturnae ar bhonn comhoibríoch. Más rud é nach féidir réiteach a idirbheartú, féadfaidh d’aturnae iarratas a dhéanamh ar idirscaradh breithiúnach sa chúirt ar do shon. 

    Féadfar plé leis na hábhair is gá a réiteach agus páirtithe ag idirscaradh i gcomhaontuithe idirscartha agus in idirscaradh breithiúnach, lena n-áirítear socruithe maidir le leanaí, 
    forálacha airgeadais agus réadmhaoin a roinnt.

    Cad is idirscaradh breithiúnach ann?

    Mura féidir le céilí teacht ar chomhaontú maidir leis na coinníollacha d’idirscaradh nó mura bhfuil céile amháin ag iarraidh idirscaradh, féadfar iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt ar ordú maidir le hidirscaradh breithiúnach. 

    An dtugann idirscaradh breithiúnach ceart athphósta dom?

    Ní thugann idirscaradh ceart athphósta do chéilí. Tugann foraithne colscartha ceart athphósta do pháirtithe. Le haghaidh tuilleadh eolais féach ar Colscaradh. 

    An gá dom a bheidh idirscartha ó thaobh an dlí de chun colscaradh a fháil?

    Ní gá. Ní gá a bheith idirscartha ó thaobh an dlí de ach ní mór daoibh a bheith ag maireachtáil in bhur n-aonar ar feadh ceithre bliana ar a laghad sula mbeidh sibh in ann dul ar aghaidh le hiarratas ar cholscaradh. Le haghaidh tuilleadh eolais féach ar Colscaradh.

    Comhairle faoi chomhairleoireacht agus faoi idirghabháil

    Éilítear ar aturnae atá ag tabhairt comhairle do dhuine faoi idirscaradh breithiúnach comhairle a thabhairt faoin na nithe seo a leanas:- 

    • seirbhísí comhairleoireachta, chun cuidiú le teacht ar chomhréiteach; 
    • seirbhísí idirghabhála, chun cuidiú le céilí téarmaí an chomhaontaithe idirscartha a idirbheartú; agus 
    • an fhéidearthacht téarmaí a idirbheartú le haghaidh Comhaontaithe Idirscartha.

    Forais i gcomhair idirscaradh breithiúnach

    Féadfaidh cúirt foraithne maidir le hidirscaradh breithiúnach a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de na forais seo a leanas:-

    • adhaltranas;
    • iompar míréasúnach;
    • tréigean ar feadh tréimhse leanúnach bliana roimh thráth an iarratais; 
    • sa chás go bhfuil na páirtithe ag maireachtáil ina n-aonar ar feadh tréimhse leanúnach bliana roimh thráth an iarratais agus go dtoilíonn an bheirt chéile foraithne a dhéanamh;
    • sa chás go bhfuil na páirtithe ag maireachtáil ina n-aonar ar feadh tréimhse trí bliana, le toiliú an chéile eile nó dá uireasa; nó 
    • sa chás nach raibh gnáthchaidreamh pósta idir na céilí ar feadh bliain amháin ar a laghad.

    Orduithe breise

    Agus í ag déanamh foraithne maidir le hidirscaradh breithiúnach, féadfaidh an Chúirt orduithe breise a dhéanamh maidir le hábhair eile lena n-áirítear:-

    • socruithe coimeádta agus rochtana maidir le leanaí cleithiúnacha; (Le haghaidh tuilleadh eolais féach ar Leanaí agus an Dlí Teaghlaigh
    • foráil airgeadais don chéile cleithiúnach agus do na leanaí cleithiúnacha trí chothabháil arna híoc ag idirthréimhsí socraithe agus/nó trí chnapshuimeanna;
    • céile a eisiamh ó áras an teaghlaigh tríd an gceart maidir le cónaí in áras an teaghlaigh a thabhairt don chéile eile ar feadh a s(h)aoil nó ar feadh tréimhse socraithe; 
    • céile a urchosc ó áras an teaghlaigh tríd an gcéile sin a thoirmeasc ar dhul isteach ann agus ar fhoréigean a úsáid nó a bhagairt ar an gcéile eile agus / nó a gcuid leanaí.
    • gan céile a thoirmeasc ar dhul isteach sa teach, féadfaidh an chúirt ordú sábháilteachta a dhéanamh lena ndéanfar céile a thoirmeasc ó fhoréigean a úsáid nó a bhagairt ar an gcéile eile agus/nó a gcuid leanaí;
    • cúiteamh airgeadais lena ndéantar foráil i gcomhair slándáil airgeadais céile amach anseo trí pholasaithe árachais. Mar shampla, ceangal a chur ar cheachtar céile polasaí árachais saoil a thógáil amach, an leas i bpolasaí árachais atá ann cheana féin a shannadh agus/nó préimheanna ar pholasaí a íoc.
    • cúrsaí oidhreachta / comharbais sa chás ina bhféadfaí cearta cheachtar den bheirt chéile maidir le teacht in oidhreacht óna gcéile a chur ar ceal. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an chúirt in ann cinneadh a dhéanamh deireadh a chur le sciar duine de na céilí in eastát an duine eile. (Ciallaíonn eastát na sócmhainní atá i seilbh duine ag am a b(h)áis, mar shampla, réadmhaoin, sealúchais agus airgead tirim);
    • ní mór go mbeadh an chúirt cinnte go ndearnadh foráil cheart don chéile sula ndéanfaidh sí ordú den chineál seo. Mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt, áfach, féadfaidh céile iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt ar sciar d'eastát an chéile eile; 
    • Socruithe pinsin trína gcoigeartaítear teidlíochtaí pinsin cheachtar den bheirt chéile. Ní dhéanfaidh an chúirt ordú coigeartaithe pinsin, áfach, ach amháin mura bhfuil foráil cheart déanta, nó murar féidir í sin a dhéanamh, don chéile agus do na leanaí trí orduithe airgeadais eile a dhéanamh. Féadfaidh céile ordú den chineál sin a lorg chun a s(h)ochair féin nó chun sochair leanaí cleithiúnacha;
    • féadfar déileáil le nithe éigeandála / sealadacha roimh iarratas ar idirscaradh breithiúnach a éisteacht, mar shampla sa chás ina bhfuil céile amháin:ag tabhú fiacha a d’fhéadfadh áras an teaghlaigh nó réadmhaoin eile a chur i mbaol;
    • ag bagairt airgead a bhaint as cuntais bhainc nó íocaíocht iomarcaíochta / aisce / cúitimh / damáistí a bhfuil sé nó sí ar tí a fháil nó atá faighte aici le déanaí a chaitheamh nó a chur i bhfolach; nó
    • ag bagairt ábhair an tí nó sócmhainní eile teaghlaigh a thógáil as áras an teaghlaigh nó a dhíol.

    An Cheannoifig: 

    An Bord um Chúnamh Dlíthiúil, 
    Sráid an Chalaidh, 
    Cathair Saidhbhín, 
    Co. Chiarraí. 
    Teil: (066) 947 1000 
    Facs: (066) 947 1035
    Uimh. Íosghlao 1890 615 2000